English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leibhéal 2

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Ar Leibhéal 2, beidh mórchuid na réimsí eacnamaíochta agus sóisialta ar oscailt, mar shampla: beidh scoileanna, bialanna, tithe ósta agus giomnáisiaim oscailte. Tá béim ar na scoileanna agus na seirbhísí cúram leanaí a choinneáil oscailte agus an cur isteach ar an lucht saothair a mhaolú oiread agus is féidir.

Is féidir le beartaíocht spóirt leanúint ar aghaidh ach beidh srianta níos géire i bhfeidhm.

D'fhonn daoine a choinneáil sábháilte, iarrfar ort líon na ndaoine a mbuaileann tú leo a choinneáil íseal.


Teacht le chéile sóisialta agus teaghlaigh

I d'áras cónaithe féin nó do gharraí féin

Suas le seisear cuairteoir as trí theaghlach, do theaghlach féin san áireamh.

De réir na comhairle sláinte poiblí reatha maidir leis an gcontae nó limistéar sonrach eile a shocrófar seo.

Ionaid eile taobh amuigh de d'áras cónaithe féin nó do gharraí féin

Is féidir le daoine de theaghlaigh éagsúla leanúint ag bualadh le chéile ar bhonn sóisialta in ionaid eile.

Is féidir le suas le seisear as trí theaghlach éagsúil, do theaghlach féin san áireamh, bualadh le chéile taobh istigh agus le suas le cúig dhuine dhéag as trí theaghlach éagsúil, do theaghlach féin san áireamh, bualadh le chéile amuigh faoin aer.

De réir na comhairle sláinte poiblí reatha maidir leis an gcontae nó limistéar sonrach eile a shocrófar seo.


Searmanais Pósta agus Bainiseacha

Is féidir le suas le 50 duine freastal ar shearmanas pósta agus ar bhainis.


Teacht le chéile eagraithe faoi dhíon

Timpeallacht faoi stiúradh atá i gceist sa chás seo le heagraí ócáide, úinéir nó bainisteoir ainmnithe.

Mar shampla: gnó, imeachtaí traenála, comhdhálacha, imeachtaí in amharclann nó i bpictiúrlann nó imeachtaí ealaíon de chineálacha eile (níl imeachtaí spóirt san áireamh).

Ceadaítear suas le 50 duine i ngrúpaí suas le seisear más mar sin a oireann ach socruithe i bhfeidhm ionas go gcinntítear nach dtarlaíonn daoine ag meascadh idir na grúpaí.

Ceadaítear suas le 100 duine in ionaid níos fairsinge inar féidir scaradh sóisialta 2 mhéadar idir daoine suite a chur i bhfeidhm go docht chomh maith le gluaiseacht in aon treo amháin maidir le bealach isteach agus bealach.

I gcás áiseanna rímhóra a tógadh d'aon ghnó maidir le himeachtaí (mar shampla: staideanna, hallaí éisteachta, ionaid comhdhála agus imeachtaí eile), beidh treoir shonrach á hullmhú leis na hearnálacha éagsúla lena dtugtar san áireamh réimse achair an ionaid agus gnéithe éagsúla faoi leith a bhaineann le himeachtaí móra.


Teacht le chéile eagraithe faoin aer

Timpeallacht faoi stiúradh atá i gceist sa chás seo le heagraí ócáide, úinéir nó bainisteoir ainmnithe. Mar shampla: imeachtaí ealaíon faoin aer, imeachtaí traenála.

I gcás mórchuid mhór na n-ionad, ceadaítear suas le 100 duine.

Suas le 200 duine maidir le staid faoin aer nó ionad seasta eile faoin aer atá deimhnithe maidir le spás ag 5,000 duine ar a laghad (le bearta diana cosanta i bhfeidhm de réir threoirlínte na hearnála).

I gcás áiseanna rímhóra a tógadh d'aon ghnó maidir le himeachtaí (mar shampla: staideanna, hallaí éisteachta, ionaid comhdhála agus imeachtaí eile), beidh treoir shonrach á hullmhú leis na hearnálacha éagsúla lena dtugtar san áireamh réimse achair an ionaid agus gnéithe éagsúla faoi leith a bhaineann le himeachtaí móra.


Spórt

Traenáil

Faoin aer: is féidir traenáil a rith i ngrúpaí suas le 15 duine (cás eisceachta maidir le spórt ar leibhéal gairmiúil/sárchéime/idirchontae/craobhchomórtas sinsearach na gclubanna).

Faoi dhíon: is féidir traenáil, aclaíocht agus ranganna damhsa a rith i ngrúpaí suas le seisear faoi dhíon (cás eisceachta maidir le spórt ar leibhéal gairmiúil/sárchéime/idirchontae/craobhchomórtas sinsearach na gclub).

Cluichí agus imeachtaí spóirt

  • suas le 100 duine de lucht féachana faoin aer agus suas le 50 duine de lucht féachana faoi dhíon.
  • suas le 200 duine i staid faoin aer nó ionad seasta eile faoin aer atá deimhnithe maidir le spás ag 5,000 duine ar a laghad

I gcás áiseanna rímhóra a tógadh d'aon ghnó maidir le himeachtaí (mar shampla: staideanna, hallaí éisteachta, ionaid comhdhála/imeachtaí eile), beidh treoir shonrach á hullmhú leis na hearnálacha éagsúla lena dtugtar san áireamh réimse achair an ionaid agus gnéithe éagsúla faoi leith a bhaineann le himeachtaí de leithéid ócáidí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta spóirt.

Giomnáisiaim, ionaid fóillíochta agus linnte snámha

Is féidir iad seo a bheith ar oscailt ach bearta cosanta, scaradh sóisialta san áireamh, a bheith i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí.


Seirbhísí Eaglasta

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: scaradh sóisialta de réir mar is cuí, gluaiseacht in aon treo amháin istigh san ionad, gnéithe maidir le hurnaí pháirteach a fhágáil ar lár) ag suas le 50 adhraitheoir.

Sa chás go bhfuil spás san ionad do líon is mó ná 50, d'fhéadfadh go gceadófaí sin i bhfoghrúpaí is lú ná 50 duine an ceann a choinnítear ó chéile agus le bearta breise cosanta i bhfeidhm de réir na dtreoirlínte.


Sochraidí

Ceadaítear suas le 50 sochraideach.


Iarsmalanna, dánlanna agus ionaid eile cultúir

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: uaslíon daoine ionas gur féidir scaradh sóisialta 2 mhéadar, gluaiseacht in aon treo amháin istigh san ionad).

Tá líon uasta na ndaoine ag brath ar an spás, ar an gcomhairle sláinte poiblí a thabhairt san áireamh.


Tithe ósta, caiféanna agus bialanna (beáir agus bialanna in óstáin san áireamh)

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: scaradh sóisialta, seirbhís ag boird amháin, réimeas glantacháin, smacht ar leibhéil torainn).

Tá líon uasta na ndaoine i mbialanna agus i gcaiféanna ag brath ar an spás atá san ionad, ar an gcomhairle sláinte poiblí a thabhairt san áireamh, ach tá uasteorainn seisear as suas le trí cinn de theaghlaigh i bhfeidhm maidir le gach grúpa faoi leith.

Tá ábhar treorach ó Fháilte Éireann maidir le tithe ósta a athoscailt ar fáil anseo.

Tá ábhar treorach ó Fháilte Éireann maidir le bialanna agus caiféanna a athoscailt ar fáil anseo.

Tuilleadh eolais faoin gcreidmheas cánach maidir le Fanacht in Éirinn agus Airgead a Chaitheamh in Éirinn.


Tithe ósta nach gcuirtear bia ar fáil iontu

Ar oscailt le bearta diana cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: scaradh sóisialta, seirbhís ag boird amháin, réimeas glantacháin, smacht ar leibhéil torainn agus mar sin de).

Tá líon uasta na ndaoine ag brath ar an spás atá san ionad, ar an gcomhairle sláinte poiblí a thabhairt san áireamh maidir le scaradh sóisialta agus eile, ach tá uasteorainn seisear as uasmhéid trí cinn de theaghlaigh i bhfeidhm maidir le gach grúpa faoi leith nó na teorainneacha faoin gcomhairle reatha maidir le daoine de theaghlaigh éagsúla dul i measc daoine de theaghlaigh eile.

Clubanna oíche, dioscónna agus caisíní

Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus caisíní dúnta.


Óstáin agus ionaid lóistín

Ar oscailt le bearta cosanta á gcur i bhfeidhm (mar shampla: cumhdach éadain ar an lucht foirne, comharthaí, díghalrán láimhe, glantachán rialta ar dhromchlaí crua, tuairisc á choinneáil ar shonraí na gcustaiméirí mar chuid den phróiseas maidir le lucht comhchaidrimh a lorg).

Tá treoirlínte maidir le óstáin a athoscailt ar fáil anseo.

Tá treoirlínte maidir le brúnna a athoscailt ar fáil anseo.


Miondíolachán agus seirbhísí (mar shampla: gruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí)


Obair

Déantar obair ón mbaile más féidir.

Más féidir oibriú ón mbaile, moltar duit gan dul go dtí an t-ionad oibre ach amháin maidir le cruinnithe bunriachtanacha ar an láthair, oiliúint tosaigh agus cúrsaí traenála.


Taisteal in Éirinn

Níl srianta ar bith i bhfeidhm.


Scoileanna, seirbhísí oideachais luathóige agus cúram leanaí, ardoideachas agus oideachas daoine fásta.


Ionaid spraoi faoin aer, réimsí spraoi agus páirceanna

Iad ar fad oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.


Cúrsaí Iompair agus Taistil

Ní mór masc éadain a chaitheamh agus úsáid á bhaint as an gcóras iompair phoiblí.

Déantar siúl nó rothaíocht gach uair nuair is féidir.

Cuirfear teorainn 50% le líon na ndaoine ar an gcóras iompair phoiblí.

Oibrithe bunriachtanacha agus cúiseanna bunriachtanacha amháin ag na buaicthráthanna taistil.


Daoine os cionn 70 bliain d'aois agus daoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sláinte

Ba cheart dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sláinte a bheith cúramach maidir leis an méid caidrimh a bhíonn acu le daoine eile agus a mhéid a bhitear páirt i mbearta taobh amuigh den áras cónaithe.

Cuirfear lón treorach sonrach ar fáil.


Ionaid cúraim cónaitheacha fadtéarmacha (tithe altranais agus ionaid cúraim)

Ar oscailt le bearta cosanta forbheartacha.

Leantar an treoir ón HPSC.


5 Leibhéal Foláirimh an Chreatchórais

Cuideoidh Creatchóras na mBeart Srianta linn dul i mbun an ghnáthshaoil chomh mór agus is féidir an tráth céanna a gcóirítear ár gcuid nósmhaireachta i leith an víris. Tá cúig cinn de Leibhéil sa Chreatchóras: