English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Féach ar an beart i gCéim 3 atá i bhfeidhm anois láithreach



Réamhrá

Tá na bearta seo i bhfeidhm faoi láthair.

Tá na bearta seo mar chuid den tríú céim den mhaolú ar shrianta sláinte poiblí a cuireadh ar bun chun sinn ar fad a chosaint ar COVID-19. Tháinig siad i bhfeidhm de bhreis ar na bearta a fógraíodh mar chuid de chéim 2.

Item was unpublished or removed


Bearta i dtaca le sláinte phoiblí

Maolú ar fhanacht áitiúil

Is féidir leat taisteal áit ar bith in Éirinn anois.

Clúdaigh aghaidhe

Moltar clúdaigh aghaidhe a úsáid don iompar poiblí, ionaid miondíola, agus áiteanna eile a bhfuil sé deacair scaradh sóisialta a choimeád.

Tá treoir ar fáil anseo i dtaca le clúdaigh aghaidhe a úsáid go sábháilte.


Oideachas agus cúram leanaí

Is féidir leis na háiteanna seo a leanas athoscailt:

  • na háiseanna aosoideachais go léir
  • naíolanna, áiseanna feighlíochta leanaí agus réamhscoileanna
  • campaí samhraidh
  • clubanna óige
  • áiseanna go léir istigh agus allamuigh do leanaí

Gníomhaíocht eacnamaíochta agus obair

Ba chóir do dhuine ar bith atá ábalta obair ón mbaile leanúint ag obair ón mbaile oiread agus is féidir.

Gnólachtaí atá in ann athoscailt

Is féidir leis na gnólachtaí seo a leanas athoscailt:

  • seirbhísí folláine – mar shampla: círichleachtadh, teiripe shuathaireachta, snáthaidpholladh, reifléacseolaíocht agus hoiméapaite
  • gruagairí, bearbóirí, salóin ingne agus malaí, salóin áilleachta, spánna, seirbhísí smididh, seirbhísí griandathúcháin, tatuála agus pollta
  • scoileanna tiomána
  • gach miondíol (e.g. geallghlacadóirí), seirbhís agus gníomhaíocht tráchtála eile

Is féidir le scrúduithe tiomána atosú, chomh maith le seirbhísí tiomána deonacha agus seirbhísí eile tiomána.

Déanfaidh gníomhaireachtaí Stáit monatóireacht ar chomhlíonadh na bprótacal oibre agus na treorach sláinte.


Sóisialta

Tionóil faoi dhíon

Ceadaítear tionóil faoi dhíon le suas le 50 duine má reáchtáiltear iad i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí.

Tionóil amuigh faoin aer

Ceadaítear tionóil allamuigh le suas le 200 duine má reáchtáiltear iad i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí.

Gnólachtaí atá in ann athoscailt

Is féidir leis na háiteanna seo a leanas athoscailt:

  • caiféanna agus bialanna a sholáthraíonn bia agus deochanna ar an áitreabh
  • tithe tábhairne agus beáir óstáin atá ag feidhmiú mar bhialanna
  • óstáin, brúnna, páirceanna carbhán agus páirceanna saoire

Ceol

moltaí ar leith (PDF, from page 7) ann i staca le hamhránaíocht, cóir agus uirlisí ceoil a sheinm i ngrúpaí.

Nóta: Tá na nithe ar fad thuas faoi réir na srianta i gCéimeanna 3 agus 4 i dtaca le huimhreacha do thionóil phoiblí agus comhairle thábhachtach eile i dtaca le sláinte phoiblí.


Cultúrtha agus reiligiúnda

Is féidir leis na háiteanna seo a leanas athoscailt:

  • músaeim, gailearaithe, amharclanna, ceolárais agus ionaid chultúrtha eile
  • pictiúrlanna, ionaid ceoil (seachas clubanna oíche agus dioscónna), áiseanna fóillíochta, hallaí biongó, stuaraí siamsaíochta, rinceanna scátála, páirceanna siamsaíochta
  • Foirgnimh Reiligiúnda agus ionaid adhartha

Nóta: Tá na nithe ar fad thuas faoi réir na srianta i gCéimeanna 3 agus 4 i dtaca le huimhreacha do thionóil phoiblí agus comhairle thábhachtach eile i dtaca le sláinte phoiblí.


Spórt

Is féidir le gníomhaíochtaí spóirt atosú, lena n-áirítear:

  • sraitheanna foirne do dhaoine fásta agus do leanaí
  • spóirt le gartheagmháil
  • imeachtaí agus ócáidí spóirt eagraithe le lucht féachana

Is féidir leis na háiteanna seo a leanas athoscailt:

  • giomnáisiamaí agus áiseanna aclaíochta faoi dhíon
  • stiúideonna ióga, Pilates agus damhsa
  • clubanna spóirt agus linnte snámha poiblí

Nóta: Tá na nithe ar fad thuas faoi réir na srianta i gCéimeanna 3 agus 4 i dtaca le huimhreacha do thionóil phoiblí agus comhairle thábhachtach eile i dtaca le sláinte phoiblí.


Iompar agus taisteal

Siúil nó rothaigh más féidir.

Iompar poiblí

  • mar thoradh ar scaradh sóisialta, tá srian ar líon na n-áiteanna ar an iomlán fós
  • ná bain úsáid as iompar poiblí ach do thurais riachtanacha
  • ba chóir clúdaigh aghaidhe a chaitheamh
  • seachain an taisteal sa bhuaicam

Taisteal idirnáisiúnta

Is féidir taisteal turasóireachta a atosú chuig oileáin amach ón gcósta.

Iompar príobháideach

Is féidir le húsáid busanna atosú do thurais, imeachtaí agus úsáid phríobháideach, agus cíos feithiclí.


Comhairle dóibh siúd atá os cionn 70 nó leochaileach ó thaobh na sláinte de

Mar chuid den mhaolú ar shrianta, tá nuashonrú déanta ar gcomhairle ó HPSC i dtaca le sláinte phoiblí dóibh siúd atá os cionn 70 agus daoine atá iontach leochaileach ó thaobh na sláinte de. Tá sé seo ar fáil ar líne chun tacú leatsa, le do theaghlach agus/nó cúramóirí. Tá an chomhairle i dtaca le clutharú ceaptha le cuidiú leat riosca ionfhabhtaithe COVID-19 a laghdú. Ó tharla nach féidir an riosca a scrios go hiomlán, beidh ort féin a chinneadh cad atá ceart duit féin agus dod’ shláinte.

Má tá tú os cionn 70 nó leochaileach ó thaobh na sláinte de, bain úsáid as do chiall féin le cinneadh a dhéanamh conas is fearr an treoir seo a leanas i dtaca le sláinte phoiblí a chur i bhfeidhm:

  • fan sa bhaile oiread agus is féidir leat
  • coinnigh ort leis an scaradh sóisialta ó chuairteoirí/daoine a dtugann tú cuairt orthu, agus bain úsáid as clúdaigh aghaidhe
  • bain úsáid as na hamanna atá curtha ar fáil go speisialta don tsiopadóireacht
  • bain úsáid as clúdaigh aghaidhe agus tú i siopaí nó áiteanna poiblí gnóthacha

Roadmap Phase 3
Amharc amharc
Report on the Social Implications of COVID-19 in Ireland - Phase 3 Update
Amharc amharc
Department of Health Phase 2 Status Report on COVID-19
Amharc amharc