English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid leis an Taoiseach, Comóradh Céad Bliain ar an gCéad Dáil, Teach an Ard-Mhéara

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 21 Eanáir 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

21 Eanáir 2019

Ceann Comhairle,

Ar an lá seo, céad bliain ó shin, rinneadh ráiteas dearfa, diongbháilte, misniúil faoi thodhchaí na hÉireann. Tháinig grúpa beag daoine, a bhí i ndiaidh a bheith tofa in Westminster, le chéile anseo i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, chun an chéad Dáil a bhunú.

Ar bhealaí ar leith, ráiteas siombalach a bhí ann: bhí an Dáil ina reachtas gan aon chumhacht. Ach ó thaobh an tsiombalachais de bhí sé thar a bheith cumhachtach. D’fhógair sé nádúr daonlathach Réabhlóid na hÉireann, an luach a chuir sí ar institiúidí parlaiminteacha, agus an tóir a bhí ann chun Stát saor, neamhspleách agus daonlathach a bhaint amach.

Ba chruinniú ilteangach a bhí sa chéad chruinniú stairiúil sin agus bhí an chuid is mó de as Gaeilge, agus léadh cuid de na doiciméid i bhFraincis agus ansin as Béarla.

Inniu, tugaimid chun cuimhne an fhís sin de phoblacht shaor, neamhspleách mar a bhí leagtha amach i bhForógra na Saoirse, lena mbronnfaí cearta comhionanna agus deiseanna comhionanna ar gach saoránach. Is í an fhís chéanna a threoraímid inniu.


A Cheann Comhairle, nuair a tháinig grúpa beag daoine, a bhí i ndiaidh a bheith tofa in Westminster, le chéile céad bliain ó shin i dTeach an Ardmhéara d’athraigh siad cúrsa stair an hÉireann. Ráiteas dána, domhain agus cinntitheach a bhí i gcruinniú na chéad Dála maidir le todhchaí na hÉireann.

Ar bhealaí ar leith, ráiteas siombalach a bhí ann: bhí an Dáil ina reachtas gan aon chumhacht. Ach ó thaobh an tsiombalachais de bhí sé thar a bheith cumhachtach. D’fhógair sé nádúr daonlathach Réabhlóid na hÉireann, an luach a chuir sí ar institiúidí parlaiminteacha, agus an tóir a bhí ann chun Stát saor, neamhspleách agus daonlathach a bhaint amach.

Tá sé suntasach gur léadh amach Forógra na Saoirse i nGaeilge, i bhFraincis agus i mBéarla. Bhí an fhís de phoblacht shaor neamhspleách ilteangach ó thaobh cur chuige de agus iltaobhach ó thaobh dearcaidh. Bhí sé ar cheann a d’fhéach le ‘ceartas a athbhunú, socrú a dhéanamh maidir le cosaint sa todhchaí, síocháin sa bhaile agus dea-thoil le gach náisiúin a chinntiú agus polaití náisiúnta a bhunú bunaithe ar thoil na ndaoine le ceart comhionann agus comhdheiseanna do gach saoránach'. Is iad na prionsabail chéanna a thugann treoir dúinn inniu.

D’fhéadfaí go leor den teachtaireacht chuig ‘Náisiúin Shaora an Domhain’ a chur in iúl arís inniu. Roinnimid an fhís chéanna le náisiún trádála muiníneach, nach mór a bheith ‘oscailte do gach náisiún’.

Trínár gcomhaltas leis an AE, trínar ról leis na Náisiúin Aontaithe agus na misin coimeádta síochána a rabhamar rannpháirteach iontu, d’éirigh linn aisling na hÉireann i dtaobh a bheith i measc náisiúin an domhan amach.


Tá áthas orm béim a leagan ar thionchar ghluaiseacht an Lucht Oibre ar an gClár Daonlathach, agus feicimid an méid sin sa dearbhú seo a leanas ‘ní mór go dtabharfaí tús áite do cheart agus leas an phobail ar an gceart chun maoin phríobháideach.’ Inniu tá sé seo léirithe in Airteagal 43 de Bhunreacht na hÉireann áit a bhfuil cearta maoine príobháideacha cumhdaithe ach a bhfuil siad faoi réir leas an phobail.

Mheas go leor ag an am go raibh smaointe an Chláir Dhaonlathaigh ró-radacach. Dúirt aire amháin i gcéadrialtas an tSaorstáit nach raibh ann ach ‘filíocht den chuid is mó’. Ach bhí sé suntasach gur éirigh le rialtais a tháinig ina dhiaidh sin filíocht an Chláir Dhaonlathaigh a aistriú agus prós reachtach a dhéanamh as. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh go fóill.

Le himeacht aimsire, bhunaigh stát nua na hÉireann polasaithe 'chun aire a thabhairt do sheandaoine agus na daoine fannlaga an Náisiúin, nach measfar gur ualach iad, ach go mbeadh siad i dteideal buíochas agus meas an Náisiúin'. Bunaíodh seirbhísí sláinte chun sláinte na ndaoine a chosaint agus chun folláine fhisiciúil na tíre a chinntiú, seirbhísí a fhreastalaíonn orainn ar bhealach maith, in ainneoin na bhfadhbanna.

Trí fhorbairt fiontar faoi úinéireacht an stáit, mar shampla BSL agus Bord na Móna rinneadh: 'acmhainní an Náisiúin', 'a chuid fosuithe mianraí, portaigh móna, agus iascach, a chuid uiscebhealaí agus cuanta' a fhorbairt ‘ar mhaithe le leasanna agus chun tairbhe mhuintir na hÉireann. Ghlac sé blianta fada, agus treo nua i mbeartas eacnamaíoch na hÉireann, ach sa deireadh cuireadh beocht i dtionscail na hÉireann agus cuireadh athbhorradh faoi 'thrádáil le Náisiúin choigríche ar théarmaí buntáiste frithpháirteach agus dea-thoil' mar a thuar an clár.


Leagann an Clár Daonlathach béim freisin ar na áiteanna nach bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an Stát. Meabhraíonn an dearbhú gurb é ‘chéad dhualgas Rialtas na Poblachta’ a chinntiú ‘nach mbeidh ar aon leanbh ocras a bheith orthu ó a bheith fuar mar gheall ar easpa bia, éadach nó foscadh, ach go soláthrófar na hacmhainní agus na háiseanna is gá do gach duine chun oideachais agus oiliúint chuí a bhaint amach’ ár bhfreagrachtaí i leith leanaí dúinn.

Rinne scoileanna saothair, uchtuithe mídhleathacha agus Árais Mháithreacha agus Naíonán feall ar na hidéil sin. Cé nach bhfuil an ráta bochtaineachta i measc leanaí in Éirinn chomh hard is a bhí siad céad bliain ó shin, agus é ag titim, caithfimid déanamh níos fearr.

Sna chéad bhlianta de Shaorstát na hÉireann bhí beagnach leath mhilliún dalta sa bhunscoil, ach ní leanfadh ach duine as gach fiche ar aghaidh níos faide ná sin. Ní raibh fáil ach ag roinnt daoine ar oideachas tríú leibhéal. Ní nach ionadh do ndúirt W.B. Yeats i 1928 go raibh Éire ar ‘an tír is measa i dtuaisceart na hEorpa’.

Inniu tá muid ar cheann de na tíortha is fearr ó thaobh oideachais de. Tharla an méid sin mar gheall ar Rialtais difriúla thar na blianta - mar shampla, oideachas dara leibhéal saor in aisce a thabhairt isteach - agus is an toradh air sin ná go bhfuil idéal an Chláir Dhaonlathaigh curtha i bhfeidhm go forleathan. Sa lá atá inniu ann, freastalaíonn níos mó daoine ar ardoideachas ná riamh agus go leor acu sin ag teacht ó chúlraí neamhthraidisiúnta.


Cuimhnímid freisin go ndearnadh Aire Saothair de Constance Markievicz sa Chéad Dáil i mí Aibreáin 1919. Tá sé thar a bheith náireach gur ghlac sé seasca bliain eile sula raibh bean eile ina aire rialtais. Mar Stát bhíomar thíos leis mar gheall ar an easpa ban i bpoist chumhachta.

Cuimhnímid freisin gurb é an 21 Eanáir 1919 an dáta a tharla an luíochán Shulchóid Bheag i gCo. Thiobraid Árann, nuair a scaoileadh na céad urchair i gCogadh na Saoirse. Sna míonna agus sna blianta atá romhainn déanfaimid comóradh ar an streachailt a chabhraigh linn an neamhspleáchas a dearbhaíodh thar ceann mhuintir na hÉireann i dTeach an Ard-Mhéara an lá seo céad bliain ó shin a bhaint amach.

Tugann ócáid an lae inniu deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an am atá caite agus breathnú chun cinn chuig an am atá le theacht. Ba chéim mhisniúil, chróga í cruinniú na chéad Dála, a dhearbhaigh go raibh tacaíocht mhuintir na hÉireann taobh thiar den chomhlint chun neamhspleachas na hÉireann a bhaint amach, agus gur bhain sí a dlisteanacht uathu. Agus muid ag tabhairt ómóis don chéad Dáil, athdhearbhaímid ár gcreideamh ina hionracas daonlathach, a comhthionól leis an domhan, agus aththiomnaímid dá hidéil agus dá fís.


Ceann Comhairle,

Tugann ócáid an lae inniu deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an am atá caite agus breathnú chun cinn chuig an am atá le theacht. Ba chéim mhisniúil, chróga í cruinniú na chéad Dála, a dhearbhaigh go raibh tacaíocht mhuintir na hÉireann taobh thiar den chomhlint chun neamhspleachas na hÉireann a bhaint amach, agus gur bhain sí a dlisteanacht uathu.

Agus muid ag tabhairt ómóis don chéad Dáil, athdhearbhaímid ár gcreideamh ina hionracas daonlathach, a comhthionól leis an domhan, agus aththiomnaímid dá hidéil agus dá fís.