Comhrá ag an Taoiseach leis an Uachtarán Tofa Joe Biden

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhrá ag an Taoiseach leis an Uachtarán Tofa Joe Biden

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Labhair an Taoiseach Micheál Martin leis an Uachtarán Tofa Joe Biden ar an nguthán tráthnóna inniu.

Rinne an Taoiseach comhghairdeas leis an Uachtarán Tofa Joe Biden agus le Kamala Harris as a n-éacht mór sa toghchán.

Comhrá cairdiúil a bhí ann, agus labhair an tUachtarán Tofa Joe Biden ar an gceangal láidir atá aige féin leis an tír agus ar an gcuairt a thug sé go hÉirinn lena mhuintir in 2016.‏

Dearbhaigh an tUachtarán Tofa a chuid tacaíochta do Chomhaontú Aoine an Chéasta arís agus phléadar chomh tábhachtach agus atá sé go léireofaí meas don Chomhaontú cibé toradh a thiocfaidh as an mBreatimeacht agus go gcinnteofaí leis nach mbeadh teorainn arís ar oileán na hÉireann.

Tá siad beirt ag súil le bheith ag obair i gcomhar go déthaobhach agus ar fud raon réimse idirnáisiúnta lena n-áirítear ar chaidrimh AE-SA, na NA - lena n-áirítear an Chomhairle Slándála, agus ar an tábhacht a bhaineann leis na dúshláin dhomhanda maidir le Covid-19, téarnamh eacnamaíochta agus athrú aeráide.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat