Éirí Amach 1916
- Foilsithe: 19 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2018
- Aidhmeanna Éirí Amach 1916
- Rialtas Dúchais
- An Chéad Chogadh Domhanda
- Éirí Amach 1916
- Ina dhiaidh sin
- Iarmhairtí Polaitíochta
Aidhmeanna Éirí Amach 1916
Shamhlaigh fir agus mná Éirí Amach 1916 Éire nua a bheadh ina daonlathas náisiúnta; Éire, i bhfocail an Fhorógra, a ‘ráthaíonn … saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile, agus [a dhearbhaíonn] gurb é a rún séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn di, a comhchúram do chlainn uile an náisiúin.’ Chreid siad gur le neamhspleáchas amháin a d’fhéadfaí sin a bhaint amach.
Nuair a ghabh siad Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Luan Cásca, an 24 Aibreán 1916, d’fhógair ceannairí an Éirí Amach Poblacht na hÉireann a bheadh saor agus a mbeadh an chothromaíocht ina croíghné de. Dearbhaíonn an Forógra, a léigh Pádraig Mac Piarais ar dtús ar chéimeanna Ard-Oifig an Phoist díreach tar éis meán lae, cearta mhuintir ina hÉireann a bheith ceannasach. Bhíothas ag tnúth le Rialtas dúchais a bhunú a bheadh tofa ar phrionsabail dhaonlathacha an fhéinchinnidh agus rialú le toil. Chuir éirí amach 1916 tús le próiseas nach bhféadfaí a stopadh agus as ar lean Éire agus an Bhreatain Mhór a dheighilt óna chéile.
Caithfear breathnú ar imeachtaí 1916 i gcomhthéacs ghluaiseacht náisiúnach níos leithne, tuairimí láidre na ndaoine a bhí in aghaidh aon lagú a dhéanamh ar an nasc leis an gCoróin agus na himeachtaí móra a bhí ar siúl ar pháirceanna an áir san Eoraip i gceann de na coimhlintí ab fhuiltí a fachtas riamh ar domhan. Ba chóir a thabhairt ar aird gur neartaigh baol leanúnach an choinscríofa a bhí ann mar gur theastaigh an oiread daoine le haghaidh an cogadh a throid an scoilt a bhí ag méadú i measc na ndaoine go ginearálta.
Bhí an t-éadóchas leanúnach i measc na Náisiúnaithe in Éirinn faoin easpa dul chun cinn ó thaobh Rialtais Dúchais, agus go bhféadfadh sé tarlú nach bhfaigheadh an t-oileán ar fad Rialtas Dúchais, agus diúltú Oifig Chogaidh na Breataine cead a thabhairt Briogáid Éireannach a chruthú, agus fiú diúltú na hOifige sin do shuaitheantas rannánach Éireannach, níos measa fós de bharr na ndaoine a bhí á gcur chun báis.
Rialtas Dúchais
Bhí an t-éileamh ar Rialtas Dúchais de réir mar a bhí curtha chun cinn ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann go mór chun tosaigh i bpolaitíocht na hÉireann ó na 1870idí. Chuir na hAontachtaithe go mór ina aghaidh. De réir mar a bhí borradh ag teacht faoi chineál éigin de Rialtas Dúchais i dtús na 1900idí, ba mhó a bhí na hAontachtaithe ag díriú ar Chúige Uladh agus iad ag cur in aghaidh Rialtas Dúchais.
Chruthaigh na hAontachtaithe Óglaigh Uladh mar gheall ar an tríú Bille Rialtais Dúchais a bheith ar tí a rith, Bille a bhí faoi thionchar ag spléachas parlaiminteach Rialtas na Breataine ar MPanna na hÉireann. Is éard a bhí i gceist ansin iarracht an tríú Bille Rialtais Dúchais a chosc trí fhorneart a bhagairt agus is ina dhiaidh sin a cruthaíodh Óglaigh na hÉireann náisiúnach. Ba mhó i gceist tosú An Chéad Chogadh Domhanda ná géarchéim na hÉireann. Ní raibh Bille an Rialtais Dúchais a rabhthas ag feitheamh le fada air le teacht i bhfeidhm go dtí tar éis an chogaidh, cé go raibh sé curtha ar an gclár reachtanna, agus ag an tráth sin bheadh socruithe speisialta, a bhí le socrú go fóill, le tabhairt isteach chun freastal ar agóidí Aontachtaithe Uladh.
An Chéad Chogadh Domhanda
De réir mheastacháin oifigiúla na Breataine, bhí os cionn 200,000 Éireannach, ón dá thraidisiún, ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda agus maraíodh thart ar 40,000 díobh. I gcás na nAontachtaithe, dílseacht don Choróin a bhí i gceist.I gcás na Náisiúnaithe bhí an cás níos casta. Ba é ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, Seán Mac Réamainn, ceannaire polaitiúil ainmniúil ar Óglaigh na hÉireann freisin.
Ag óráid a thug sé i nGearradh na nGabhlán i Meán Fómhair 1914, d’fhógair sé a thacaíocht don chogadh agus d’iarr ar an hÓglaigh dul chun cogaíochta. Thacaigh tromlach na nÓglach le seasamh Mhic Réamainn agus bhunaigh siad na hÓglaigh Náisiúnta. Choinnigh líon níos lú faoi cheannas Eoin Mhic Néill an t-ainm Óglaigh na hÉireann agus dhiúltaigh siad tacú le feachtas cogaidh na Breataine.
Ba í an bholscaireacht a rinne an Bhreatain ar an gcogadh ar dtús báire ná go raibh siad ag cosaint tír bheag na Beilge.D’athraigh sé ina dhiaidh sin go dtí cogadh a bhí á throid ar mhaithe le cearta na náisiún beag mar a dúirt an tUachtarán Wilson, agus bhí prionsabal an fhéinchinnidh do náisiúin den sórt sin, go háirithe sna hImpireachtaí i lár na hEorpa a bhí curtha de dhroim seoil, cuid mhór chun tosaigh sa díospóireacht ag na cainteanna síochána ina dhiaidh sin ag Versailles.
B’ait an ní i gcás roinnt náisiúnaithe de chuid na hÉireann go mbeidís ag troid in arm na Breataine ar mhaithe le cúis den sórt sin. Chomh maith leis sin, tháinig meath go tapaidh ar dhíograis an phobail don chogadh mar gur mothaíodh gur beag aitheantas a bhí á thabhairt do rannpháirtíocht na nÉireannach sin a liostáil. De réir mar a bhí saighdiúirí á marú agus bagairt an choinscríofa fós ann bhí meath ag teacht ar an díograis sin.
Éirí Amach 1916
Is sin é an chaoi a raibh cúrsaí nuair a eagraíodh Éirí Amach 1916.Is dream laistigh de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB), cumann rúnda a bhí ann ó 1858, a raibh sé mar aidhm sheasta acu Poblacht Éireannach ar leithligh a bhaint amach, a chruthaigh an plean. Bhíothas ag súil go gcinnteodh an tÉirí Amach áit d’Éirinn ag an gcomhdháil síochána tar éis an chogaidh. Bhí céimeanna arda ag comhaltaí den IRB sna hÓglaigh agus ba é an fórsa sin, i dteannta le Arm Cathartha na hÉireann faoi cheannas Shéamuis Uí Chonghaile, a bhí i mbun an Éirí Amach.
Ba léir réimse leathan thuairimí agus éagsúlacht cúlraí lucht Óglaigh na hÉireann san easaontas i measc na gceannairí. Bhí tús an Éirí Amach trína chéile mar gheall ar dhaoine a bhí ag tacú leis an Éirí Amach agus daoine a bhí ina choinne a bheith ag eisiúint orduithe a bhí ag teacht salach ar a chéile. Ba chóir a thabhairt ar aird gur ardaigh comhaltas Óglaigh na hÉireann ó 2/3000 comhalta i Meán Fómhair 1914 go dtí thart ar 15,000 faoi 1916. Bhí Bráithreachas Phoblacht na hÉireann tagtha isteach go mór san eagraíocht.
Ghabh na ceannaircí Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca, an 24 Aibreán, 1916, agus bhí sé mar cheanncheathrú acu. Is as seo a léadh an forfhógra an lá céanna. Ba iad Tomás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada, Pádraig Mac Piarais, Séamas Ó Conghaile, Tomás Mac Donnchadha, Éamon Ceannt agus Ióseph Ó Pluingcéad na sínitheoirí. Leagtar na haidhmeanna amach ann, ní amháin saoirse ó riail na Breataine, ach Éire a chruthú ina mbeadh na daoine go léir saor chun a lán-acmhainn a bhaint amach beag beann ar shaibhreas, aicme nó creideamh.
Ghlac na ceannaircí seilbh ar fhoirgnimh straitéiseacha eile i mBaile Átha Cliath freisin, ar nós na Ceithre Chúirt, Bácús Boland, Monarcha Jacobs, Coláiste na Máinleá agus South Dublin Union. Cé gur tharla an chuid is mó den ghníomhaíocht i mBaile Átha Cliath, tháinig líon suntasach Óglach amach i Lú, Loch Garman, Gaillimh agus Cill Déagláin.
Mhair an troid ar feadh seachtaine agus maraíodh os cionn 250 sibhialach, 130 comhalta d’fhórsaí na corónach agus os cionn 60 ceannairceach mar thoradh air.
In iarracht aon dhoirteadh fola eile a chosc, d’fhógair an Piarsach géilleadh gan choinníoll ina ndúirt sé: Chun tuilleadh sléachta ar an bpobal sibhialta a chosc agus i ndóchas go sábhálfar saol ár lucht leanúna, tá sé socraithe ag comhaltaí an Rialtais Shealadaigh atá i láthair ag an gceanncheathrú géilleadh gan chomha, agus ordóidh ceannfoirt nó oifigigh atá i gceannas ar dhúichí do na daoine atá faoina gceannas a gcuid arm a leagan uathu. Pádraig Mac Piarais, Baile Átha Cliath an 30ú Aibreán 1916. [Aistriúchán ar an mbunscríbhinn i nBéarla]
Mháirseáil go leor aonad de chuid na nÓglach in eagar chun a n-airm a leagan uathu.
Caithfear a rá nach raibh bá an phobail ar thaobh na gceannairceach ar dtús báire, mar gheall ar easpa tuisceana ar an gcuspóir, chomh maith le daoine a bheith ag fáil bháis; an t-ár agus an doirteadh fola. D’athraigh sé sin go tapaidh, áfach.
Ina dhiaidh sin
Cuireadh an tÉirí Amach faoi chois go tapaidh agus go borb.Plancadh lár na cathrach. In ainneoin go raibh an ghníomhaíocht dírithe isteach ar Bhaile Átha Cliath, fógraíodh dlí airm agus leathnaíodh ar fud na tíre é.Gabhadh os cionn 3,500 duine – os cionn dhá oiread an líon a ghlac páirt san Éirí Amach. Faoi Bhealtaine bhí 1,600 duine imtheorannaithe sa Bhreatain Bheag, gan aon triail.
Cuireadh cúigear ceannairceach déag mór le rá chun báis idir an 3ú Bealtaine agus an 12ú Bealtaine. (Crochadh Roger Casement ina dhiaidh sin i bPríosún Pentonville i Lúnasa 1916). Chuir bás na ndaoine fearg ar an bpobal, go háirithe bás Liam Mhic Phiarais, ar an gcúis go bunúsach go mba deartháir le Pádraig Mac Piarais a bhí ann; bás an Mhaoir John MacBride, nach raibh baint ná páirt aige le pleanáil an Éirí Amach, ach a tharraing naimhdeas na Breataine air féin i rith Chogadh na mBórach; bás Ióseph Uí Pluingcéid a bhí go dona tinn agus bás Shéamuis Uí Chonghaile a bhí gonta go dona.
Ba ghearr gur athraigh na himeachtaí sin, mar aon lenar tharla do Francis Sheehy Skeffington, síochánaí agus scríbhneoir cáiliúil a maraíodh i rith an Éirí Amach nuair a bhí sé ag iarraidh an foréigean a mhaolú agus creachadh a stopadh, tuairim an phobail. Choip an t-achar fada ar leanadh leis an gcur chun báis – naoi lá – an pobal tuilleadh. I dTeach na dTeachtaí, cháin John Dillon de chuid Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann beartas na Breataine, á áiteamh ‘i nua-stair an domhain … nár cuireadh aon éirí amach ná ceannairc faoi chois leis an oiread sin fola agus brúidiúlachta agus a rinneadh leis an éirí amach a tharla díreach roimhe sin in Éirinn’.
In áit sochraidí, dúradh aifrinn don dream a maraíodh, óir go raibh a gcorp curtha in aol beo. B’ócáidí do léirsiú poiblí a bhí a bhfilleadh na n-imtheorannaithe agus sochraid Thomás Áis tar éis stailc ocrais i Meán Fómhair 1917.
Iarmhairtí Polaitíochta
Ba ghearr gur léiríodh iarmhairtí polaitíochta an Éirí Amach agus cur faoi chois an Éirí Amach sna toghcháin ina dhiaidh sin. Tharla an chéad cheann díobh sin an 17 Feabhra 1917 i Ros Comáin Thuaidh, nuair a toghadh an Cunta Ó Pluingcéad, athair Ióseph Uí Pluingcéid a cuireadh chun báis, mar theachta neamhspleách. Ní raibh seisean le freastal ar Westminster.
Tar éis tacú le feachtas Uí Phluingcéid, mhol Micheál Ó Coileáin Joe McGuinness mar iarrthóir do shuíochán an Longfoirt Theas nuair a bhí an suíochán sin folamh sa Bhealtaine. Bhí McGuinness ag cur pianbhreith isteach i bpríosún Lewes mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an Éirí Amach.
Na príosúnaigh a cuireadh thar lear, ba iad bunús pháirtí Sinn Féin iad, páirtí a bhí ag láidriú arís agus a bhí ar son na deighilte leis an mBreatain, agus a neartaigh a nasc le hÓglaigh na hÉireann nuair a ghlac Éamon DeValera, iarphríosúnach, uachtaránacht an dá eagraíocht. I mí Iúil na bliana sin, bhuaigh De Valera corrthoghchán sa Chlár Thoir, ag fáil an bhua ar iarrthóir Rialtais Dúchais.
Lean Páirtí Parlaiminteach na hÉireann ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach, agus chun na críche sin bhí a gcéad chruinniú ag Comhdháil na hÉireann i mí Iúil 1917. In ainneoin nár chríochnaigh an Chomhdháil go dtí Aibreán 1918, ní fhéadfaí teacht ar chomhaontú le hAontachtaithe Uladh ar an gceist, fiú agus Aontachtaithe an Deiscirt níos báúla, agus ní bhfuarthas an Rialtas Dúchais. Ag an am céanna bhí géarchéim nua ina tús. Chruthódh sí a bheith ar ghéarchéim a dhaingneodh tacaíocht don Sinn Féin nua.
Mar gheall ar an bplean coinscríobh a thabhairt isteach in Éirinn agus an clampar a lean ón bpobal tháinig athrú ó bhonn ar Éire Náisiúnach. Bhí mhór é fearg an phobail agus lean gluaiseacht náisiúnta frithbheartaíochta. Gairmeadh stailc ghinearálta aon lae agus tugadh geall in aghaidh an choinscríofa le tacaíocht ó Shinn Féin, Páirtí Parlaiminteach na hÉireann, Páirtí an Lucht Oibre agus polaiteoirí neamhspleácha leis.
In ainneoin an chomhaontaithe leathan a cruthaíodh ar cheist an choinscríofa, gheobhadh Sinn Féin bua ollmhór san olltoghchán i 1918, agus é mar aidhm dhearbhaithe acu Éire a bheith ina poblacht neamhspleách ceannasach aitheanta. Bhí seasamh na Náisiúnaithe athraithe.
Leathnaigh an Representation of the People Act, 1918 na toghthóirí chun gach fear os cionn 21 bhliain d’aois agus gach bean os cionn 30 bliain d’aois a chur san áireamh. Níos deireanaí an bhliain sin, thug an Parliamentary Qualification of Women Act, 1918 an ceart do mhná os cionn 30 bliain d’aois seasamh do thoghchán mar MP. Ba í an Chuntaois Markievicz an chéad bhean a toghadh ina M.P. Ba é an toghchán i mí na Nollag 1918 an chéad Olltoghchán ó mhí na Nollag 1910, bhí toghchán 1916 curtha ar ceal mar gheall ar an gcogadh.
Tháinig glúin nua iomlán de vótóirí chun cinn, a bhí faoi anáil 1916 agus ar tharla ina dhiaidh, agus faoi anáil ghéarchéim an choinscríofa agus an chogaidh féin. Ag leanúint polasaí ag Sinn Féin gan freastal ar Westminster, cruthaíodh an Dáil mar thoradh ar an toghchán. Mhair an Dáil mar fhoras daonlathach trí mhórchlaochlú na mblianta suaite ó 1919 go dtí 1923.
Is í Dáil Éireann go fóill ár bparlaimint dhaonlathach sa lá atá inniu ann. Chuaigh go leor de na ceannaircigh a mhair ar aghaidh agus d’fhóin go hoirearc mar chomhaltaí den Dáil agus den rialtas, chomh maith le forais eile, san Éirinn nua, neamhspleách.
B’ócáid an-mhór a bhí in Éirí Amach 1916 a tharla faoi cheannas fhir agus mhná a raibh aidhmeanna acu d’Éirinn de chineál eile, Éire a rathódh saoirse creidimh agus saoirse shibhialta agus a lorgódh séan agus sonas don náisiún uile, agus do gach roinn den náisiún sin. Tharla sé ag tráth coimhlinte sa saol idirnáisiúnta, ar choimhlint í inar bhásaigh Éireannaigh ar an bhFronta Thiar, in Gallipoli, in Mesopotamia agus ar muir. Cailleadh go leor daoine mar gheall ar an Éirí Amach, bíodh siad ina gcomhraiceoirí nó ina sibhialaigh.
Bileog Fíricí
Cathláin i mBaile Átha Cliath
An Chéad Chathlán: Faoin gCeannfort Edward Daly, ghlac seilbh ar na Ceithre Chúirt.
An Dara Cathlán: An Ceannfort Tomás Mac Donnchadha – ghlac seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob.
An Tríú Cathlán: An Ceannfort Éamon de Valera – ghlac seilbh ar mhuilte plúir Boland agus ar an iarnród ó Rae Westland go dtí Bóthar Lansdúin. [ag gabháil na líne go Kingstown]
An Ceathrú Cathlán: An Ceannfort Éamon Ceannt, a ghlac seilbh ar South Dublin Union. [Ospidéal San Séamas].
Ghlac an tArm Cathartha faoi cheannas Michael Mallin agus na Cuntaoise Markievizc seilbh ar Fhaiche Stiabhna.
San Éirí Amach, maraíodh 132 comhalta d’fhórsaí na corónach.Cuireann na figiúirí oifigiúla na comhraiceoirí ceannairceacha agus sibhialaigh le chéile – maraíodh 318 agus gortaíodh 2,217.
Glactar leis go ginearálta gur 60 nó 62 an líon poblachtach a maraíodh. Bhásaigh os cionn 250 sibhialach.
De réir mheastacháin oifigiúla na Breataine, bhí os cionn 200,000 Éireannach ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda agus maraíodh thart ar 40,000 díobh.