English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leibhéal 1

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025


Teacht le chéile sóisialta agus teaghlaigh

I d'áras cónaithe féin nó do gharraí féin

Suas le deichniúr cuairteoirí a bhaineann le suas le trí theaghlach.

Ionaid eile taobh amuigh de d'áras cónaithe féin nó do gharraí féin

Is féidir le daoine de theaghlaigh éagsúla leanúint ag bualadh le chéile ar bhonn sóisialta in ionaid eile ach cloí go docht leis an treoir maidir le hearnáil an ionaid. Sa chás nach dtugtar treoir faoi leith maidir le cineál an teacht le chéile, níor cheart níos mó ná 50 duine a bheith i láthair.


Searmanais Pósta agus Bainiseacha

Is féidir le suas le 100 duine freastal ar shearmanas pósta agus ar bhainis.


Teacht le chéile eagraithe faoi dhíon

Timpeallacht faoi stiúradh atá i gceist sa chás seo le heagraí ócáide, úinéir nó bainisteoir ainmnithe.

Mar shampla: gnó, imeachtaí traenála, comhdhálacha, imeachtaí in amharclann nó i bpictiúrlann nó imeachtaí ealaíon de chineálacha eile (níl imeachtaí spóirt san áireamh).

I gcás mórchuid mhór na n-ionad, 100 duine an líon is mó a cheadaítear.

Ceadaítear suas le 200 duine in ionaid níos fairsinge inar féidir scaradh sóisialta 2 mhéadar idir daoine suite a chur i bhfeidhm go docht chomh maith le gluaiseacht in aon treo amháin maidir le bealach isteach agus bealach.

I gcás áiseanna rímhóra a tógadh d'aon ghnó maidir le himeachtaí (mar shampla: staideanna, hallaí éisteachta, ionaid comhdhála agus imeachtaí eile), beidh treoir shonrach á hullmhú leis na hearnálacha éagsúla lena dtugtar san áireamh réimse achair an ionaid agus gnéithe éagsúla faoi leith a bhaineann le himeachtaí móra.


Teacht le chéile eagraithe faoin aer

Timpeallacht faoi stiúradh atá i gceist sa chás seo le heagraí ócáide, úinéir nó bainisteoir ainmnithe. Mar shampla: imeachtaí ealaíon faoin aer, imeachtaí traenála.

I gcás mórchuid mhór na n-ionad, 200 duine an líon is mó a cheadaítear.

Is féidir le suas le 500 duine freastal ar staid faoin aer nó ionad seasta eile faoin aer atá deimhnithe maidir le spás ag 5,000 duine ar a laghad (le bearta diana cosanta i bhfeidhm de réir threoirlínte na hearnála).

I gcás áiseanna rímhóra a tógadh d'aon ghnó maidir le himeachtaí (mar shampla: staideanna, hallaí éisteachta, ionaid comhdhála agus imeachtaí eile), beidh treoir shonrach á hullmhú leis na hearnálacha éagsúla lena dtugtar san áireamh réimse achair an ionaid agus gnéithe éagsúla faoi leith a bhaineann le himeachtaí móra.


Spórt

Traenáil

Is féidir gnáthsheisiúin traenála agus cluichí a eagrú faoin aer agus faoi dhíon le bearta cosanta i bhfeidhm.

Cluichí agus imeachtaí spóirt

100 duine an líon is mó a fhéadann freastal mar lucht féachana ar chluichí faoi dhíon.

200 duine an líon is mó a fhéadann freastal mar lucht féachana ar chluichí faoin aer.

Is féidir le suas le 500 duine freastal mar lucht féachana i staid faoin aer nó ionad seasta eile faoin aer atá deimhnithe maidir le spás ag 5,000 duine ar a laghad.

I gcás áiseanna rímhóra a tógadh d'aon ghnó maidir le himeachtaí (mar shampla: staideanna, hallaí éisteachta, ionaid comhdhála agus imeachtaí eile), beidh treoir shonrach á hullmhú leis na hearnálacha éagsúla lena dtugtar san áireamh réimse achair an ionaid agus gnéithe éagsúla faoi leith a bhaineann le himeachtaí de leithéid ócáidí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta spóirt.

Giomnáisiaim, ionaid fóillíochta agus linnte snámha

Is féidir iad seo a bheith ar oscailt ach bearta cosanta, scaradh sóisialta san áireamh, a bheith i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí.


Seirbhísí Eaglasta

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: scaradh sóisialta de réir mar is cuí, gluaiseacht in aon treo amháin istigh san ionad, gnéithe maidir le hurnaí pháirteach a fhágáil ar lár) ag suas le 50 adhraitheoir.

Sa chás go bhfuil spás san ionad do líon is mó ná 50, d'fhéadfadh go gceadófaí sin i bhfoghrúpaí is lú ná 50 duine an ceann a choinnítear ó chéile agus le bearta breise cosanta i bhfeidhm de réir na dtreoirlínte.


Iarsmalanna, dánlanna agus ionaid eile cultúir

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: uaslíon daoine ionas gur féidir scaradh sóisialta 2 mhéadar, gluaiseacht in aon treo amháin istigh san ionad).

Tá líon uasta na ndaoine ag brath ar an spás, ar an gcomhairle sláinte poiblí a thabhairt san áireamh.


Tithe ósta, caiféanna agus bialanna (beáir agus bialanna in óstáin san áireamh)

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: scaradh sóisialta, seirbhís ag boird amháin, réimeas glantacháin, smacht ar leibhéil torainn).

Tá líon uasta na ndaoine i mbialanna agus i gcaiféanna ag brath ar an spás atá san ionad, ar an gcomhairle sláinte poiblí a thabhairt san áireamh.

Tá ábhar treorach ó Fháilte Éireann maidir le tithe ósta a athoscailt ar fáil anseo.

Tá ábhar treorach ó Fháilte Éireann maidir le bialanna agus caiféanna a athoscailt ar fáil anseo.

Tuilleadh eolais faoin gcreidmheas cánach maidir le Fanacht in Éirinn agus Airgead a Chaitheamh in Éirinn.


Tithe ósta nach gcuirtear bia ar fáil iontu

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: scaradh sóisialta, seirbhís ag boird amháin, réimeas glantacháin, smacht ar leibhéil torainn).

Tá líon uasta na ndaoine i mbeáir ag brath ar an spás atá san ionad, ar an gcomhairle sláinte poiblí a thabhairt san áireamh.

Tá ábhar treorach ó Fháilte Éireann maidir le tithe ósta a athoscailt ar fáil anseo.

Clubanna oíche, dioscónna agus caisíní

Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus caisíní dúnta.


Óstáin agus ionaid lóistín

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: cumhdach éadain ar an lucht foirne, comharthaí, díghalrán láimhe, glantachán rialta ar dhromchlaí crua, tuairisc á choinneáil ar shonraí na gcustaiméirí mar chuid den phróiseas maidir le lucht comhchaidrimh a lorg).

Tá treoirlínte maidir le hóstáin a athoscailt ar fáil anseo.

Tá treoirlínte maidir le brúnna a athoscailt ar fáil anseo.


Miondíolachán agus seirbhísí (mar shampla: gruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí)


Obair

Déantar obair ón mbaile más féidir.

Is féidir dul chuig an ionad oibre nuair atá gá faoi leith leis sin nó ar bhonn sealaíochta.


Taisteal in Éirinn

Níl srianta ar bith i bhfeidhm.


Scoileanna, seirbhísí oideachais luathóige agus cúram leanaí, ardoideachas agus oideachas daoine fásta.


Ionaid spraoi faoin aer, réimsí spraoi agus páirceanna

Iad ar fad oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.


Cúrsaí Iompair agus Taistil

Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh agus úsáid á bhaint as an gcóras iompair phoiblí.

Beidh teorainn le líon na ndaoine ar an gcóras iompair phoiblí de réir na comhairle sláinte poiblí reatha.

Is ceart taisteal taobh amuigh de na buaicthráthanna taistil nuair is féidir sin.

Déantar siúl nó rothaíocht gach uair is féidir.


Daoine os cionn 70 bliain d'aois agus daoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sláinte

Ba cheart dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sláinte a bheith cúramach maidir leis an méid caidrimh a bhíonn acu le daoine eile agus a mhéid a bhítear páirteach i mbearta taobh amuigh den áras cónaithe.


Ionaid cúraim cónaitheacha fadtéarmacha (tithe altranais agus ionaid cúraim)


5 Leibhéal Foláirimh an Chreatchórais

Cuideoidh Creatchóras na mBeart Srianta linn dul i mbun an ghnáthshaoil chomh mór agus is féidir an tráth céanna a gcóirítear ár gcuid nósmhaireachta i leith an víris. Tá cúig cinn de Leibhéil sa Chreatchóras: