English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid ag An Taoiseach, Cruinniú Mullaigh Síochána Nelson Mandela Náisiúin Aontaithe, Nua Eabhrac

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2018
  • An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Uachtarán an Chomhthionóil Ghinearálta,

A Ard-Rúnaí,

A Uachtarán Ramaphosa,

A Oirirceas Machel, a Bhean Uasail,

A Oirirceasa, a Aíonna Oirirce, a Dhaoine Uaisle.

Is mór an onóir duaim a bheith in éineacht libh inniu agus muid ag glacadh Dearbhú Polaitiúil Nelson Mandela. Meabhraíonn sé dúinn go léir go bhfuil oidhreacht Mandela beo, curtha faoinár gcúram ionas go mbeimid inár dtóirsirí síochána agus athmhuintearasa, don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht.

Taobh lenár gcairde mhóra ón Afraic Theas, Side by side with our great friends from South Africa, ba mhór an phribhléid a bhí ag Éirinn Ireland was privileged chun an obair a d'éirigh le Dearbhú Polaitiúil an lae inniu a chomhéascú.

Athdhearbhaím libhse go léir inniu go leanfaidh Éire de bheith ag seasamh le hidéil na Náisiún Aontaithe agus oibreoidh Éire leis an bpobal idirnáisiúnta chun na haidhmeanna a bhaint amach a d'oibrigh Mandela féin go daingean le linn a shaoil.


I scéal Mandela, aithnímid na dúshláin agus na buaithe a bhí aige, chomh maith leis na dúshláin agus an dóchas a bhí aige don chine daonna.

Chuaigh a throid ar son na saoirse agus na dínite uilíocha - beag beann ar cine, inscne, gnéasacht, dath craicinn nó creideamh – i bhfeidhm ar ár bhfís dár dhaonnacht choitianta agus thaispeán sé gur féidir an rud atá dodhéanta a dhéanamh, gan amhras. Léiríodh é sa chéad bhunreacht dhaonlathach na hAfraice Theas, scríofa le bheith fóirsteanach do náisiún ilpháirtí. Is teimpléad é do dhaonlathais nua sa lá atá inniu ann.

A chairde dhílis, sa bhliain seo in Éirinn, marcálfaimid 20 bliain ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta againn, a thug síocháin chuig na Breataine agus chuig Éirinn tar éis na blianta a bhí lán le foréigean searbh, agus a thug comhoibriú níos láidre idir an Tuaiscirt agus an Deiscirt chomh maith le roinnt na cumhachta i dTuaisceart na hÉireann, ar a laghad, cuid is mó den am.

Cuireadh Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann chun cinn le heagna agus le cúnamh ó chairde ar fud an domhain, tú féin san áireamh, a Uachtarán Ramaphosa. Beimid fíorbhuíoch go deo díot as seo.


Chonaiceamar féin na fírinní dhoimhne a léirigh Nelson Mandela. Trína chuid focal agus trína ghníomhartha:

  • níl an choimhlint fhoréigneach dosheachanta;
  • is lenár naimhde a dhéanaimid síocháin leo, ní lenár gcairde;
  • déantar athmhuintearas a chothú trí bhogadh ar aghaidh ón bpian a ndearnadh sa stair i dtreo an fhírinne agus maithiúnas.

Agus, an rud atá is doimhne ar fad, is féidir an príosúnach a shaoradh chomh maith leis an séiléir.

Fiche a hocht bliain ó shin, gan ach cúpla mí tar éis dó a bheith saor ón phríosún, Twenty-eight years ago, just months after being released from prison, greanadh ócáid i m'intinn nuair nach raibh ionam ach buachaill óg, an occasion etched in my memory as a young boy, tugadh an onóir speisialta do Nelson Mandela labhairt os comhair pharlaimint na hÉireann. Is ansin a spreag sé muid lena chuid cainte nuair a thug sé faoi 'sotal an chiníochais' agus thug sé onóir dóibh siúd a raibh misneach acu a bheith 'sa tóir ar an saoirse'

Sa Ghaeilge s'againne, deirimid faoi dhaoine fíor-suntasacha:

‘Ni bheidh a leithéid ann arís’.

Agus ní fhéadfainn cur síos níos fearr a dhéanamh d'uathúlacht Mandela.

Creidim go dtreoraíonn oidhreacht Nelson Mandela muid chuig fírinne níos doimhne.

Is féidir leis an mbás glór a chur ina thost, ach ní féidir lena theachtaireacht a chur faoi chois go deo. Cloistear go deo é. Agus téann sé i bhfeidhm go domhain orthu siúd a thagann ina dhiaidh.


Spreagtha arís eile ag teachtaireacht Nelson Mandela, ba cheart dúinn guth a chur ar fáil do na daoine atá faoi chois ar fud an domhain. Bheith sa tóir ar réitigh choitianta treoraithe ag luachanna comhchoiteanna cosúil lenár gcreideamh san iltaobhachas, saoirse an duine, cearta daonna, daonlathas agus ár bplainéad a chosaint.

Ba cheart dúinn brath ar fhocail an Dearbhaithe seo agus muid ag féachaint i dtreo dúshláin an tAonú hAois is Fiche.

Ag aithniú an méid atá déanta maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne, caithfimid ár n-iarrachtaí a athnuachan chun a thuilleadh fhorbairt a dhéanamh ar an comhionannas inscne ar fud an domhain. Agus ní mór dúinn deis níos fearr labhartha a bheith ag daoine óga sna cinntí a rachaidh i bhfeidhm orthu - todhchaí ár bplainéad.

Tagann cogaíocht agus an fuath faoi chuid mhór gnéithe éagsúil, ach níl ach aghaidh amháin ag an tsíocháin ar fud an domhain. Is é sin an íomhá dóibh siúd a osclaíonn a gcroíthe agus a n-aigní agus a dhéanann an rud atá dodhéanta, agus craiceann a chur ar an saol seo atá romhainn.

Go raibh maith agaibh.