English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Taisteal go hÉirinn as áit atá ar an Liosta Glas maidir le COVID-19

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 23 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2020

Sa chás gur as áit atá ar an Liosta Glas maidir le COVID-19 atá tú ag taisteal go hÉirinn, seo an t-eolas a theastaíonn.


Roimh theacht go hÉirinn duit

Ní mór duit Fhoirm Aimsithe Paisinéirí COVID-19 a líonadh isteach ar líne sula dtagann tú. Sa chás nach líontar an fhoirm, is féidir pionós a ghearradh, fíneáil suas le €2,500 san áireamh nó téarma príosúnachta suas le 6 mhí.


An chomhairle reatha maidir leis an tsláinte phoiblí in Éirinn

In Éirinn duit, tá ort déanamh de réir na comhairle sláinte poiblí mar a leagtar amach thíos.

Ba chóir duit:

  • na lámha a ní go maith go rialta - go háirithe tar éis a bheith amuigh duit nó isteach is amach i dtithe dhaoine eile nó in árais gnó
  • cloí le dea-ghnás maidir le casacht nó snaofairt
  • cloí leis an scaradh sóisialta - coinneáil dhá mhéadar ó dhaoine eile
  • áiteanna ina bhfuil slua a sheachaint chomh mór agus is féidir - imeacht as áit sa chás gur deacair cloí leis an scaradh sóisialta
  • masc éadain a chaitheamh nuair atá an córas iompair phoiblí in úsáid agat. Tá sin ina cheangal faoin dlí - is féidir fíneáil a ghearradh ort nó cead isteach a shéanadh ort sa chás nach bhfuil ceann á chaitheamh agat
  • an córas iompair phoiblí a sheachaint ach amháin maidir le turas bunriachtanach - siúl nó rothaíocht a dhéanamh más féidir
  • masc éadain a chaitheamh nuair atáthar in áit phoiblí, mar shampla siopa nó ionad siopadóireachta. Tá sin ina cheangal faoin dlí.
  • oibriú ón mbaile más féidir - murar féidir oibriú ón mbaile, coinneáil dhá mhéadar ó dhaoine eile
  • masc éadain a chaitheamh nuair a thugtar cuairt ar dhaoine atá 70 bliain d'aois nó os a chionn, nó ar dhuine leochaileach eile - bí cinnte go gcloítear leis an scaradh sóisialta ar mhaithe leosan

Ba cheart go mbeadh aird ag gach duine atá ag taisteal ar chomharthaí COVID-19.

Seo a leanas na comharthaí coitianta:

Má thugann tú faoi deara comharthaí COVID-19, coinnigh chugat féin go hiomlán agus labhair leis an dochtúir teaghlaigh gan mhoill nó le HSE Live ar 1850 24 1850.