Achoimre Feidhmiúcháin
- Foilsithe: 18 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2026
- Achoimre Feidhmiúcháin
- Uaillmhian na hÉireann – Cur chuige sofhreagrúil le Digiteach agus IS
- Uaillmhian Dhigiteach agus IS na hÉireann
- Cuir i bhFeidhm: Seirbhís Phoiblí Dhigiteach:
- Fás: Earnáil Fiontair Dhigiteach Nuálach agus Iomaíoch agus Láthair is Rogha le haghaidh IS
- Infheistigh: Bonneagar Digiteach agus IS le haghaidh Éire Dhigiteach
- Infheistigh: Cibearshlándáil le tacú lenár dturas digiteach
- Bí chun Tosaigh: Mol Rialála Digiteach agus Lárionad Saineolais
- Cumhachtaigh: Sábháilteacht Ar Líne
- Cumhachtaigh: Scileanna agus Tallann le haghaidh Sochaí agus Geilleagar Digiteach
- Príomhnithe Insoláthartha
- Príomhnithe Insoláthartha IS
Achoimre Feidhmiúcháin
Aithníonn an Rialtas an tábhacht a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach, agus na deiseanna féideartha a bhaineann le IS go háirithe, agus tá sé tiomanta do sheasamh na hÉireann mar cheannaire digiteach a neartú.
Léirítear é seo i gClár an Rialtais, ina ndéantar tiomantas do chumas eacnamaíoch na réabhlóide digití agus IS a bhaint amach ina iomláine chun seirbhísí poiblí éifeachtacha agus nua-aimseartha a bhaint amach, agus chun an geilleagar a fhás.
Breiseoidh an Rialtas ár rannpháirtíocht straitéiseach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear trí bhallraíocht den ghrúpa D9+ de Bhallstáit ardteicneolaíochta, ag cinntiú go mbeidh guth láidir ag Éirinn san Eoraip don rialáil dhigiteach dhea-dheartha a thacaíonn le hiomaíochas agus nuálaíocht.
Leanfaimid freisin ag tacú le cur chuige uaillmhianach agus dinimiciúil le simpliú digiteach, ag tacú le seasamh straitéiseach AE mar láthair is rogha don nuálaíocht dhigiteach iontaofa, fad is a chosnaítear freisin príobháideachas sonraí agus cearta bunúsacha daoine aonair.
Agus ceanncheathrú ag go leor de chuideachtaí teicneolaíochta an domhain in Éirinn, táimid an-fheasach ar idirspleáchais sa teicneolaíocht dhigiteach. Cé go dtacaímid le hiarrachtaí chun athléimneacht a mhéadú agus spleáchais a laghdú i slabhraí luacha digiteacha criticiúla, ní mór dúinn tabhairt faoi seo ar bhealach oscailte, ag cothabháil rochtana ar mhargaí criticiúla, ag cinntiú idir-inoibritheacht, agus ag cosaint comhoibriú idirnáisiúnta le comhpháirtithe domhanda a bhfuil an dearcadh céanna acu.
Mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE in 2026, óstálfaimid Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta IS agus Digiteach chun Éire a thaispeáint mar mhol digiteach agus rialála, chomh maith le héiceachóras IS freagrach agus iomaíoch a chur ar aghaidh san Eoraip, a léiríonn ár n-uaillmhian le bheith ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht dhigiteach.
Tá struchtúr de chúig uaillmhian straitéiseacha, uaillmhianta a atreisíonn a chéile ar an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach agus IS nuashonraithe seo – Cuir i bhFeidhm, Fás, Infheistigh, Bí chun Tosaigh agus Cumhachtaigh – a léiríonn an cur chuige sofhreagrúil a theastaíonn le go mbeidh rath ort i saol digiteach atá ag éabhlóidiú go tapa.
Uaillmhian na hÉireann – Cur chuige sofhreagrúil le Digiteach agus IS
Oibreofar an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach agus IS feadh cúig uaillmhian straitéiseacha, cinn a atreisíonn a chéile:
- Réitigh IS agus dhigiteacha a chur i bhfeidhm chun seirbhísí poiblí níos fearr a thiomáint, ar bhealach ionchuimsitheach, duine-lárnach, oscailte agus sábháilte.
- Ár ngeilleagar digiteach a fhás, agus ár bpróifíl a fhás mar láthair don infheistíocht agus do Mhol Domhanda don IS Feidhmeach, chun iomaíochas a thiomáint.
- Infheistigh i dtodhchaí dhigiteach na hÉireann, lena n-áirítear bonneagar digiteach agus IS slán, athléimneach agus a sheasfaidh an aimsir a thógáil.
- Bí chun tosaigh mar mhol rialála agus lárionad sármhaitheasa iontaofa, sofhreagrúil agus a fhéachann chun cinn, agus trí rannpháirtíocht straitéiseach bhreisithe ar chlár oibre digiteach an AE.
- Cumhachtaigh ár ndaoine, oibrithe agus gnólachtaí, trí chur chuige ionchuimsitheach, agus le sábháilteacht ar líne mar thosaíocht, ag feistiú ár bhfórsa saothair le scileanna ceannródaíocha, agus ag cothú muinín shochaíoch agus an litearthacht digiteach agus IS is gá bheith faoi bhláth i sochaí dhigiteach.
Inniu, táimid ag cur cruth ar thodhchaí dhigiteach na hÉireann – todhchaí atá muiníneach, nasctha, agus ionchuimsitheach.
Uaillmhian Dhigiteach agus IS na hÉireann
90 Ní Insoláthartha tacaíochta, a léiríonn leithead na gníomhaíochta ar fud an Rialtais lena chinntiú go mbainimid amach ár n-uaillmhianta digiteacha agus IS go dtí 2030.
Cinnteoimid dul chun cinn feadh gach réimse den Straitéis seo d’fhonn ár bhfís fhoriomlán a sheachadadh maidir lenár seasamh mar cheannaire digiteach agus mol IS a neartú, ag uasmhéadú chumas na dteicneolaíochtaí digiteacha agus IS mar thiománaí fáis agus ag cumhachtú na sochaí uile le rath a bhaint amach sa ré dhigiteach.
Leagtar amach thíos cuspóirí ardleibhéil, agus príomhnithe insoláthartha faoi gach réimse, le liosta iomlán de nithe insoláthartha ar fáil in Aguisín II.
Cuir i bhFeidhm: Seirbhís Phoiblí Dhigiteach:
Cuirfimid dlús le hathrú claochlaitheach sa chaoi a seachadaimid seirbhísí poiblí, ag cinntiú go mbíonn 100% de phríomhsheirbhísí poiblí digitithe faoi 2030, le 90% díobh úsáidte ar líne. Cuirfidh cur chuige Imeachtaí Saoil dearadh seirbhíse in oiriúint timpeall ar phríomh-mhóimintí i saolta daoine, le hionchuimsitheacht agus inrochtaineacht mar threoirphrionsabail, ag cinntiú nach bhfágtar aon duine ar gcúl.
Beidh ról níos mó ag úsáid fhreagrach, trédhearcach IS i seachadadh seirbhíse poiblí. Príomhréimse fócais a bheidh in acmhainneacht a fhorbairt agus glacadh freagrach IS a thiomáint ar feadh na seirbhíse poiblí, d’fhonn freagrúlacht agus éifeachtúlacht a bhreisiú, agus seirbhísí a phearsantú.
Áirítear ar phríomhnithe insoláthartha:
- Forfheidhmiú Sheirbhísí Poiblí Níos Fearr 2030 agus Sheirbhísí Poiblí
Digiteacha 2030
- Ár dtiomantas do Bhonneagar Poiblí Digiteach na hÉireann; Straitéis Sonraí nua na Seirbhíse Poiblí 2030; agus ullmhacht dhigiteach na reachtaíochta nua uile a chinntiú
- Aonad Comhairleach IS nua don tseirbhís phoiblí, clár Comhaltachtaí IS Náisiúnta don earnáil phoiblí, trína seoltar Dúshlán GovTech 2026, agus tacú le gach seirbhíseach poiblí leas a bhaint as cúrsaí oiliúna IS
- Claochlú digiteach ár seirbhíse sláinte a ghéarú trí chur i bhfeidhm Digiteach don Chúram 2030 agus Straitéis nua IS don Chúram; seirbhís leictreonach oideasaithe náisiúnta faoi 2028; agus digitiú thaifid cúraim sláinte agus córas faisnéise na hÉireann faoi 2032.
Fás: Earnáil Fiontair Dhigiteach Nuálach agus Iomaíoch agus Láthair is Rogha le haghaidh IS
Táimid dírithe ar ár ngeilleagar digiteach a fhás agus fanacht mar láthair is rogha don infheistíocht agus do ghnólachtaí nuathionscanta IS / Digiteacha, agus mol domhanda don nuálaíocht IS feidhmeach. Oibreoimid lenár gcomhpháirtithe tionscail chun ár n-uaillmhianta a bhaint amach, mealltacht na hÉireann a neartú mar láthair do ghnó teicneolaíochta domhanda, agus táirgiúlacht agus iomaíochas a thiomáint.
Áirítear ar phríomhnithe insoláthartha:
- Straitéis nua spriocdhírithe chun glacadh IS a thiomáint feadh príomhearnálacha den bhunús fiontair, le spriocanna earnála uaillmhianacha don ghlacadh IS, agus garspriocanna le seachadadh
- Treochlár Fhiontraíocht Éireann don Ghlacadh IS dá chliantchuideachtaí, arna ndifreáil de réir earnála, agus ceapachán Seaimpíní Earnála IS
- Faireachlann don Ullmhacht IS Gnó (OBAIR), ina bhforbraítear faisnéis maidir le húsáid IS ag fiontar in Éirinn, agus feachtas feasachta agus litearthachta IS agus Digiteach do FBManna
- Ionad Scála Taighde IS a bhunú, ag leathnú CeADAR, ag cur rochtain chun cinn ar acmhainneacht ríomhaireachta sárfhorbartha, Bosca Gainimh Rialála IS nua, clár claochlaithe IS sa Taighde le tacú le riachtanais scileanna IS ar fud an gheilleagair, ag bunú Ionad Sármhaitheasa Candamach
- Oifig IS na hÉireann nua, agus rannpháirtíocht leanúnach páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta IS agus Digiteach le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE chun Éire a thaispeáint mar mhol digiteach agus rialála
Infheistigh: Bonneagar Digiteach agus IS le haghaidh Éire Dhigiteach
Táimid tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar digiteach agus IS slán, athléimneach agus a sheasfaidh an aimsir chun fiontar Éireannach a fhás agus a thacú, cáilíocht na beatha a bhreisiú in Éirinn, le tacú le hÉirinn mar láthair don infheistíocht agus TF&I ar thús cadhnaíochta a chumasú in Éirinn.
Áirítear ar phríomhnithe insoláthartha:
- Ár spriocanna nascachta digití a sheachadadh trí Straitéis um Nascacht Dhigiteach Nuashonraithe, agus tríd an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda; ag cumasú nascacht leathanbhanda gigighiotáin chuig gach áitreabh, agus ag neartú nascacht idirnáisiúnta na hÉireann trí chruthú bealaí nascachta cábla fomhuirí ó Éirinn go dtí an Eoraip
- Slándáil agus athléimneacht ár mbonneagair dhigitigh feadh ár líonraí agus an bonneagar cábla fomhuirí a neartú, chomh maith lenár n-ullmhacht agus ár n-acmhainneacht um fhreagairt éigeandála
- Tacú le forbairt agus glacadh le teicneolaíochtaí bonneagair digiteacha claochlaitheacha trí fhás leanúnach ár mbonneagar náisiúnta Ríomhaireachta Sárfhorbartha, ag bunú Aeróg Monarchan IS na hÉireann, agus sár-ríomhaire CASPIr, chomh maith le tacú le tionscnaimh dhigiteacha phíolótacha straitéiseacha i dteicneolaíochtaí cumarsáide 5G Aonair, candamacha agus sárfhorbartha
Infheistigh: Cibearshlándáil le tacú lenár dturas digiteach
Táimid dírithe ar dhlús a chur le hacmhainneacht, scileanna agus glacadh cibearshlándála, chun coinneáil suas leis an méadú suntasach i rioscaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil, trí chultúr comhlíontachta réamhghníomhach a chothú, agus forbairt ár n-acmhainneachta cibearshlándála, agus ag rannpháirtiú go héifeachtach ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Áirítear ar phríomhnithe insoláthartha:
- Straitéis Chibearshlándála Nua in 2026, ag seachadadh acmhainneacht bhreise dár nIonad Cibearshlándála Náisiúnta, trína mbunófar Ionad Sármhaitheasa Taighde Cibearshlándála, agus ag soláthar maoiniú deontais d’oibleagáidí Threoir AE NIS2
- Tacú le húsáid shlán a bhaint as IS san earnáil phoiblí, trí Mheasúnú Riosca agus treoraíocht nuashonraithe Náisiúnta Cibear-Riosca
- Tús áite a thabhairt do reachtaíocht chun Treoir AE NIS2 a chur i bhfeidhm agus ullmhú d’fhorfheidhmiú Ghníomh AE um Chibear-Athléimneacht
Bí chun Tosaigh: Mol Rialála Digiteach agus Lárionad Saineolais
Táimid tiomanta do ról tábhachtach na hÉireann chun rialáil dhigiteach a fhorfheidhmiú agus chun seasamh na hÉireann a neartú mar Ionad Sármhaitheasa AE agus mol rialála digiteach. Leanfaimid de bheith mar thacadóir láidir ar leibhéal an AE do chur chuige cothromaithe, comhréireach agus comhleanúnach le rialáil dhigiteach, a thacaíonn le hiomaíochas, nuálaíocht agus cosaint na gceart bunúsach.
Áirítear ar phríomhnithe insoláthartha:
- Seasamh na hÉireann a atreisiú mar mhol rialála digiteach iontaofa, sofhreagrúil, a bhreathnaíonn chun cinn trínár rannpháirtíocht straitéiseach a bhreisiú ar leibhéal AE chun tionchar a imirt ar chlár oibre simplithe dhigitigh an AE agus é a chur chun cinn, agus rannpháirtíocht trasearnála a neartú chun creata rialála digiteacha cothromaithe, comhleanúnacha agus a sheasfaidh an aimsir a chinntiú
- Forfheidhmiú éifeachtach, comhleanúnach de Ghníomh IS AE a chinntiú in Éirinn, lena n-áirítear trí Oifig IS na hÉireann nua, agus bosca gainimh rialála IS
- Córas rialála intuartha, éifeachtach, agus freagrúil a sheachadadh trína chinntiú go mbíonn dóthain acmhainní ag ár rialtóirí, ag uasmhéadú earcaíocht agus acmhainniú tráthúil, ag spreagadh cur chuige a chumasaíonn nuálaíocht agus iomaíochas, agus oibriú le páirtithe leasmhara chun tionscnaimh scileanna a theastaíonn a sholáthar
- Oifig um Chomhar Ceartais Choiriúil Idirnáisiúnta nua a bhunú faoin bPacáiste rFhianaise AE
- Comhar agus comhordú a chothú feadh an tírdhreacha rialála digití trí thacú le breisiú an Ghrúpa Rialtóirí Digiteacha agus a Rúnaíocht, agus athbhreithniú a dhéanamh ar ár struchtúir rialála digití náisiúnta agus comhar beartais dhigitigh a neartú ar fud an Rialtais
Cumhachtaigh: Sábháilteacht Ar Líne
Tosaíocht is ea Sábháilteacht ar Líne don Rialtas, go háirithe sábháilteacht grúpaí leochaileacha, amhail leanaí agus daoine óga, agus tá an Rialtas ag tacú le Coimisiún na Meán chun ár gCreat Sábháilteachta ar Líne a chur chun feidhme. Tiocfaidh dúshláin agus rioscaí nua chun cinn i gcónaí le teacht IS, agus cinnteoidh an Rialtas go dtugtar aghaidh orthu seo ar bhealach tráthúil, láidir agus cuimsitheach.
Aithnímid an tábhacht a bhaineann le tacú le múinteoirí, tuismitheoirí agus teaghlaigh chun an fheasacht agus na scileanna riachtanacha a fhorbairt chun iad féin a chosaint ar líne. Leanfaimid ag forbairt feasachta ar chearta úsáideoirí maidir le hábhar míchuí, díobhálach agus mídhleathach a thuairisciú agus ról Choimisiún na Meán. Beidh sábháilteacht ar líne mar thosaíocht d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE in 2026.
Áirítear ar phríomhnithe insoláthartha:
- Cinntiú go bhfuil ár gCreat Sábháilteachta ar Líne sách láidir le déileáil le dúshláin agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear trí dhóthain acmhainní a thabhairt do rialtóirí, breisithe le Creat Sábháilteachta ar Líne an AE a chur ar aghaidh, agus rannpháirtiú leis an gCoimisiún Eorpach ar bhreiseáin leis an liosta cleachtas coiscthe faoi Ghníomh IS an AE
- Oibriú go gníomhach le Ballstáit atá ar aon intinn chun roghanna a fhiosrú chun srianta aoise a thabhairt isteach ar úsáid meán sóisialta ag díriú, go háirithe, orthu siúd faoi sé bliana déag, ag moladh go láidir go nglacfaí cinneadh maidir le “lán-aois digiteach” ar leibhéal AE ach gníomh a ghlacadh go náisiúnta más gá
- Obair ar siúl trí Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise na hÉireann, agus ar litearthacht meán, agus tacaíochtaí oideachais, lena n-áirítear acmhainní feasachta agus scileanna le tacú le sábháilteacht ar líne i scoileanna agus líonra náisiúnta de Sheaimpíní Saoránachta Digití a fhorbairt
Cumhachtaigh: Scileanna agus Tallann le haghaidh Sochaí agus Geilleagar Digiteach
Trí chur chuige ionchuimsitheach, cinnteoimid go dtacaítear le gach grúpa sa tsochaí agus go gcumhachtaítear iad chun glacadh IS a chuimsiú agus bheith faoi bhláth i sochaí dhigiteach.
Feisteoimid ár bhfórsa saothair le scileanna ar thús cadhnaíochta agus cothóimid scileanna digiteacha fairsinge, chomh maith le muinín agus litearthacht shochaíoch a fhorbairt. Tacóimid le hoibrithe a mbealach a dhéanamh trí thionchair a bhaineann le díláithriú poist féideartha, lena n-áirítear trí dheiseanna uasoiliúna agus athoiliúna lúfara, inrochtana agus oiriúnach don fheidhm.
Áirítear ar phríomhnithe insoláthartha:
- Treochlár nua maidir le Scileanna Teicneolaíochta na Todhchaí lena chinntiú go bhfanann ár n-éiceachóras scileanna freagrúil agus dírithe ar an todhchaí
- Ár bpíblíne tallainne taighde a leathnú trí dhara bhabhta de
Lárionaid Taighde Éireann don Oiliúint Taighde
- Faireachlann Scileanna Náisiúnta nua chun anailís a dhéanamh ar dhinimicí an mhargaidh saothair agus forbairt scileanna feadh gach riachtanas scileanna, ag sainaithint bearnaí i soláthar, agus ag cumasú tionscnamh scileanna breise
- Ardán Scilithe IS ionad ilfhreastail nua ar líne d’fhostóirí agus do dhaoine aonair, feachtas scilithe Digiteach agus IS ar fud na tíre chun feasacht a ardú ar dheiseanna
Claochlú digiteach leanúnach ar an gcóras oideachais threasaigh.
Tiomantas do chinntiú go bhfaigheann gach foghlaimeoir bunscileanna digiteacha, scileanna litearthachta digití, agus scileanna litearthachta meán a theastaíonn le bláthú i saol digiteach, feadh curaclaim ag gach leibhéal
- Comhrá Náisiúnta maidir le IS i dtaighde chun tacú le rannpháirtíocht phoiblí agus díospóireacht eolach, agus muinín phoiblí a thógáil
Príomhnithe Insoláthartha
- Seirbhísí poiblí a athdhearadh timpeall ar Imeachtaí Saoil
- Tacú le gach seirbhíseach poiblí chun leas a bhaint as oiliúint IS
- Tiachóg Dhigiteach Rialtas na hÉireann
- Straitéis Sonraí nua na Seirbhíse Poiblí
- Taifid cúraim sláinte agus córais faisnéise dhigiteacha
- Clár Luathaithe Náisiúnta
- Cuir an Plean Náisiúnta Leathanbhanda i gCrích
- Feachtas Litearthachta Digití agus IS
- Ionad Sármhaitheasa Candamach
- Straitéis Náisiúnta don Bhonneagar agus Seirbhísí Ríomhaireachta Sárfhorbartha
- Straitéis Chibearshlándála Nua
- Ionad Sármhaitheasa Taighde Cibearshlándála Nua
- Oifig um Chomhar Ceartais Choiriúil Idirnáisiúnta nua
- Breisiú tacaíochta leis an nGrúpa Rialtóirí Digiteacha
- Sábháilteacht ar líne a bhreisiú, lena n-áirítear uirlis fíoraithe aoise nua
- Feachtas Scilithe Dhigitigh agus IS ar fud na tíre
- Seaimpíní Saoránachta Digití do Scoileanna
- Treochlár nua maidir le Scileanna Teicneolaíochta na Todhchaí
Príomhnithe Insoláthartha IS
- Aonad Comhairleach IS don tseirbhís phoiblí
- Clár Comhaltachtaí IS Náisiúnta
- Straitéis chúram sláinte ‘IS don Chúram’
- Cruinniú Mullaigh IS agus Digiteach
- Straitéis Glactha IS Earnálach don fhiontar
- Feachtas Feasachta agus Litearthachta IS do FBManna
- Oifig IS na hÉireann / AI Office of Ireland
- Bosca Gainimh Rialála IS – díriú ar FBManna agus Gnólachtaí nuathionscanta
- Ionad Scála Taighde IS
- Faireachlann don Ullmhacht IS Gnó (OBAIR)
- Clár Claochlaithe IS sa Taighde
- Measúnú Riosca Náisiúnta Cibear-Riosca IS
- Aeróg Monarchan IS na hÉireann agus Bonneagar HPC/IS náisiúnta inbhuanaithe (sár-ríomhaire CASPIr)
- Foirne Uirlisí IS agus CPD do mhúinteoirí
- Faireachlann Náisiúnta Scileanna
- Feachtas cumarsáide maidir le hábhar IS díobhálach a thuairisciú
- Ardán Scilithe IS ionad ilfhreastail
- Comhrá Náisiúnta um IS i dtaighde