An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tá dea-rialachas an-tábhachtach i bhfeidhmiú éifeachtach Roinn an Taoisigh. Cinntíonn sé go bhfuil creat struchtúr, beartas agus próiseas i bhfeidhm chun tabhairt faoinár n-oibleagáidí reachtúla agus beartais agus éascaíonn sé measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhainistíocht agus feidhmíocht chorparáideach.
Ar aon dul leis na socruithe nua do rialachas agus cuntasacht a leagtar amach i bPlean Athnuachana na Státseirbhíse, tá an Creat Rialachais seo in ainm is bheith mar threoir do gach duine i Roinn an Taoisigh, agus do na daoine ar a bhfreastalaímid, faoi conas a dhéanaimid ár n-obair agus an fáth a dhéanaimid é ar an mbealach sin. Leagtar amach ann, chomh maith, ár gcaighdeáin iompair, ár luachanna agus na córais rialachais ina n-oibrímid.