Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ómós léirithe ag an Taoiseach do Brendan Halligan

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 9 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

Tá a ómós léirithe ag an Taoiseach Micheál Martin don eacnamaí agus polaiteoir as Éirinn Brendan Halligan a bhásaigh inniu.

Dúirt sé, "Is oth liom a chloisteáil go bhfuil Brendan Halligan imithe ar shlí na fírinne.

Fear a thug a shaol don pholaitíocht agus don tseirbhís poiblí ab ea é agus bhí sé fíorthiomanta go deo d'fhorais an stáit.

"Saoránach de chuid na hEorpa a bhí i Brendan, a chreid i luachanna an Aontais Eorpaigh.

"Is é a bhunaigh agus a bhí ina Stiúrthóir ar an Institiúid Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta (IIEA), agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.

"Sa cháil sin, d'éirigh leis réimse leathan barúlacha ar shaincheisteanna Eorpacha agus domhanda a éascú. D'éirigh leis an iomaí duine mór le rá a thabhairt go hÉirinn.

"Ar dheis Dé go raibh a ainm dílis."

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat