Óráid an Taoisigh, Seoladh Phlean Gníomhaíochta an Tascfhórsa um Chomhionannas Inscne san Ardoideachas
- Foilsithe: 12 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
Móradh daoibh ar maidin, a dhaoine uaisle.
Ba mhaith liom tús a chur leis trí bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaí, an tAire Mary Mitchell O’Connor, as an gcuireadh a thabhairt dom labhairt anseo ar maidin. Murach do cheannaireacht, do thiomantas don tsaincheist seo, agus do dhúthracht, ní bheimis anseo inniu. Go raibh maith agat.
Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl, chomh maith, don Tascfhórsa. Mar gheall ar an obair a rinne sibh, tá cáipéis againn a chuireann an dá rud is cumhachtaí ar fáil sa pholaitíocht: dóchas gur féidir linn rudaí a fheabhsú; agus treoirphlean chun sin a bhaint amach.
Tá neamhionannas inscne greanta go docht inár sochaí. Bhí cultúr fuatha ban ann leis na mílte bliain anuas. Bhí srian á chur aige orainn ar feadh i bhfad ró-fhada. Mná atá i gceist le leath ár ndaonra, leath ár dtallainne, leath ár saineolais. Is iad an acmhainn neamhshaothraithe is mó atá againn. Mar sin, is ríléir go dteastaíonn athrú cultúir uainn.
Teastaíonn uainn a chinntiú go n-aithníonn gach eagraíocht go n-eascraíonn cinnteoireacht níos fearr agus timpeallacht agus lucht saothair níos táirgiúla as an éagsúlacht agus ionadaíocht fhorleathan.
Is deas liom a bheith in ann a rá gurbh é ceann de shaintréithe an Rialtais seo ár gceannaireacht ar shaincheisteanna comhionannais agus éagsúlachta. Thaispeánamar ár dtiomantas ar scála náisiúnta nuair a cuireadh an reifreann ar chomhionannas pósta ar siúl, a dhéanann ráiteas cumhachtach faoinár luachanna, agus conas a chaithimid leo siúd a rinneadh a imeallú riamh anall.
Tá reachtaíocht chéimnitheach um inscne a aithint againn. I mbliana, bhaineamar an 8ú leasú ónár mBunreacht, i bhfeachtas a bhain suntas amach i ngeall ar a aibíocht, agus an bealach a d’éisteamar le scéalta nár chualathas roimhe seo.
Nílimid críochnaithe go fóill. I bhfírinne, nílimid ach ag tosú.
- D’fhoilsíomar an Bille um Bearna Phá Inscne (Trédhearcacht Phá) a cheanglaíonn ar fhostóirí faisnéis a fhoilsiú ar na difríochtaí i bpá idir fir agus mná.
- Tabharfaimid dhá sheachtain sa bhreis de shaoire thuismitheoireachta íoctha isteach don bheirt tuismitheoirí.
- Bhunaíomar Grúpa Athbhreithnithe chun Cothromaíocht Inscne a chur chun cinn ar Bhoird Stáit. Anuraidh, ba mhná 52% de na daoine a ceapadh le Boird Stáit tríd an gCóras Ceapacháin Phoiblí.
- Agus cuirfidh an Scéim Cúram Leanaí Inacmhainne feabhas ar infhaighteacht agus costas an chúraim leanaí, agus beidh fóirdheontais mhéadaithe ann do theaghlaigh ísealioncaim agus bainfidh go leor teaghlaigh mheánioncaim tairbhe as den chéad uair.
- Tiocfaidh ardú ar chuótaí inscne iarrthóirí do Thoghcháin na Dála, arb ionann anois iad agus 30%, aníos go dtí 40% sna chéad deich mbliana eile amach romhainn.
Tá na tionscnaimh seo in ainm is a chinntiú go leagaimid an bhunchloch le fíor-chomhionannas deiseanna a chumasú do gach duine inár sochaí.
Cuirfidh an Plean Gníomhaíochta seo feabhas ar chomhionannas inscne in Institiúidí Ardoideachais na hÉireann mar gheall go gcuireann sé réitigh phraiticiúla ar fáil chun ár spriocanna a bhaint amach. Áirítear leo seo earcaíocht agus ardú céime a phromhadh ó thaobh inscne, agus clár ollúna a bhaineann le mná amháin a thabhairt isteach chun an ráta dul chun cinn a bhrostú.
Cuirtear tús le gach rud inár gcóras oideachais: eolas, féinfheasacht, comhtháthú sóisialta, cruthaitheacht, agus fiontraíocht. Gan córas oideachais éifeachtach agus cuimsitheach, ní bheidh sochaí againn atá go hiomlán saor.
Meabhraíonn eiseamláirí do mhic léinn gur féidir rud ar bith a bhaint amach. Spreagann agus inspreagann siad sinn chun ár gcumas a bhaint amach. Chun ardsprioc a chur amach romhainn. Go háirithe, ba mhaith liom dá leagfadh cailíní ardsprioc amach rompu. Teastaíonn gníomh leantach ó gach gníomh iontach den tsamhlaíocht. Caithfimid an cineál sochaí ba mhaith linn maireachtáil inti a shamhlú ar dtús, agus ansin caithfimid oibriú chun sin a bhaint amach.
Cuirtear ár bpointe tosaigh ar fáil sa phlean gníomhaíochta seo chun comhionannas inscne a bhrostú in Institiúidí Ardoideachais.
Faoi mar a dúirt iar-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki Moon,
‘teastaíonn rannpháirtíocht bhan agus fear, cailíní agus buachaillí chun Comhionannas Inscne a bhaint amach’. Tá an fhreagracht ar gach duine’.
Go raibh maith agaibh.