English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Na Ceannairí a Cuireadh chun Báis tar éis Éirí Amach 1916

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 19 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2018

Seachtar a Shínigh

Éamonn Ceannt

I nGaillimh a rugadh Éamonn Ceannt in 1881. Roimh an Éirí Amach bhí sé fostaithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na nÓglach agus bhí sé ar dhuine den dream a thug na gunnaí isteach i mBinn Éadair in 1914. Chomh maith le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí poblachtánacha bhí spéis aige freisin i gcultúr na hÉireann, go háirithe an Ghaeilge agus stair na hÉireann. Bhí sé ábalta freisin ar na píopaí uilleann. Ba é an ceannfort é ar Cheathrú Cathlán na nÓglach le linn an Éirí Amach, ghabh sé an South Dublin Union, an áit a bhfuil Ospidéal Naomh Séamas anois. Cuireadh chun báis é 8 Bealtaine 1916.

Tomás Ó Cléirigh

Ar Oileán Íocht in 1857 a rugadh Tomás Ó Cléirigh agus bhí a athair in arm Shasana. Le linn dó a bheith i Meiriceá agus é óg chuaigh sé isteach i gClann na nGael, agus gearradh cúig bliana déag de dhaorphionós air de bharr an bhaint a bhí aige le feachtas buamála i Londain, 1883-1898. In 1907 tar éis dó filleadh go hÉirinn tar éis an dara tréimhse i Meiriceá bhí tábhacht níos mó fós lena cheangal le Clann na nGael ó thaobh ghluaiseacht na poblachta sa tír seo. Bhí sé ina Chisteoir ag an Bráithreachas na Poblachta agus bhí ar an Ard Chomhairle acu ó 1915. Bhí an Cléireach ar an mbuíon a thóg Ard-Oifig an Phoist agus ba é a ainm seisean, an chéad ainm a bhí ar Fhorógra na Saoirse in omós dá aois. Cuireadh chun báis é 3 Bealtaine 1916.

Séamas Ó Conghaile (1868-1916)

I nDún Éideann a rugadh é in 1868 agus tháinig sé go hÉirinn ar dtús agus é in Arm Shasana. Ainneoin go ndeachaigh sé ar ais go hAlbain bhí an oiread de mhuintir na hÉireann in Dún Éideann agus gur mhúscail sin an spéis a bhí Ó Conghaile ag cur i bpolaitíocht na hÉireann i lár na 1890idí agus d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath in 1896 agus bhunaigh Páirtí Poblachtánach Sóisialach na hÉireann. Chaith an chuid ba mhó de na deich mbliana ag tús an fichiú aois i Meiriceá, tháinig sé ar ais go hÉirinn le hoibriú ar mhaithe le cearta na n-oibrithe in éineacht le James Larkin.

Chreid Ó Conghaile go láidir gur bhain contúirtí móra le seicteachas agus d’oibrigh sé go dúthrachtach in aghaidh fuath creidimh. In 1913 bhí Ó Conghaile ar dhuine de bhunaitheoirí An Arm Cathartha. Le linn Éirí Amach na Cásca ceapadh mar Cheannfort Ginearálta é ar fhórsaí Bhaile Átha Cliath agus bhí sé i gceannas ar an ngrúpa a thóg Ard Oifig an Phoist. Ní raibh sé in ann seasamh suas nuair a bhíothas á chur chun báis mar gur goineadh é le linn an Éirí Amach, b’éigean é a chaitheamh agus é ina shuí síos an 12 Bealtaine 1916. Ba é an duine deireanach de na ceannairí é a cuireadh chun báis.

Seán Mac Diarmada

I Liatroim a rugadh Seán Mac Diarmada agus d’imigh sé go Glaschú in 1990 agus tháinig go Béal Feirste in 1902. Bhí sé i gConradh na Gaeilge agus bhí aithne aige ar Bulmer Hobson. Chuaigh sé isteach i mBráithreachas na Poblachta in 1906 agus é i mBéal Feirste agus d’athraigh sé go Baile Átha Cliath in 1908 áit ar ghlac sé freagracht ó thaobh bainistíochta ar nuachtán an IRB IrishFreedom in 1910.

Cé go raibh póilió ag dul do Mhac Diarmada in 1912 ceapadh é ina chomhalta ar choiste sealadach Óglaigh na hÉireann ó 1913, agus tugadh isteach ina dhiaidh sin ar choiste míleata an IRB é in 1915. Le linn an Éirí Amach bhí Mac Diarmada in Ard Oifig an Phoist . Cuireadh chun báis é 12 Bealtaine 1916.

Tomás Mac Donnchadha

Ba as Tiobraid Árann ó dhúchas é Mac Donnchadha, in 1878 a rugadh é agus chaith sé an chéad chuid dá shaol ag múineadh scoile. D’athraigh sé go Baile Átha Cliath le staidéar a dhéanamh agus ba é an chéad mhúinteoir é ar fhoireann Scoil Éanna, an scoil ar thug sé cúnamh lena bunú in éineacht le Pádraig Mac Piarais. Bhí eolas maith ag Mac Donnchadha ar an litríocht, agus bhain a chuid dúthrachta agus léinn áit amach dó i roinn an Bhéarla i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Léiríodh an dráma a scríobh sé When the Dawn is Come in Amharclann na Mainistreach.

Ceapadh é ina stiúrthóir traenála ar Óglaigh na hÉireann in 1914, agus chuaigh sé isteach san IRB ina dhiaidh sin. Ceapadh Mac Donnchadha ar choiste míleata an IRB in 1916. Bhí sé ina cheannasaí ar Dhara Cathlán na nÓglach a thóg seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob agus na tithe thart san áit sin le linn an Éirí Amach. Cuireadh chun báis é an 3 Bealtaine 1916.

Pádraig Mac Piarais

I mBaile Átha Cliath a rugadh an Piarsach in 1879 agus thosaigh sé ag cur suime i gcúrsaí cultúir na hÉireann agus é ina dhéagóir. In 1898 rinneadh comhalta den Phiarsach ar Choiste Feidhmiúcháin Chonradh na Gaeilge. Bhain sé céim amach san Ollscoil Ríoga in 1901, céim Dán agus Dlí. Bhí an Piarsach ag scríobh seasta agus d’fhoilsigh sé go forleathan i nGaeilge agus i mBéarla. Rinneadh eagarthóir de ar pháipéar Chonradh na Gaeilge An Claidheamh Soluis.

Chreid sé go láidir san oideachas agus bhunaigh sé dhá scoil Coláiste Éanna agus Coláiste Íde a bhí dírithe ar oideachas trí Ghaeilge do pháistí na hÉireann. Bhí an Piarsach ar bhunaitheoirí na nÓglach, bhí sé ar na daoine a scríobh Forógra na Saoirse agus bhí sé in Ard–Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Ba é Príomh-Cheannfort fhórsaí na hÉireann é. Cuireadh chun báis é 3 Bealtaine 1916.

Joseph Mary Plunkett

I mBaile Átha Cliath a rugadh Joseph Mary Plunkett in 1887. Fuair sé a chuid oideachais ar dtús i Sasana ach d’fhill sé ar Éirinn agus bhain céim amach in UCD in 1909. Tar éis dó an chéim a bhaint amach chaith sé dhá bhliain ag taisteal mar bhí sé i ndrochshláinte agus tháinig ar ais go Baile Átha Cliath in 1911. Fearacht Mhac Donnchadha bhí suim ag Plunkett sa litríocht agus bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Review. I gcomhar le Mac Donnchadha agus Edward Martyn chuidigh sé le hamharclann náisiúnta na hÉireann a bhunú. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh in 1913 agus ina dhiaidh glacadh leis isteach san IRB.

Chuaigh Plunkett go dtí an Ghearmáin le casadh le Ruairí Mac Easmainn in 1915. Le linn don Éirí Amach a bheith á phleanáil ceapadh Plunkett ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Míleata agus freagracht fhoriomlán air as straitéis mhíleata. Bhí Plunkett ar dhuine de na daoine a bhí lonnaithe in Ard Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Phós sé Grace Gifford agus é i bPríosún Chill Mhaighneann nuair a ghéill lucht an Éirí Amach. Cuireadh chun báis é 4 Bealtaine 1916.


Ceannairí eile a cuireadh chun báis

Ruairí Mac Easmainn

I mBaile Átha Cliath a rugadh Ruairí Mac Easmainn in 1864 agus bronnadh teideal air de bharr a chuid seirbhísí do chonsalacht na Breataine. D’oibrigh sé gan staonadh chun aird a tharraingt ar an drochíde a bhíothas a dhéanamh ar oibrithe dúchasach i gCongó na Beilge in 1904 agus arís sa Bhraisíl ó 1911-1912 agus bhain sé siar as an bpobal go hidirnáisiúnta de bharr a chuid tuairiscí. Bhí Mac Easmainn i gConradh na Gaeilge in 1904 agus thosaigh sé an uair sin ag scríobh altanna náisiúnta faoin ainm cleite ‘Sean Bhean Bhocht’. D’éirigh sé as seirbhís consalachta na Breataine in 1913 agus chuaigh sé ansin isteach sna hÓglaigh.

Cuireadh Mac Easmainn chun na Gearmáine de bharr an méid taithí a bhí aige le go gcuirfeadh sé le chéile Cathlán Éireannach as príosúnaigh cogaidh. Gabhadh é i gCiarraí Aoine an Chéasta 1916 tar éis dó a theacht i dtír in Éirinn de U-Bhád de chuid na Gearmáine. Cuireadh sa phríosún é i bPentonville i Londain agus cuireadh Ard-Tréas ina leith. Crochadh é an 3 Lúnasa 1916, an t-aon cheannaire a bhain leis an Éirí Amach a cuireadh chun báis lasmuigh d’Éirinn.

Con Colbert

I Luimneach a rugadh Colbert in 1888. Roimh an Éirí Amach bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na poblachta, bhí sé i bhFianna Éireann agus sna hÓglaigh. Níor chaith sé agus níor ól sé. Ba é an captaen é ar Chomhplacht F an Ceathrú Cathlán agus ba é a bhí i gceannas ag drioglann Lána Marrowbone nuair a ghéill siad an Domhnach 30 Aibreán 1916. Cuireadh chun báis é 8 Bealtaine 1916.

Edward Daly

I Luimneach in 1891 a rugadh é agus bhí baint ag a mhuintir roimhe le poblachtánachas; bhí a uncail John Daly páirteach in Éirí Amach 1867. Ba é Edward Daly a bhí i gceannas an Chéad Chathláin le linn an Éirí Amach, d’ionsaigh siad an Bridewell agus Beairic Linenhall agus thóg sé na Ceithre Chúirt ina dhiaidh sin. Bhí sé an-mhór le Tomás Ó Cléririgh agus neartaigh an cairdeas tuilleadh nuair a phós an Cléireach deirfiúr Edward Daly. Cuireadh Edward Daly chun báis an 4 Bealtaine 1916.

Seán Heuston

In 1891 a rugadh é agus is air a bhí eagrú Fhianna Éireann i Luimneach. Bhí Heuston i dteannta Con Colbert páirteach in oideachas na mbuachaillí i Scoil Éanna agus d’eagraigh siad druileáil agus cleachtadh le muscaedaíocht. Thóg cuid den Chéad Chathlán faoi cheannas Heuston an Medicity Institute ar an taobh ó dheas den Life agus sheas siad an fód ansin go ceann dhá lá. Cuireadh chun báis é an 6 Bealtaine 1916. Is ina dhiaidh atá stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath ainmnithe.

Thomas Kent

In 1865 a rugadh Kent. Gabhadh é ag a theach ag Caisleán Ó Liatháin, Co. Chorcaí nuair a thug an Royal Irish Constabulary ruathar faoin áit an 22 Aibreán 1916. Maraíodh a dheartháir Richard le linn an ruathair. Bhí sé i gceist aige dul go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh san Éirí Amach ach nuair a cuireadh an t-ordú chun airm do na hÓglaigh ar ceal Domhnach Cásca ghlac sé leis go raibh an tÉirí Amach curtha siar agus d’fhan sa bhaile. Cuireadh chun báis ag Beairic Choinneála Chorcaí an 9 Bealtaine 1916 é tar éis chúirt mhíleata. Athainmníodh an stáisiún iarnróid i gCorcaigh ina dhiaidh in 1966.

John MacBride

I Maigh Eo a rugadh é in 1865. Ainneoin go raibh sé oilte ina dhochtúir d’éirigh sé as an gceird sin agus chuaigh ag obair le cógaisíocht. Thaistil sé go Meiricieá in 1896 le hobair an IRB a chur chun cinn agus ansin go dtí an Afraic Theas áit ar chuir sé le chéile Briogáid Transvaal na hÉireann le linn Dara Cogadh na mBórach. Phós MacBride an náisiúnach Maude Gonne in 1903. Ní raibh sé sna hÓglaigh ach nuair a thosaigh an tÉirí Amach thairg sé cúnamh do Thomás Mac Donnchadha agus bhí sé i monarcha brioscaí Jacob nuair a géilleadh an áit sin an Domhnach 30 Aibreán 1916. Cuireadh chun báis é an 5 Bealtaine 1916.

Michael Mallin

Fíodóir síoda a bhí i Mallin. I mBaile Átha Cliath a rugadh é in 1874. Bhí sé i dteannta an Chuntaois Markievicz i gceannas buíon beag den Arm Cathartha a raibh sé mar Cheann Foirne orthu nuair a thóg siad Faiche Stiabhna agus Coláiste na Máinlia. Cuireadh chun báis é 8 Bealtaine 1916..

Michael O’Hanrahan

I Loch Garman a rugadh Michael O’Hanrahan. Léirigh sé bua na scríbhneoireachta agus é óg agus d’oibrigh sé go dúthrachtach leis an nGaeilge a chur chun cinn. Ba é a bhunaigh an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i gCeatharlach agus d’fhoilsigh sé dhá úrscéal, A Swordsman of the Brigade agus When the Norman Came. Ar nós go leor eile de na ceannairí a cuireadh chun báis bhí sé sna hÓglaigh ó bunaíodh iad agus ba é an dara ceannaire é faoi Thomás Mac Donnchadha ag monarcha brioscaí Jacob le linn an Éirí Amach cé gur ghlac John Mac Bride an ról sin air féin cuid mhaith nuair a tháinig sé ann. Cuireadh chun báis é an 4 Bealtaine 1916.

Liam Mac Piarais

I mBaile Átha Cliath a rugadh é in 1881. Deartháir le Pádraig Mac Piarais a bhí ann, bhí sé níos óige ná Pádraig agus bhí an tsuim chéanna aige i saoirse na hÉireann. Chuidigh sé le Pádraig le Scoil Éanna a rith. Bhí an bheirt deartháir an-mhór le chéile agus throid siad le hais a chéile in Ard Oifig an Phoist. Cuireadh Liam chun báis an 4 Bealtaine 1916. Athainmníodh stáisiún iarnróid na bPiarsach i Rae an Iarthair i ndiaidh an bheirt dearthár in 1966.