Ráiteas Rialtais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ráiteas Rialtais

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Phlé an Rialtas an comhfhreagras idir an Príomh-Bhreitheamh agus an Breitheamh Woulfe a foilsíodh inné.

Rinne an tArd-Aighne cur síos ar na saincheisteanna tromchúiseacha bunreachtúla atá anois ag teacht chun cinn agus ar na freagrachtaí faoi seach atá ag gach foras den Stát mar atá leagtha amach sa Bhunreacht, lena n-áirítear róil na mBreithiúna agus an Oireachtais ach go háirithe.

Is maith a thuigeann Comhaltaí an Rialtais, ar Comhaltaí Oireachtais iad chomh maith, an íogaireacht agus tromchúis a bhaineann leis na saincheisteanna agus an gá atá ann go léireoidh gach lena mbaineann meas ar an gcreat bunreachtúil i gcónaí. Cuimsítear ráiteas poiblí míchuí a sheachaint air sin.

D'aontaigh an Rialtas go leanfaidh sé de mhachnamh a dhéanamh ar na saincheisteanna sin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat