English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Forfhógra na Saoirse

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 19 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2018

POBLACHT NA hÉIREANN, RIALTAS SEALADACH PHOBLACHT NA hÉIREANN DO MHUINTIR NA hÉIREANN

A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN: In ainm Dé agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sí seanoideas na náisiúntachta, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son a saoirse.

Tar éis di a fir a eagrú agus a oiliúint ina heagraíocht rúnda réabhlóideach, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus ina heagraíochtaí míleata poiblí, Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, agus tar éis di a riailbhéas a thabhairt go foighneach chun foirfeachta agus feitheamh go buanseasmhach leis an bhfaill chun gnímh, tá sí ag glacadh na faille sin anois, agus, le cabhair óna clainn ar deoraíocht i Meiriceá agus ó chomh-ghuaillithe calma san Eoraip, ach, thar gach ní, le muinín as a neart dílis féin, tá sí ag bualadh buille i ndóchas iomlán go mbéarfaidh sí bua.

Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochlóite ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann, agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan chosc gan cheataí. Níor cuireadh an ceart sin ar ceal leis an bhforghabháil a rinne pobal eachtrannach agus a rialtas air le cian d’aimsir ná ní féidir go brách a chur ar ceal ach trí dhíothú mhuintir na hÉireann. Níl aon ghlúin dá dtáinig nár dhearbhaigh pobal na hÉireann a gceart chun saoirse agus ceannas a náisiúin; sé huaire le trí chéad bliain anuas dhearbhaíodar faoi airm é. Ag seasamh dúinn ar an gceart bunaidh sin agus á dhearbhú arís faoi airm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann ina Stát Ceannasach Neamhspleách agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas, agus lena móradh i measc na náisiún.


Dlíonn Poblacht na hÉireann, agus éilíonn sí leis seo, géillsine ó mhuintir uile na hÉireann, idir fhir agus mhná. Ráthaíonn an phoblacht saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile, agus dearbhaíonn sí gurb é a rún séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn di, le comhchúram do chlainn uile an náisiúin, agus le neamhairt ar an easaontas a cothaíodh d’aontoisc eatarthu ag rialtas eachtrannach agus lér deighleadh mionlucht ón tromlach san am atá imithe.

Go dtí go dtabharfaidh feidhm ár n-arm an t-ionú dúinn Buan-Rialtas Náisiúnta a bhunú ó theachtaí do phobal uile na hÉireann arna dtoghadh le vótaí a cuid fear agus ban, déanfaidh an Rialtas Sealadach, a bhunaítear leis seo, cúrsaí sibhialta agus míleata na Poblachta a riaradh thar ceann an phobail.

Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUile-chumhacht agus impímid A bheannacht ar ár n-airm; iarraimid gan aon duine a bheas ag fónamh sa chúis sin do tharraingt easonóra uirthi le mílaochas, le mídhaonnacht ná le slad. San uair oirbheartach seo is é dualgas náisiún na hÉireann a chruthú, lena misneach agus lena dea-iompar agus le toil a clainne á dtoirbhirt féin ar son na maitheasa poiblí, go dtuilleann sí an réim ró-uasal is dán di.

Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh,

Tomás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnchadha, Pádraic Mac Piarais, Éamonn Ceannt, Séasmus Ó Conghaile, Ióseph Ó Pluingcéad