English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Nollaig Shábháilte


Beidh Éire ag bogadh go dtí Leibhéal 3 Dé Máirt an 1 Nollaig, le roinnt eisceachtaí i bhfeidhm do thréimhse na Nollag.

Gníomhaíocht Ón 1 Nollaig Ón 4 Nollaig Ón 18 Nollaig
Cuairteoirí chuig do theach Ní cheadaítear cuairteoirí ar bith seachas iad sin sa bholgán tacaíochta Ní cheadaítear cuairteoirí ar bith seachas iad sin sa bholgán tacaíochta 2 theaghlach eile
Ionaid adhartha Uasmhéid 50 Uasmhéid 50 Uasmhéid 50
Músaeim, dánlanna agus pictiúrlanna Oscailte Oscailte Oscailte
Bialanna Dúnta Oscailte Oscailte
Tithe tábhairne atá ag feidhmiú mar bhialanna Dúnta Oscailte Oscailte
Tithe tábhairne ‘fliucha’ Soláthar agus le tabhairt leat Soláthar agus le tabhairt leat Soláthar agus le tabhairt leat
Miondíol Oscailte Oscailte Oscailte
Taisteal taobh amuigh de do chontae Ní cheadaítear Ní cheadaítear Ceadaítear

Seicliosta maidir le Nollaig Shábháilte

Déan ceiliúradh ar bhealach sábháilte le linn shéasúr na Nollag – fan slán agus tugaigí aire dá chéile:

  • íoslaghdaigh teagmhálacha le daoine
  • caith clúdach aghaidhe agus nigh na lámha go rialta
  • déan siopadóireacht i mbealach sábháilte, seachain sluaite taobh istigh agus taobh amuigh
  • má airíonn tú tinn, ná téigh sa seans – fan sa bhaile agus téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh
  • coinnigh aer úr ag scaipeadh i do theach

Siopadóireacht Shábháilte

  • nuair atá siopadóireacht na Nollag á pleanáil agat, tacaigh le do thoil le miondíoltóirí agus gnólachtaí áitiúla. Má airíonn tú tinn ba chóir duit fanacht sa bhaile
  • ag an am gnóthach seo den bhliain is féidir leat siopadóireacht a dhéanamh ar líne go fóill nó do chuid earraí a bhailiú nó iad a thabhairt chomh fada leat
  • má théann tú amach ag siopadóireacht, cuir éadaí teo ort féin ar fhaitíos go mbeidh ort seasamh i scuaine
  • déan iarracht dul ag siopadóireacht le linn uaireanta seachbhuaice agus fan 2 mhéadar ó shiopadóirí eile
  • ní mór duit do mhasc a chaitheamh sa siopa ar mhaithe le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht siopadóirí eile agus foirne
  • déan iarracht an t-achar a chaitheann tú ag siopadóireacht a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus cuimhnigh díghalrán lámh a úsáid agus tú ag dul isteach i siopa agus é á fhágáil
  • tá tuilleadh treorach ar fáil do ghnólachtaí

Cuartaíocht shábháilte

Ag cuartaíocht faoi Nollaig

Is cuid thábhachtach den Nollaig dúinn ar fad a bheith ábalta am a chaitheamh lenár dteaghlach, lenár gcairde agus lenár gcomharsana. Ina dhiaidh sin féin, mar is eol dúinn ar fad, beidh rudaí beagán difriúil i mbliana. Mar sin tóg beagán ama chun pleanáil chun cinn, seo roinnt leidí le cuimhneamh cén chaoi ar féidir linn ar fad leanúint á dhéanamh sin, ach ag cinntiú ag an am céanna go gcoinneoidh muid a chéile slán chomh maith.

Cuimhnigh ar na bunriachtanais

  • nigh do chuid lámha go minic le gallúnach agus le huisce nó úsáid maothóir lámh alcólbhunaithe mura mbreathnaíonn sé go bhfuil do chuid lámh salach.
  • nuair atá tú ag casacht agus ag sraothartach, clúdaigh do bhéal agus do shrón le d’uillinn nó le ciarsúr.
  • seachain a bheith ag leagan do lámh ar do shúile, do shrón agus do bhéal.
  • léigh treoir iomlán ar cén chaoi tú féin a chosaint

Taobh amuigh nuair is féidir

  • nuair atá tú ag caitheamh am le cairde agus le do theaghlach le linn shéasúr na Nollag, déan iarracht é a chaitheamh taobh amuigh nuair is féidir
  • tá sé níos sábháilte éadaí teo a chur ort agus taitneamh a bhaint as comhluadar daoine eile in áiteanna taobh amuigh seachas taobh istigh

Ag tabhairt cuairt ar chlann, cairde agus comharsana soghonta

  • caith masc nuair atá tú ag casadh le daoine soghonta agus leo siúd a bhfuil bunghalair orthu
  • má tá tú taobh istigh, déan cinnte nuair is féidir go bhfuil an áit aeraithe go maith
  • cuir teorann leis an méid ama a chaitheann sibh le chéile
  • déan cinnte go bhfuil na daoine sin compordach go bhfuil tú chun cuairt a thabhairt orthu sula dtéann tú chomh fada lena ndoras

Ag ithe béile i gcaiféanna agus i mbialanna

  • díghalraigh do chuid lámh nuair a théann tú isteach agus ar fhágáil duit
  • caith do mhasc aghaidhe taobh istigh agus nuair atá tú ag gluaiseacht timpeall an fhoirgnimh
  • tabhair sonraí d’fhonn rianú teagmhálacha a éascú
  • Tá tuilleadh eolais ag Fáilte Ireland

Lá Nollag Sábháilte

Pleanáil chun cinn

  • pleanáil cén chaoi a gcaithfidh tú do Lá Nollag agus cé leis/léi a mbeidh tú i dteagmháil
  • coinnigh do liosta aíonna gearr agus déan iarracht a chinntiú go ndéanann tú do dhlúththeagmhálaithe a theorannú sna laethanta agus sna seachtaine roimh ré
  • cuimhnigh – comhaireann gach teagmhálaí!

Ar theacht na n-aíonna

  • déan iarracht aíonna a spreagadh díghalrán a úsáid nó a gcuid lámh a ní nuair a thagann siad isteach i do theach nó déan amhlaidh nuair a thagann tú chomh fada le teach duine éigin eile

Dean teagmháil a theorannú

  • déan iarracht barróga, póga agus croitheadh lámh a sheachaint agus daoine ag teacht isteach
  • ná roinn soithí ná gloiní
  • seachain bia a roinnt agus bia a bheith leagtha amach mar stíl buifé

Tabhair beagán áit bhreise

  • déan iarracht spás breise a bheith ag an mbord dinnéir
  • Cinnteoidh spás breise idir áiteanna ag an mbord go bhfuil gach duine compordach agus go bhfanfaidh siad slán
  • ba chóir go suíodh daoine ón teaghlach céanna le chéile

Sa chistin

  • cuimhnigh masc a chaitheamh nuair atá tú ag cócaireacht agus ag tabhairt bia chun boird
  • cuir teorainn leis an méid daoine atá sa chistin

Aer úr

  • coinnigh do theach agus na háiteanna a bhfuil daoine ag bailiú aeráilte
  • coinnigh fuinneoga agus doirse oscailte nuair is féidir
  • déan iarracht dul ar shiúlóid nó caith am amuigh faoin aer