English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid an Taoisigh, comóradh 25 bliain ar Dhíchoiriúlú ar an hOmaighnéasachas Seiceáil in éadan an méid a dúradh

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 24 Meitheamh 2018
  • An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A dhaoine uaisle, a chairde agus a chomhghleacaithe, tráthnóna maith daoibh agus fáilte chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Mar is eol daoibh, tá an ait seo ar cheann de na láithreacha stáit is tábhachtaí, ba é lárionad riail na Breataine in Éirinn le breis is 700 bliain. Tá ceanncheathrú na gCoimisinéirí Ioncaim anseo anois, agus mura bhfuil an cháin ar fad íoctha agat, is féidir leo í a bhailiú uait ar do bhealach amach.

Ina theannta sin, úsáideadh an áit seo d’ócáidí stáit speisialta, do dhinnéir oifigiúla agus uair i ngach 7 mbliana le haghaidh insealbhú an Uachtaráin agus le haghaidh ócáidí stáit a gcreideann an rialtas a bheith iontach tábhachtach a cheiliúradh agus ar ndóigh seo ceann acu. Táimid ag ceiliúradh inniu, cothrom an lae 25 bliain ó shin nuair a reachtaíodh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), ina ndearnadh díchoiriúlú ar an homaighnéasachas.

Cuireann seo ar ár gcumas mar stát agus mar sochaí, dhá rud a dhéanamh.

Ba chóir admháil ar an gcead dul síos don éagóir stairiúil a rinneadh ar dhaoine aeracha sa tír seo ar feadh tréimhse i bhfad ró-fhada. Agus ba chóir aitheantas a thabhairt do na grúpaí pobail agus do na gníomhaithe, agus tá lear mór agaibh anseo anocht, a rinne feachtasaíocht chun an t-athrú sin a chur i gcrích.

An tseachtain ceo caite, ghabh an Dáil agus an Seanad a leithscéal, ar bhonn uile pháirtí, leis na mílte laoch anaithnid a ndearnadh coirpigh díobh faoinár ndlíthe. Níor bhain sé ach le fir aeracha go díreach ach bhí drochthionchar aige ar leispiaigh chomh maith.

Thugamar onóir do na fir agus do na mná a mhothaigh an grá sin ach nach raibh in ann labhairt faoi, daoine a rinne iarracht gnáthshaol a chaitheamh i sochaí ina raibh eagla roimh a gcuid feiniúlachta agus ina raibh gráin agus drochmheas orthu.

Is mó duine a thug a chúl leo. Ní dhearna sibhse anseo é sin.

Thug sibh treoir dóibh, d’oibrigh sibh ar línte cabhracha, d’éist sibh le daoine nár tugadh cluas dóibh agus labhair sibh amach ar son na saoránaigh ar cuireadh ina tost iad.

Fíor mhisneach a bhí ansin.

De bharr an mhisnigh, sin lean sibh ar aghaidh cé go raibh a lán daoine sa tsochaí in bhur

n-éadan nó in bhur gcoinne. Bheartaigh sibh an stair a chruthú, seachas bheith cloíte aici.

Chinn sibh dul i ngleic leis an gconspóid, beag beann ar an gcostas pearsanta.

Scríobh an t-údar clúiteach Meiriceánach, Ernest Hemingway faoi mhisneach. Chreid sé

gurbh cháilíocht dhaonna fhíorghann agus luachmhar é.

Ina fhocail féin, ‘ one essential, vital quality of those who seek to change a world which yields most painfully to change’.

D’athraigh an leasú ar an dlí seo meon na ndaoine, ach ní duine amháin ag gníomhaíocht as a stuaim féin a rinne é agus ní dhearnadh é thar oíche. Rinneadh é de bharr na rudaí beaga a rinne na mílte daoine, daoine mar aon libh féin, arís agus arís eile, go dtí gur éirigh libh.

D’fhulaing daoine lena linn. Cuireadh a lán daoine i bpríosún, bhí a lán daoine briste, buaileadh a lán daoine agus fiú maraíodh cuid acu.

Ach chreid Hemingway nuair a léiríonn daoine misneach i ndomhan atá éagórach thart orthu, go mbíonn dhá rogha ann; ‘the world has to kill them or break them.’ Chonaic sé an rud a dhéanann an éagóir ‘kills the very good and the very gentle and the very brave’.

Rinne ár ndlíthe é sin.

Nuair a dhéanaimid dlíthe atá éagórach, déanaimid comhpháirtithe d’ár saoránaigh san éagóir sin, bíodh sin toilteanach nó míthoilteanach. Agus athraíonn muid an dearcadh a bhí acu faoina gcuid deartháireacha agus deirfiúracha.

Is onóir mhór dom go bhfuil baill teaghlaigh Flynn anseo inniu. Tuigim go mbeidh mothúcháin éagsúla agaibh inniu, ach táimid buíoch daoibh as teacht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Niall, nia le Declan, as na focail chumhachtacha sin níos luaithe.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt arís don ról tábhachtach ceannródaíoch a bhí ag an Seanadóir David Norris maidir le ceist an díchoiriúlaithe, le fada an lá. Throid sé in éadán an dlí- agus bhuaigh an dlí- ach lean sé de, agus d’éirigh leis ar deireadh. Thud an iar-Uachtarán Mary Robinson tacaíocht mhór dó, í siúd a chuir a séala leis an acht sin 25 bliain ó shin, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as bheith anseo tráthnóna inniu freisin.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Mhaire Geoghegan Quinn chomh maith as an misneach, an chomhbhá agus an daonnacht a thaispeáin sí maidir leis an gceist seo agus í ina hAire Dlí.

Cuimhnímid freisin ar na daoine a d’fhulaing le linn na tréimhse sin, nuair ba threise an ghéarchéim AIDS, agus nuair a bhí drogall rómhór ar an Rialtas gníomhú ina taobh. Bhí ar dhaoine an tír a fhágáil, bhásaigh cuid acu agus ba chóir iad go léir a thabhairt chun cuimhne.

Is é an rud is suntasaí faoi bheith aerach sa tír seo inniu ná nach bhfuil dada suntasach faoi.

Níl tú chomh speisialta sin – cé go gceapann tú go bhfuil. Agus is cinnte nach bhfuil tú neamhghnách.

I bhfocail Lady Gaga “ Baby I was Born this Way”.

Trí bliana ó shin, d’iarr Éireannaigh homaighnéasacha idir fhir is mhná, d’iarr siad cead pósadh ar ár sochaí. Dar le daoine áirithe, ós rud é go raibh orthu cead a iarraidh, gur léirigh sin an dóigh éagórach inar caitheadh leo.

Mar sin féin, thaispeáin cumhacht agus cinnteacht fhreagra na ndaoine, an freagra a thug ár saoránaigh, thaispeáin sé cé chomh hiontach is atá an tír seo. Agus sa nóiméad sin den Reifreann um Chomhionannas Pósta, ghlac Éire leis.

Ach bhí na milliúin nóiméad bheaga eile sna fiche bliain idir an díchoiriúlú agus an comhionannas pósta. Ba iad sin garspriocanna leithéidí an phairtnéireacht shibhialta agus na hachtanna um chomhionannas, agus rud níos deireanaí, an reachtaíocht um aitheantas inscne.

Ba chóir níos mó amanna mar seo a bheith ann sna blianta atá romhainn.

Mar shampla, an tseachtain seo chugainn, tabharfaidh an tAire Simon Harris reachtaíocht os comhair na nAirí, maidir le leasú ar an Acht Leanaí agus Caidrimh Teaghlaigh. Má tá Simon anseo anocht, ar mhiste libh bhur mbuíochas a ghabháil leis as a chuid oibre ar an gceist sin agus ar cheisteanna eile sna seachtainí atá thart. Le comhoibriú an fhreasúra, agus táim cinnte go bhfaighidh muid é, beidh an reachtaíocht rite faoi am an tsosa.

Ina theannta sin, foilseoidh an tAire Zappone an Straitéis Óige Náisiúnta do Dhaoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha agus Idirghnéasacha (LGBTI+), an chéad cheann dá leithéid ar domhan, an chéad tír sa domhan ina bhfuil straitéis LGBTI+.

Sna Náisiúin Aontaithe agus thart ar an domhan, beidh mise agus na hAirí ag labhairt amach ar son chearta sibhialta do dhaoine LGBT i dtíortha eile, tíortha ina ndéantar daoine LGBT a choiriúlú nó ina ndéantar leatrom orthu fós.

Is cuma an bhfuil sé in Oirthear na hEorpa, sa domhan seo againn féin, nó má tá sé níos cóngaraí dúinn i dTuaisceart Éireann.

Ina theannta sin, beidh an tAire Charlie Flanagan ag obair lenár gcomhghleacaithe sa Lucht Oibre, ag dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána agus leis an DPP, chomh maith le hOifig Gnóthaí Baile sa Ríocht Aontaithe, chun moltaí a fhorbairt chun cur ar ár gcumas deireadh a chur leis na ciontuithe uafásacha seo ach iad a iarraidh sa chás go raibh toiliú ann, mar níl i leithscéal ach díreach leithscéal- ba mhaith linn dul níos faide agus deireadh a chur leis na ciontuithe sin chomh maith.

Is féidir linn bheith ag obair ar na moltaí mionsonraithe sin agus na moltaí deiridh a thabhairt chuig an Teach faoi dheireadh na bliana.

Agus ar deireadh, tá a fhios agam go bhfuil pleananna agus treoracha á bhforbairt ag an HSE do chlár rochtana le haghaidh PrEP in Éirinn mar chuid d’ár straitéis sláinte ghnéis. Táimid ag iarraidh go mbeidh sin i bhfeidhm an bhliain seo chugainn freisin. Níl sé chomh simplí le hord nó seic a shíniú- dá mbeadh, bheadh sé déanta faoi seo. D’fhéadfadh rioscaí a bheith ag gabháil le cógais a ghlacadh go fadtéarmach, agus mar sin de caithfimid daoine a aimsiú a mbeidh níos mó buntáistí ná rioscaí ann dóibh go cinnte agus a chinntiú go mbeidh tástáil agus monatóireacht i bhfeidhm.

Tá níos mó tástáil HIV de dhíth go ginearálta freisin mar go bhfuil a fhios againn gurb iad na daoine nach bhfuil eolach ar a stádas is dóichí a thabharfaidh an galar do dhaoine eile.

Mar fhocal scoir, mar is eol do chuid mhaith agaibh, coinním pictiúr de Harvey Milk in Oifig an Taoisigh. Feallmharaíodh é daichead bliain ó shin. Tugann an méid a chreid sé inspioráid dom nach mbíonn dóchas ina thost choíche.

Sibhse atá anseo anocht, chabhraigh sibh le meon a athrú, agus le dlíthe a athrú, agus is in onóir daoibh agus chun buíochas a ghabháil libh atá an fáiltiú seo.

Tá an-dul chun cinn déanta agus cuimhnímid ar na daoine a d’fhulaing, agus admhaímid chomh maith go bhfuil níos mó le déanamh. Bíonn tuilleadh le déanamh i gcónaí.

Ach rud amháin a bhfuil muid cinnte faoi anocht, ná go ndéanann an dóchas cúrsaí staire a athrú i gcónaí.

Go raibh míle maith agaibh.