Óráid leis an Taoiseach, Díospóireacht maidir leis an gCáinaisnéis i nDáil Éireann, 2018
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
A Cheann Comhairle. Chreid an dara Aire Airgeadais a bhí ag an tír seo gurb é cuspóir an Rialtais an méid is mó saoirse a thabhairt do gach uile dhuine - ar mhaithe leis 'na seansanna is mó chun leasa gach duine', dar leis.
Bhí an teachtaireacht sin i gcroílár Cháinaisnéis 2019 a chuir an tAire Airgeadais reatha i láthair inné. Mar fhocal scoir, dúirt sé mar achoimre gur 'Cáinaisnéis fhreagrach í an Cháinaisnéis seo ar mhaithe le hÉire nua-aimseartha agus chomhbhách a bhfuil sé mar aidhm aici a bheith i lár an domhain seo atá ag athrú.'
Is í Cáinaisnéis 2019 ár n-iarracht leis na seansanna is mó is féidir a bhaint amach chun leasa na tíre seo – is é sin, máithreacha agus aithreacha dícheallacha, daoine atá ag tosú amach ag obair, iad siúd a bhfuil fadhbanna acu teach a cheannach, cúramóirí agus daoine aosta, teaghlaigh.
Tá teachtaireacht shimplí againn.
- Is Cáinaisnéis fhreagrach í seo a dhéanann na cuntais a chomhordú agus a dhéanann pleananna don am atá le teacht ar bhealach stuama agus inbhuanaithe. Déanaimid é seo mar creidimid inár rathúnas a chinntiú agus botúin an ama atá caite a sheachaint.
- Tá airgead curtha ar ais i bpócaí na ndaoine againn trí úsáid a bhaint as spreagthaí – an laghdú ar an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU), méaduithe ar an bpinsean agus leas sóisialta, méadú ar phá agus costais laghdaithe ar chúram leanaí agus cúram sláinte. Creidimid in obair chrua a chúiteamh. Creidimid gur cheart go mbeadh saoirse ag daoine a gcinntí féin a ghlacadh maidir le conas a gcuid airgid a chaitheamh, airgead a shaothraigh siad go crua air.
- Tá an Cháinaisnéis seo díonta ar an mBreatimeacht mar creidimid in ullmhúchán a dhéanamh.
- Agus tá infheistíocht déanta againn i seirbhísí agus bonneagar poiblí.
Cinntíonn Cáinaisnéis 2019 go bhfuil smacht againn ar a bhfuil i ndán dúinn. Cosnaíonn sé muid ar éiginnteacht ó thar lear, agus cuireann sí ar ár gcumas an bhunchloch a leagan le haghaidh Éire atá níos fearr, níos láidre agus níos sábháilte sna blianta atá amach romhainn.
Ní dhéantar dul chun cinn eacnamaíoch a thomhas trí úsáid amháin a bhaint as staidreamh eacnamaíoch. Braitear é sa difear a dhéantar do theaghlaigh, do dhaoine aosta, do thuismitheoirí dícheallacha, agus do dhaoine atá ag streachailt leis an saol. Mar sin, féadann bearta difear mór a dhéanamh do shaol na ndaoine, bearta cosúil leis an gcostas ar chúram leanaí a laghdú, costas na gcógas a laghdú agus an costas le cuairt a thabhairt ar an dochtúir a laghdú.
Tá Cáinaisnéis 2019 á cur i bhfeidhm ag tráth ina bhfuil tairbhí an dul chun cinn atá déanta againn le feiceáil. Mar sin, tá rún daingean againn na tairbhí sin a roinnt chomh forleathan agus is féidir.
Ach is tráth é seo ina bhfuil an timpeallacht sheachtrach ag éirí níos dúshlánaí.
Is féidir le forbairtí idirnáisiúnta i réimsí cosúil le trádáil agus cáin tionchar a imirt ar ár bhfolláine eacnamaíoch, mar an gcéanna le praghsanna fuinnimh atá ag ardú agus an seans go mbeidh rátaí níos airde úis.
Tá tréimhse chriticiúil san idirbheartaíocht maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe ón AE sroichte againn. Tá a fhios ag gach uile dhuine sa Teach seo go gcuireann an Breatimeacht dúshláin an-suntasach roimh an ngeilleagar agus an tsochaí. Fágann sé sin nach féidir linn dul ón mbealach cúramach a bhí mar bhonn agus mar thaca ag téarnamh na hÉireann go dtí seo.
Sa tréimhse éiginnteachta seo, ní mór dúinn botúin an ama atá caite a sheachaint agus cúrsaí airgeadais poiblí a bhainistiú go ciallmhar.
Léiríonn na príomhtháscairí eacnamaíocha go bhfuil an geilleagar ag dul go láidir go fóill.
Sa bhliain 2018 go dtí seo, táimid ag feiceáil bliain eile fáis an-láidir. Déantar réamhaisnéis anois go méadóidh OTI 7.5% i mbliana agus 4.2% sa bhliain 2019.
Ach tá a fhios againn go léir nach é OTI an tomhas is fearr maidir le fíordhul chun cinn eacnamaíoch i gcás na hÉireann. Mar sin, is cuid suntais é go ndearbhaíonn táscairí eile, cosúil le caiteachas tomhaltóirí, treochtaí cánach agus forbairtí i margadh an lucht saothair, go bhfuil bunchlocha gheilleagar na hÉireann láidir.
Thit dífhostaíocht go 5.4% agus is ionann fostaíocht iomlán agus beagnach 2.3 milliún, arb é an leibhéal is airde riamh é sin.
Cruthaíodh níos mó ná 360,000 post ón bhliain 2012, den chuid is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus is éacht suntasach é sin.
Ach chuir an rath sin leis na brúnna ar ár ngeilleagar atá ag fás, ach go háirithe maidir le ganntanais tithíochta, tráchta agus saothair. Mar sin, ní mór an geilleagar a bhainistiú go cúramach agus roghanna cúramacha a dhéanamh má táimid chun botúin an ama atá caite a sheachaint.
Baineann gach cáinaisnéis le roghanna a dhéanamh, agus is féidir linn na roghanna a dhéanfadh na páirtithe polaitiúla eile a fheiceáil go soiléir a bhuíochas do na cáinaisnéisí malartacha a d'fhoilsigh siad.
Tá na roghanna a dhéanann an Rialtas seo bunaithe ar fhreagracht.
Is fíor go bhfuil ag éirí go maith leis an ngeilleagar ach ní fhágann sé sin go ndéanann tú do mhaidí a ligean le sruth agus go ndéanann tú talamh slán de go mbeidh fás láidir ann go deo.
Moltar i gCáinaisnéis 2019 go méadófar caiteachas reatha 4% ar aon dul le leibhéal fáis an gheilleagair. Ní raibh an leibhéal sin stuaime ag Rialtais eile san am atá thart, áfach.
Idir an bhliain 1998 agus an bhliain 2008, ba ionann an meánmhéadú ar chaiteachas reatha amháin agus 11% in aghaidh na bliana. Is é sin méadú 11%, gach bliain, le costais laethúla na tíre a chlúdach.
Nuair a bhreathnaímid ar ais ar an tréimhse sin anois, cuimhnímid ar conas a rinne an cliseadh agus an cúlú eacnamaíochta saol na ndaoine ar fud na tíre a scriosadh amach is amach, agus chuirfeadh sé lagmhisneach ort a fheiceáil nár fhoghlaim an méid sin páirtithe sa Teach seo na ceachtanna sin.
Léiríonn aighneachtaí réamh-bhuiséid ó Shinn Féin, na Glasaigh, na Daonlathaigh Shóisialta, Páirtí an Lucht Oibre agus Pobal seachas Brabús go bhfuil comórtas ar an eite chlé chun airgead a chaitheamh arís agus arís eile. Agus ansin tuilleadh airgid a fháil ar iasacht.
Níl ann do stuaim agus tá cur amú airgid ar an gclár oibre.
Pobalachas atá ann seachas sóisialachas ná daonlathas sóisialta.
Léiríonn na haighneachtaí céanna réamh-bhuiséid nach dtuigeann siad an tábhacht a bhaineann le beartais sheasmhacha chánach.
Mar a léirigh an Rialtas inné, tá ról ag cáin a mhéadú i gcúinsí áirithe. Ach caithfidh na cúinsí sin a bheith soiléir agus ba cheart dúinn méaduithe ar cháin a sheachaint más rud é nach ndéantar é sin ach amháin le haghaidh airgeadh a bhailiú.
D'athraíomar an ráta speisialta CBL 9% a bhain le turasóireacht ar ais go 13.5%. Ba thionscnamh cánach é sin a tugadh isteach sa bhliain 2011 i lár an chúlaithe eacnamaíochta le poist a chruthú. Bhí sé beartaithe go rachadh an ráta in éag sa bhliain 2013, ach lean sé ar aghaidh go dtí an bhliain seo. Chomh maith le tionscnaimh eile cosúil le Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Cáin Aerfort, d'éirigh leis an ráta speisialta CBL.
Ach níl gá leis a thuilleadh. Mhéadaigh fostaíocht san earnáil turasóireachta go 235,000 agus bhí an samhradh is fearr riamh ag turasóireacht in Éirinn i mbliana, nuair a shroich líon na dturasóirí an líon is airde riamh.
Is ceart deireadh a chur leis an dreasacht anois agus an t-airgead breis a bailíodh a úsáid le hairgead a chur ar fáil d'infheistíocht i dtithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí poiblí eile a bhfuil na riachtanais is mó ar airgead acu.
Ach táimid ag déanamh airgead a infheistiú i dturasóireacht go fadtréimhseach, mar aithnímid an luach a bhaineann léi ó thaobh an gheilleagair de agus is í turasóireacht an bealach a chuirimid muid féin in iúl don domhan. Tuigimid chomh maith go gcuireann sí poist ar fáil i gceantair thuaithe.
Mar sin, déantar €35 milliún breise a dháileadh ar an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i gCáinaisnéis 2019 ar mhaithe leis an earnáil sin. Áirítear leis sin €4.5 milliún le haghaidh tionscnamh ar éirigh leo ar fud na tíre cosúil le Croílár Ceilte na hÉireann agus Slí an Atlantaigh Fhiáin. Táimid chun beagnach €10 milliún a infheistiú chomh maith le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ár nGlasbhealaí.
Agus cáinaisnéis á cur le chéile, creidimid gur cheart smaoineamh go cúramach faoi mhéaduithe ar cháin agus impleachtaí na méaduithe a thuiscint. Ní mór dúinn líon mór méaduithe cánach, a bhainfeadh ó iontaoibh eacnamaíoch, a sheachaint. Ar an drochuair, tá tuiscint theoranta air sin i measc na bpáirtithe seo.
I gcáinaisnéis mhalartach na nDaonlathach Sóisialta is ionann na méaduithe cánach agus níos mó ná €1.25 billiún agus is ann do 14 mhéadú cánach ar leith.
Is ionann na méaduithe cánach i gcáinaisnéis mhalartach Pháirtí an Lucht Oibre agus os cionn €1.6 billiún ó 11 méadú cánach ar leith.
Moltar i gcáinaisnéis dhochreidte mhalartach Shinn Féin go méadófar cáin faoi €2.9 billiún mar gheall ar 20 méadú cánach ar leith.
Is ionann na méaduithe cánach i gcáinaisnéis dhochreidte mhalartach an Chomhaontais Ghlais agus €3.5 billiún mar gheall ar 13 mhéadú cánach ar leith.
Ach is é an Comhaontas Pobal seachas Brabús a rug an chraobh leo tar éis dóibh a mholadh go méadófar cáin faoi os cionn €16 billiún. Féirín ceart atá i gceist leis sin.
Níl ach cáinaisnéis amháin atá i gceist leis seo nuair atá ag éirí go maith leis an ngeilleagar. Samhlaigh cad a dhéanfaidís thar cúig cháinaisnéis nó le linn tréimhse nach bhfuil chomh buntáisteach sin.
Bhainfeadh na tionscnaimh bheartais sin go mór dár bhfeidhmiú eacnamaíoch agus, ar an mbealach sin, chuirfidís teorainn lenár gcumas chun na héilimh ar sheirbhísí poiblí atá ag fás a shásamh.
Is codarsnacht shuntasach leis sin é príomhpháirtí an fhreasúra, Fianna Fáil, agus ní mór dom aitheantas a thabhairt don ról cuiditheach agus dearfach a d'imir an páirtí sin maidir leis an gcáinaisnéis seo, an tríú cáinaisnéis faoin gComhaontú Muiníne agus Soláthair.
Nuair a thaistealaím timpeall na tíre agus labhraím le grúpaí éagsúla faoi obair an Rialtais agus na pleananna atá againn maidir leis an todhchaí, is gnách dom ár gcur chuige i leith an gheilleagair a mhíniú trí úsáid a bhaint as sé phrionsabal. Tá na sé phrionsabal sin mar bhonn agus mar thaca ag ár gcur chuige i leith na Cáinaisnéise seo.
Is é an chéad phrionsabal ná na cúrsaí airgeadais poiblí a bhainistiú go stuama agus ár bhfiachas náisiúnta a laghdú.
Le deireadh a chur leis an timthriall de bhorradh agus cliseadh faoi dheireadh is faoi dheoidh.
Cáin a ghearradh bliain amháin agus an bhliain ina dhiaidh sin cáin a ardú go mór.
Pá a mhéadú agus é a laghdú arís ina dhiaidh sin.
Infheistíocht a dhéanamh i mbóithre, iompar poiblí, cúram sláinte agus tithíocht ar bhonn stadach.
Seachas borradh agus cliseadh, is mian leis an Rialtas seo go mbeidh na rudaí sin atá ag tíortha ag Éirinn. Is é sin, méaduithe seasmhacha ar chaighdeáin saoil agus feabhsúcháin mharthanacha ar sheirbhísí poiblí agus bonneagar poiblí, ó bhliain go bliain ar feadh glúine.
A Cheann Comhairle, ba cheart go mbeadh sé sin an gnáthscéal nua i gcás na tíre seo.
Mar sin, bhí an Rialtas meáite go dtí seo ar a chinntiú go bhfuil ár straitéis i leith Cháinaisnéis 2019 bunaithe ar mhéaduithe seasmhacha ar chaiteachas poiblí a bhfuil ioncam cánach seasmhach agus intuartha mar bhonn agus mar thaca aige.
Táthar ag súil le níos mó anois mar gheall ar fheidhmiú iontach ár ngeilleagair. Ar an iomlán is rud iontach é sin. Ach níor cheart go sásófaí gach ceann de na héilimh sin agus ní féidir gach ceann a shásamh ach oiread.
Is é Cáinaisnéis 2019 an chéad Cháinaisnéis nach bhfuil easnamh i gceist léi ó Cháinaisnéis 2007.
Agus mar gheall ar ár mbainistíocht stuama ar an ngeilleagar go dtí seo, beidh an deis againn caiteachas a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe an bhliain seo chugainn.
Táimid tiomanta chomh maith do bhonn leathan cánach a choinneáil a ghineann an sruth inbhuanaithe ioncaim atá riachtanach le hairgead a chur ar fáil do sheirbhísí poiblí.
Ní féidir linn gealltanais bhuana chaiteachais a dhéanamh atá bunaithe ar ioncam nach bhfuil inbhuanaithe.
Ar an ábhar sin, tá an Rialtas ag cur roinnt den airgead ó Cháin Chorparáideach, atá níos airde anois ná mar a bhí riamh, i leataobh le haghaidh ciste do lá na coise tinne a chruthú.
Bunófar an ciste sin le €1.5 billiún ó Chiste Infheistíochta Straitéisí d'Eirinn agus cuirfear leis trí ranníocaíocht bhliantúil €500 milliún ón Státchiste a thosóidh an bhliain seo chugainn.
Is é an dara prionsabal ná caighdeáin mhaireachtála a ardú ar bhealach inbhuanaithe do gach duine dár saoránaigh.
- Pá agus pinsin níos fearr;
- Cánacha níos ísle ioncaim; agus
- Costais laghdaithe ar sheirbhísí poiblí: cúram leanaí, cuairteanna dochtúra, costais drugaí, muirir oideas agus costais árachais.
Sa deireadh thiar thall, tá an t-airgead a thóg rialtais roimhe seo ó íocaíochtaí seachtainiúla le cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, baintreacha, daoine dalla, agus tuismitheoirí aonair le páistí óga tugtha ar ais.
Faoi dheireadh, tá bónas iomlán 100% na Nollag tugtha ar ais againn do gach faighteoir leasa shóisialta i mbliana.
Ó mhí Márta ar aghaidh, méadófar íocaíochtaí seachtainiúla leasa shóisialta faoi €5.
Cabhróidh Cáinaisnéis 2019 le teaghlaigh chomh maith. Mhéadaíomar an creidmheas cánach do chúramóirí bhaile faoi €300 go €1,500.
Aithníonn an Rialtas seo an tábhacht a bhaineann leis na chéad chúpla bliain i saol an linbh agus cad a chiallaíonn sé sin dá dtuismitheoirí bródúla.
Mar sin, tabharfar scéim nua maidir le saoire thuismitheoireachta íoctha isteach an bhliain seo chugainn chun dhá sheachtain bhreise a chur ar fáil do thuismitheoirí i gcéad bhliain an linbh.
Beidh an tsaoire ar fáil anuas ar shaoire mháithreachais agus saoire atharthachta.
Creidimid i gcúnamh a thabhairt do na daoine is leochailí agus mar sin táimid ag méadú na hÍocaíochta i leith Leanbh Cáilithe do leanaí faoi bhun 12 bhliain faoi €2.20 in aghaidh na seachtaine agus faoi €5.20 in aghaidh na seachtaine i gcás leanaí os cionn 12 bhliain.
Agus mhéadaíomar rátaí an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua faoi €25. Imreoidh na hathruithe sin tionchar dearfach ar bhochtaineacht leanaí sa bhliain 2019.
Leagann ár mbeartas cánach béim ar leith ar chánacha dóibh siúd atá ar meánioncam a laghdú.
Tá iad siúd a fhaigheann an pá is ísle tógtha amach as grúpa na gcáiníocóirí cheana féin. Ní íocann an 30% de dhaoine a fhaigheann an pá is ísle in Éirinn cáin ioncaim a thuilleadh. Is rud maith é sin.
Ach íocann daoine a fhaigheann ioncaim mheasartha an ráta is airde cánach ioncaim. Níl sé sin cothrom.
Agus ní gnáthrud é sin i dtíortha eile san Eoraip. Déanann sé dochar dár n-iomaíochas maidir le tallann agus poist mhaithe a mhealladh go hÉirinn.
Déanaimid an t-ualach cánach ar an lucht meánioncaim a laghdú arís i gCáinaisnéis 2019.
Mar shampla, tá an tríú ráta MSU laghdaithe go 4.5 faoin gcéad againn. Chomh maith leis sin, tá an pointe iontrála don ráta níos airde cánach ioncaim do gach saothraí ardaithe faoi €750 againn, is é sin go €35,300 i gcás cáiníocóir aonair agus €70,600 do lánúineacha le dhá ioncam.
Tá foráil déanta againn do phá san earnáil phoiblí a mhéadú agus an pá íosta a mhéadú.
Tá méaduithe ar phá san earnáil phríobháideach le feiceáil chomh maith mar gheall ar an bhfás inár ngeilleagar.
Méadófar an Creidmheas i leith Ioncam Tuillte ar aon dul lenár bplean le creidmheasa cánach d'fhéinfhostaithe a dhéanamh comhionann.
Is é an tríú prionsabal lánfhostaíocht a bhaint amach, cearta fostaíochta a fheabhsú agus rochtain ar phlean pinsin do gach uile dhuine a chinntiú.
Baineann an ceathrú prionsabal lenár gclár uaillmhianach infheistíochta i mbonneagar.
Tiocfaidh méadú 24% ar chaiteachas caipitiúil ar bhonneagar poiblí an bhliain seo chugainn.
Cúpla bliain ó shin ba thír í Éire a chaith méid íseal ar bhonneagar i gcomparáid le tíortha eile, ach i gceann cúpla bliain beimid ar an tír is airde san AE. Agus is rud é sin nach mór dúinn a dhéanamh.
Mar sin, táimid chun €1.4 billiún sa bhreis a chaitheamh ar scoileanna, ollscoileanna, bóithre, iompar poiblí agus tionscadail thábhachtach eile bhonneagair.
Is tír óg í Éire. Tá an daonra ag dul i méid in Éirinn murab ionann is tíortha eile san Eoraip. Táimid ag súil leis go mbeidh milliún duine sa bhreis ina gcónaí in Éirinn faoin bhliain 2040 agus beidh 6 milliún duine ina gcónaí sa tír san iomlán.
Is tír í Éire atá díreach tar éis saibhreas a bhaint amach leis na scórtha blianta anuas, agus mar sin ní mór dúinn breith suas i go leor réimsí.
Tá sé sin á bhaint amach, go páirteach, trínár bplean uaillmhianach Tionscadal Éireann 2040 agus tacófar leis trí infheistíocht deich mbliana €116 billiún maidir lenár mbonneagar poiblí a nuachóiriú. Cabhróidh an infheistíocht sin i dtithíocht, áiseanna cúraim sláinte, oideachas, iompar, leathanbhanda agus an t-athrú aeráide deiseanna geilleagracha a thabhairt do gach cearn den tír.
Mar chuid de Cháinaisnéis 2019, tá €53 milliún sa bhreis d'infheistíocht chaipitiúil á leithdháileadh againn an bhliain seo chugainn leis an gcéad bhabhta tionscadal faoin gciste nua, An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, a mhaoiniú. Tá infheistíocht á déanamh againn I gceantair thuaithe in Éirinn agus táimid ag déanamh cinnte go bhfuil na forbairtí atá pleanáilte uaillmhianach agus inbhuanaithe, agus tá €60 milliún sa bhreis ar fáil don Roinn Talmhaíochta.
Mar chuid de Cháinaisnéis 2019, táimid ag déanamh €286 milliún a infheistiú i mbonneagar iompair nua, lena n-áirítear tionscadal maidir le rúidbhealach a chlúdach ag Aerfort Chnoc Mhuire; chomh maith le tionscadal rothar agus siúil timpeall na tíre.
Beidh €40 milliún sa bhreis ar fáil le haghaidh cosáin ar dhromchlaí réigiúnacha agus áitiúla a athchóiriú nó a dheisiú.
Léiríonn bearta eile i gCáinaisnéis 2019 an cinneadh sin le hinfheistíocht a dhéanamh inár dtodhchaí.
Beidh buiséad de bheagnach €11 billiún ag an Roinn Oideachais agus Scileanna an bhliain seo chugainn, agus léiríonn sé sin an t-athrú ar an déimeagrafaic in Éirinn agus ár gcreideamh i dtábhacht an oideachais i saolta atá ag athrú.
Mar chuid den infheistíocht sin, cruthóimid 1,300 post nua i scoileanna an bhliain seo chugainn.
Creidimid i gcúnamh a thabhairt do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun barr a gcumais a bhaint amach.
Mar sin, táimid ag déanamh níos mó ná €1.8 billiún a infheistiú ina n-oideachas, agus fágann sé sin go mbeimid ábalta líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta a ardú go beagnach 16,000.
Le hullmhúchán a dhéanamh do phoist an todhchaí, táimid ag cur níos mó ná 15,000 áit nua in ardoideachas ar fáil, lena n-áirítear os cionn 1,200 áit cheirde agus áit tuilleamh mar a fhoghlaimítear, 1,100 áit do Dhaoine faoi Oiliúint, agus 5,000 áit le foghlaim ar fad an tsaoil agus foghlaim sholúbtha a chur chun cinn. Maoinímid beagnach 3,500 áit fochéime breise chomh maith mar chuid dár n-infheistíocht sna bunchlocha tábhachta maidir lenár rathúnas amach anseo - samhlaíocht, cruthaitheacht agus intleacht ár ndaoine óga agus na ndaoine siúd in ardoideachas.
Aithnímid go bhfuil tithíocht agus easpa dídine ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an tír seo.
Ach ní bheidh tionchar ag na bearta sin ar feadh tamall maith mar gheall ar an easpa infheistíochta le linn bhlianta na géarchéime geilleagraí.
Chualamar go léir scéalta na ndaoine siúd is mó a bhuail an ghéarchéim sin, go háirithe páistí, agus ghoill na scéalta sin orainn go léir.
Creideann an Rialtas seo go láidir gur cheart go mbeadh díon os cionn gach teaghlach, go mbeadh a mbaile féin ag gach teaghlach.
Tá imní orainn go léir faoi na leibhéil reatha easpa dídine chomh maith leis na ganntanais soláthair tithíochta.
Mar sin, tá €2.3 billiún leithdháilte againn le haghaidh tithe i gCáinaisnéis 2019, ar méadú 25% é sin. Chomh maith leis sin, táimid ag cur €93 milliún sa bhreis i maoiniú údarás áitiúil ar fáil le haghaidh tithe an bhliain seo chugainn. Tá rún daingean againn seachadadh tithe a uasmhéadú agus a dhéanamh níos tapa agus cúnamh a thabhairt do na daoine is mó a dteastaíonn cúnamh uathu.
Chomh maith leis sin, leithdháileamar €1.25 billiún le haghaidh 10,000 teach sóisialta nua a sheachadadh sa bhliain 2019.
Déantar €121 milliún sa bhreis in Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a leithdháileadh i gCáinaisnéis 2019 don bhliain seo chugainn ionas go mbeimid ábalta tithe a chur ar fáil do bheagnach 17,000 duine aonair agus teaghlach nach bhfuil tithíocht shóisialta againn dóibh go fóill.
Fad atá siad á dtógáil, táimid ag déanamh €60 milliún i maoiniú caipitiúil a infheistiú ar an bpointe ionas go mbeimid ábalta cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá i gcóiríocht éigeandála anois agus le moil teaghlach breise a chur ar fáil.
Cuirfimid €30 milliún sa bhreis ar fáil le haghaidh seirbhísí easpa dídine an bhliain seo chugainn chomh maith.
Anuas air sin, tá €100 milliún curtha ar fáil le haghaidh Ciste um Shuíomhanna Seirbhísí le tacaíocht a thabhairt d'údaráis áitiúla talamh a chur ar fáil le haghaidh tithíocht inacmhainne fóirdheonaithe.
Déanfar é sin a ardú go €310 milliún thar na chéad trí bliana eile. Sa bhliain 2019, déanfaimid an maoiniú pleanáilte a mhéadú ó €20 milliún go €89 milliún. Déanfaidh sé sin seachadadh thart ar 6,000 teach inacmhainne a éascú thar shaolré an chiste.
Mar is eol daoibh go léir, is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó fadtéarmach atá roimh ár ndomhan. Déantar foráil d'infheistíocht €103.5 milliún i gCáinaisnéis 2019 le feabhas a chur ar rátaí deontais agus ardráta le haghaidh foraoisí a phlandú, agus tugtar isteach Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil le tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht charbóin táirgthe mairteola.
Chomh maith leis sin, táimid ag déanamh €70 milliún a leithdháileadh ar an Scéim Spriocdhírithe um Nuachóiriú Talmhaíochta agus ag cur €70 milliún breise ar fáil don Chlár Bainistíochta Dramhaíola agus Comhshaoil.
Déantar Cáin Chláraithe Feithiclí a mhéadú i gcás feithiclí nua díosail, ar beart comhshaoil agus sláinte é sin.
Táimid ag cur leis an tacaíocht atá ar fáil don aistriú go busanna agus leoraithe a ritheann ar ghás, ar beart comhshaoil é sin chomh maith.
Déantar eolas dár mbeartais sa réimse seo ag obair na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide chomh maith le Coiste an Oireachtais um Athrú Aeráide, agus bhí tionchar ar ár mbeartais ag tuarascáil na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Tá an tAire Airgeadais tiomanta do chonair fhadtéarmach a leagan amach maidir le cáin charbóin go dtí an bhliain 2030.
Is mór is fiú dóibh siúd a dhéanann ár dtiomantas don gheilleagar glas a cháineadh a thabhairt faoi deara gur ball den Chomhiarracht Pháras um Bhuiséadú Glas í Éire anois agus go bhfuil an Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta ar tí an chéad bhanna de chuid na hÉireann a eisiúint go luath. Tugann na bearta sin tacaíocht le saincheisteanna maidir leis an athrú aeráide a chomhtháthú lenár ngníomhaireachtaí níos leithne eacnamaíocha agus sóisialta.
Is é an cúigiú prionsabal ár seirbhísí poiblí a athchóiriú agus a nuachóiriú. Luach níos fearr ar airgead don cháiníocóir, d'othair, do mhic léinn, do theaghlaigh.
Is é athchóiriú cúraim sláinte an dúshlán is mó atá romhainn ó thaobh seirbhísí poiblí de, agus mar sin d'fhoilsíomar ár bplean maidir le cur i bhfeidhm Sláintecare, ar an ráiteas misin uilepháirtí é a thabharfaidh cúram sláinte uilíoch dúinn sa chéad deich mbliana eile.
Cuirtear €700 milliún breise ar fáil i gCáinaisnéis 2019 do Shláinte trí mheán meastacháin fhorlíontaigh. Déanfaimid an buiséad sláinte a mhéadú go €17 billiún an bhliain seo chugainn, agus léiríonn sé sin méadú 15% ar chaiteachas sláinte. Is é sin an buiséad is airde i stair an stáit é sin, agus táimid meáite ar luach ar airgead a fháil chomh maith le torthaí níos fearr d'othair.
Tríd an tairseach cháilithe a mhéadú faoi idir €25 agus €48 in aghaidh na seachtaine, cuirfimid 100,000 cárta cuairte dochtúra sa bhreis ar fáil sa bhliain 2019. Tá sé sin níos lú ná an 500,000 a moladh sa tuarascáil Sláintecare, ach is céim sa treo ceart atá ann.
Chomh maith leis sin, déantar foráil i gCáinaisnéis 2019 do:
- laghdú 25% ar chostais oideas, is é sin ó €2.00 go €1.50 do gach sealbhóir cárta leighis os cionn 70 bliain d'aois; agus
- laghdú €10 ar thairseach mhíosúil na Scéime Íocaíochta Drugaí.
Den chéad uair riamh i stair an stáit seo, beimid ag déanamh €1 billiún a infheistiú i meabhairshláinte. Arís, is fíorthábhachtach é go sroicheann an t-airgead sin an t-othar.
Chomh maith leis sin, tá na tairseacha ioncaim maidir leis an Scéim um Chúram Leanaí Inacmhainne ardaithe againn, mar ba mhaith linn é a dhéanamh éasca do theaghlaigh cúram leanaí a aimsiú dá naíonáin agus daoine a spreagadh le dul ar ais ag obair. Ó thaobh glantéarmaí de, tá an buntairseach ioncaim á hardú go €26,000 agus is ionann an tairseach uasta ioncaim agus €60,000 anois; táimid ag déanamh an asbhaint i leith níos mó ná leanaí amháin a mhéadú go €4,300.
Ceann de na seirbhísí is mó is féidir leis an stát a chur ar fáil é dlí agus ord a choinneáil ionas go mbraithfeadh daoine sábháilte ar na sráideanna agus ina dtithe.
Tá plean oibre againn chun an t-athrú is mó ó bhonn a dhéanamh ar an nGarda Síochána ó bunaíodh an stát tar éis don Tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn agus táimid ag déanamh infheistíochta lena moltaí a fhíorú.
Déanfar buiséad an Gharda Síochána a mhéadú faoi €60 milliún an bhliain seo chugainn, agus mar gheall air sin beimid ábalta 800 Garda sa bhreis a earcú. Chomh maith leis sin, táimid ag déanamh €220 milliún a infheistiú i rudaí cosúil leis an tsaotharlann fóiréinseolaíochta a thógáil; infheistíocht a dhéanamh i TFC an Gharda Síochána agus chun feithiclí Garda a cheannach; agus príosún Luimnigh a fhorbairt.
Tá €29 milliún sa bhreis á chur ar fáil d'Óglaigh na hÉireann le clár uaillmhianach athnuachana trealaimh agus forbartha bonneagair a mhaoiniú dár nArm, an tAerchór agus an tSeirbhís Chabhlaigh.
Baineann an séú prionsabal, an prionsabal deireadh, lenár ról idirnáisiúnta.
Níos luaithe sa bhliain seo sheolamar ár bplean uaillmhianach le raon agus tionchar lorg coise domhanda na hÉireann thar na chéad seacht mbliana eile a mhéadú faoi dhó - Éire Dhomhanda 2025.
Mar chuid den tionscnamh sin, tá an Rialtas ag oscailt 26 misean nua taidhleoireachta ar fud na cruinne. Is é sin an athnuachan agus an leathadh is uaillmhianaí a rinneadh riamh ó thaobh láithreacht idirnáisiúnta na hÉireann.
Thar aon rud eile, rinneamar ár dtiomantas do cheartas domhanda, neamhionannas a laghdú agus síocháin a chur chun cinn a athdhearbhú trí ghealltanas a thabhairt le cúnamh oifigiúil forbartha a mhéadú agus le coinneáil orainn ár ndea-theist maidir le coimeád na síochána a chur chun cinn.
Mar chuid de Cháinaisnéis 2019 táimid ag méadú ár mbuiséad forbartha idirnáisiúnta faoi bheagnach €110 milliún. Mar thoradh air sin, beidh ár gcúnamh forbartha thar lear ar a leibhéal is airde le deich mbliana anuas, arb ionann é sin agus 0.31% d'ollioncam náisiúnta.
Déantar buiséad ár ngníomhaireachtaí domhanda a mhéadú: Fiontraíocht Éireann; an tÚdarás Forbartha Tionscail; Bord Bia; Turasóireacht Éireann; i measc gníomhaireachtaí eile.
Nuair a rinneadh ceannaire Fhine Gael agus Taoiseach díom, gheall mé orm caiteachas ar na healaíona agus cultúr, chomh maith le spórt, a mhéadú faoi dhó laistigh de sheacht mbliana. Is ionann é sin agus méadú 10.5% in aghaidh na bliana. Tá áthas orm a dhearbhú go sáróidh na méaduithe do na healaíona, cultúr, oidhreacht agus an Ghaeltacht agus spórt an figiúr sin. Táimid ar an mbóthar ceart leis an ngealltanas sin a chomhlíonadh.
Mar aire agus mar Thaoiseach, leanaim orm spéis ar leith a bheith agam i ndaoine féinfhostaithe.
Mar gheall ar na dlúthcheangail idir geilleagar na hÉireann agus geilleagar na Breataine, beidh tionchar diúltach ag an mBreatimeacht ar gheilleagar na hÉireann gan amhras.
Tá dul chun cinn maith déanta i leith pleanáil teagmhais na hÉireann, agus is tosaíocht lárnach de chuid an Rialtais é sin go fóill a bhfuil an Tánaiste i gceannas uirthi.
Mar aitheantas do thábhacht na trádála Soir-Siar, thugamar bearta isteach lenár gcalafoirt agus aerfoirt a ullmhú chun dul in oiriúint do chaidreamh difriúil trádála leis an mBreatain i ndiaidh na Breatimeachta.
Cuireann sé sin le bearta a tugadh faoi cheana féin, lena n-áirítear iad siúd a fógraíodh i gcáinaisnéis na bliana seo caite.
Tá níos mó ná €450 leithdháilte ar ghnó cheana féin, lena n-áirítear Scéim Iasachta na Breatimeachta do Ghnó, ar fiú €300 milliún í, agus Scéim Iasachta um Fhreagairt ar Bhreatimeacht don earnáil gnó agraibhia ar fiú €25 milliún í.
Mar chuid de Cháinaisnéis 2019 táimid ag déanamh €300 milliún a infheistiú i dTionscnamh Caipitil Dhaonna. Tá Scéim Iasachta um Fhás sa Todhchaí do FBManna agus don earnáil talmhaíochta agus bia á seoladh chomh maith, scéim a gcuirfear €300 milliún eile inti. Táimid ag cur os cionn €110 milliún d'ullmhúchán don Bhreatimeacht ar fáil trasna roinnt Ranna.
Tá tacaíochtaí reatha agus caipitil a bhaineann leis an mBreatimeacht agus ar fiú €60 milliún iad á gcur ar fáil le feabhas a chur ar athléimneacht san earnáil feirmeoireachta agus ar tháirgiúlacht san earnáil bia.
Mar chuid den phleanáil chéanna fhadtéarmach, táimid ag infheistiú sna réimsí seo a leanas:
- Ár ngréasáin iompair, fuinnimh agus chumarsáide a chomhtháthú;
- Acmhainní nua a chur ar fáil d'fhorbairt agus cur chun cinn turasóireachta; agus,
- Cúnamh a thabhairt do chuideachtaí a bhféadfadh Breatimeacht tionchar a imirt orthu chun éagsúlú i margaí idirnáisiúnta.
Anuas ar an mBreatimeacht, cuireann athruithe sa timpeallacht idirnáisiúnta chánach, cosantaíochas trádála méadaithe agus teannas geopholaitiúil ardaithe dúshláin roimh ár ngeilleagar.
Tá uathoibriú, intleacht shaorga agus foirmeacha eile nuálaíochta teicneolaíochta á bhforbairt go tapa agus táthar ag súil go ndéanfaidh siad go leor post, fiontar agus tionscal a athrú ó bhonn.
Sa tír seo, baineann an príomhriosca le borradh rómhór a bheith faoin ngeilleagar fad atá an geilleagar ag teacht i dtreo lánfhostaíochta.
Is é an bealach is fearr leis na rioscaí seo a mhaolú ná athléimneacht an gheilleagair a fheabhsú agus táirgiúlacht a mhéadú.
Shocraigh an Rialtas go bhfuil tionscnamh geilleagrach nua de dhíth orainn ionas go mbeidh Éire ábalta dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn. Spreagfaidh an Tionscnamh um Phoist sa Todhchaí ár bhforbairt mar gheilleagar atá láidir, nuálach agus ceangailte le gach cearn den domhan, agus beimid ábalta dul i ngleic le hathruithe teicneolaíochta agus athruithe eile ó bhonn atá amach romhainn mar gheall ar an tionscnamh.
Tá sé dírithe ar tháirgiúlacht a fheabhsú; ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair; ar nuálaíocht; ar scileanna agus tallann; agus ar an ngeilleagar ísealcharbóin.
Cuimseoidh sé líon beag bearta a mbeidh tionchar acu agus ar féidir iad a sheachadadh i ngach ceann de na réimsí seo.
Tá iarracht uile-Rialtais á threorú agam agus ag an Aire Humphreys leis an bplean seo a fhorbairt agus déanfar comhairliúchán leathan mar chuid de.
Mar fhocal scoir, ní cuspóir ann féin é fás geilleagrach inbhuanaithe.
Déanaimid tús áite a thabhairt dó mar is é sin an bealach a dhéanaimid cinnte go bhfuil an deis ag gach duine éirí leo agus go bhfuil an deis chéanna acu rathúnas ár dtíre a roinnt. Agus go mbaineann gach cearn den tír tairbhe as ár rathúnas.
Tá an Cháinaisnéis 2019 stuama agus freagrach. Déantar cothromaíocht a aimsiú idir caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú, dul i ngleic le dúshláin struchtúracha, agus ár ngeilleagar a chosaint ar na dúshláin is dócha a bheidh romhainn sula i bhfad.
Molaim í don Teach.