Tástálacha antaigine COVID-19: An t-eolas a theastaíonn uait
-
Ó: Roinn an Taoisigh; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; An Roinn Sláinte
- Foilsithe: 1 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 8 Márta 2022
- Nuair is ceart tástálacha antaigine a úsáid
- Conas tástálacha antaigine a úsáid
- Toradh dearfach ar thástáil antaigine
- Toradh diúltach ar thástáil antaigine
‘Tástálacha sreafa chliathánaigh’ a thugtar ar thástálacha antaigine freisin. Sin iad na tástálacha atá le ceannach sa siopa agus sa chógaslann agus is féidir a úsáid sa bhaile.
Nuair a bhíonn tú ag úsáid tástáil antaigine, baineann tú leas as maipín le sampla a thógáil as do shrón. Ní théann an sampla tástála chuig saotharlann mar a tharlaíonn i gcás tástáil PCR COVID-19. Bíonn toradh agat de ghnáth laistigh de 15 nóiméad.
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le tástálacha antaigine atá le ceannach i siopa a úsáid.
Nuair is ceart tástálacha antaigine a úsáid
Más oibrí cúraim sláinte thú agus dlúth-theagmhálaí teaghlaigh, bain úsáid as tástálacha antaigine:
mura bhfuil comharthaí sóirt COVID-19 ort
mura raibh COVID-19 ort le 3 mhí
Más oibrí cúraim sláinte thú agus go bhfuil comharthaí sóirt COVID-19 ort, déan tástáil PCR.
Tá na socruithe maidir le clár tástála antaigine scoileanna agus saoráidí cúraim do leanaí in aois scoile fós i bhfeidhm.
Ní mholtar tástálacha antaigine a úsáid ar leanaí faoi 4 bliana d’aois.
Conas tástálacha antaigine a úsáid
Lean na treoracha seo:
Ná ceannaigh ach tástálacha antaigine a bhfuil an marc CE orthu. Is marc cáilíochta caighdeán é CE a bhíonn ar tháirgí a dhíoltar ar mhargadh na hEorpa. Is ionann sin a rá go bhfuil an táirge ag cloí le caighdeáin sábháilteachta agus feidhmíochta na hEorpa
díghalraigh do lámha
leag an tástáil ar dhromchla glan, ré
léigh go cúramach na treoracha a thagann leis an tástáil antaigine. Bíonn na tástálacha ar fad éagsúil agus cinntigh go leanfaidh tú na treoracha a bhaineann go díreach leis an tástáil atá agat
cuir an tástáil agus na hábhair ar fad sa bhruscar nuair a bheidh an toradh faighte agat
Tá tuilleadh comhairle maidir le tástáil antaigine a úsáid le fáil ar láithreán gréasáin an HSE.
Toradh dearfach ar thástáil antaigine
Má bhíonn toradh dearfach ar do thástáil antaigine ní mór duit féinleithlisiú (fan i do sheomra) agus na treoracha seo a leanas a leanúint.
Toradh diúltach ar thástáil antaigine
Má tá toradh na tástála antaigine diúltach (‘níor braitheadh’), tuairiscigh an toradh diúltach antaigine ar líne. Cuidíonn sin leis an HSE tuilleadh eolais a fháil faoi thástálacha antaigine.
Ní hionann toradh diúltach ar thástáil agus a rá nach bhfuil COVID-19 ort. Lean an chomhairle sláinte poiblí maidir le conas tú fhéin agus daoine eile a chosaint.
Má tá comharthaí sóirt COVID-19 ort, déan féinleithlisiú go dtí go mbeidh sé 48 uair an chloig ó bhí comharthaí sóirt ort.