An téacs seo den Bhunreacht, is cóip é den téacs a cuireadh isteach ina iris an 13 Samhain 2019 de dhroim Airteagal 25.5.2° ach amháin gur fágadh na Forálacha Sealadacha (Airteagail 34A agus 51-64) ar lár mar a cheanglaítear le téarmaí na nAirteagal sin agus gur athraíodh an téacs Gaeilge chun go mbeadh sé de réir na Nua-Ghaeilge caighdeánaí.
Déantar na leasuithe a rinneadh ó achtaíodh an Bunreacht i 1937 suas go dtí tráth clóite an eagráin seo (Eanáir 2020) a liostú thíos.
Na hAchtanna Leasúcháin
Gearrtheideal
Dáta Sínithe
An tAcht um an gCéad Leasú ar an mBunreacht, 1939 [Rinneadh an socrú maidir le staid phráinne chun slándáil an phobail a chur in áirithe agus chun an Stát a chaomhnú in aimsir chogaidh nó ceannairce faoi arm a leathnú chuig coinbhleachtaí nach mbeidh an Stát páirteach iontu.]
2 Meán Fómhair,1939
An tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941 [ Olltogra inar cuimsíodh réimse Airteagal éagsúil agus arbh é ba chuspóir leis an slacht a chur ar an mBunreacht i bhfianaise na taithí ó achtaíodh é. ]
Níl aon Dóú Leasú Déag ar an mBunreacht ann. Ar an 25 Samhain, 1992, cuireadh trí thogra faoi bhráid an phobail, an Dóú Leasú Déag, an Tríú Leasú Déag agus an Ceathrú Leasú Déag (a bhain le ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) agus thoiligh siad leis an Tríú Leasú Déag agus leis an gCeathrú Leasú Déag (thíos).
An tAcht um an gCeathrú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992 [Rinneadh socrú nach dteorannódh Airteagal 40.3.3° (ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil maidir le seirbhísí atá ar fáil go dátheangach i stát eile.]
An tAcht um an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996[Rinneadh socrú chun go bhféadfadh cúirt bannaí a dhiúltú do dhuine atá cúisithe i gcion tromaí sa chás go measfar le réasún é a bheith riachtanach chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh.]
12 Nollaig, 1996
An tAcht um an Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1997 [Rinneadh socrú go ndéanfaí rúndacht na bpléití ag cruinnithe den Rialtas a urramú ach amháin i gcás ina gcinnfeadh an Ard-Chúirt, in imthosca sonraithe áirithe, gur ceart nochtadh a dhéanamh.]
An tAcht um an Naoú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998[Ceadaíodh don Stát a thoiliú a bheith faoi cheangal ag Comhaontú na Breataine-na hÉireann, arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10 Aibreán, 1998, agus rinneadh socrú go mbeadh éifeacht ag leasuithe breise ar an mBunreacht, go háirithe ar Airteagail 2 agus 3, nuair a bheadh feidhm ag an gcomhaontú sin.]
Níl aon Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Níor rith Tithe an Oireachtais an Bille um an Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 [a bhain le breitheamh a chur as oifig agus ina raibh socrú maidir le comhlacht a bhunú le dlí chun imscrúdú a dhéanamh, nó chun a chur faoi deara imscrúdú a dhéanamh, ar iompar is mí-iompar ag breitheamh nó ar iompar dá ndéanann éagumas ar thaobh breithimh difear dó.]
Níl aon Cheathrú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Ar an 7 Meitheamh, 2001, cuireadh trí thogra faoi bhráid an phobail, is é sin le rá, an tAonú Leasú is Fiche, an Tríú Leasú is Fiche agus an Ceathrú Leasú is Fiche. Dhiúltaigh an pobal don Cheathrú Leasú is Fiche (a dhéileáil le Conradh Nice) agus thoiligh an pobal leis an Aonú Leasú is Fiche agus leis an Tríú Leasú is Fiche (thuas).
Níl aon Chúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Ar an 6 Márta, 2002, cuireadh togra maidir leis an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint].
Níl aon Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht ann. An 4 Deireadh Fómhair 2013, cuireadh togra don Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Deireadh a chur le Seanad Éireann.]
Níl aon Chúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht ann. An 22 Bealtaine 2015, cuireadh togra don Chúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Aois na Cáilitheachta do Thoghadh le hOifig an Uachtaráin.]