English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Fógra maidir leis an gCéad Bhabhta Maoinithe don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 26 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

Dia daoibh ar maidin a dhaoine uaisle. Tá an-áthas orainn a bheith ar ais anseo i dtuaisceart na cathrach don fhógra mór seo.

I mí Feabhra, níos luaithe i mbliana, sheolamar Tionscadal Éireann 2040, ár bplean uaillmhianach maidir le todhchaí na tíre.

Inniu tá an chéad bhabhta maoinithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach ar fiú €2 billiún é á fhógairt againn.

Is é seo an dara ceann de cheithre chiste a athraíonn an bealach a dhéanaimid rudaí.

Dé hAoine seo caite bhí mé i Sligeach chun an chéad bhabhta maoinithe a fhógairt faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, agus déanfaimid fógraí den chineál céanna faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an gCiste um Theicneolaíocht agus Nuálaíocht Shuaiteach go luath.

Is é an bealach is fearr le hullmhú don todhchaí ná infheistíocht a dhéanamh inti anois.

Tionscadal Éireann 2040

Sna fiche bliain amach romhainn, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 1 milliún duine ar dhaonra na hÉireann. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh an fás sin cothrom, go mbainfidh gach cuid den tír leas as rathúlacht an náisiúin, agus go ndéanaimid é ar bhealach inbhuanaithe agus atá neamhdhíobhálach don aeráid.

Is féidir linn an méid sin a bhaint amach le Tionscadal Éireann. Níl aon phlean eile dá leithéid le fáil. Léiríonn sé cur chuige go hiomlán difriúil maidir le pleanáil dár dtodhchaí.

Tá Tionscadal Éireann 2040 comhdhéanta de phlean náisiúnta spásúlachta atá tacaithe le fíor-airgead. Leanann an t-airgead an plean.

Forálann sé do mhéaduithe móra infheistíochta inár mbonneagar poiblí - tithíocht, iompar, leathanbhanda, oideachas agus cúram sláinte.

Infheistíocht €116 billiún thar deich mbliana d'fhonn caolais thráchta a bhaint, ár seirbhísí poiblí a nuachóiriú, plódú a laghdú, agus a chinntiú go dtabharfar forbairt eacnamaíoch chuig gach cuid den tír, agus a chinntiú go mbeidh sé de chumas againn fás sa todhchaí.

Tá a fhios agam go mbíonn daoine amhrasach nuair a bhíonn polaiteoirí ag caint faoi phleananna 10 mbliana agus faoi 2040. Measann daoine go bhfuil siad ag cur rudaí ar an 'mhéar fada'. Ach ní hé sin an cás. Tá Tionscadal Éireann 2040 á chur i bhfeidhm cheana féin.

An bhliain seo chugainn beidh méadú 25% ar chaiteachas bonneagair agus is féidir na torthaí a fheiceáil ar fud na tíre cheana féin:

  • Scoileanna nua;
  • Ionaid nua chúraim phríomhúil;
  • Tithíocht nua;
  • Feabhsúcháin ar bhóithre, cumainn spóirt srl.

Cad iad ár gcuspóirí? Sraith spriocanna comhroinnte a bhainfidh pobail ar fud na tíre leas astu:

  • dlúthfhás inár sráidbhailte, bailte agus cathracha. Gan a thuilleadh sraoilleála;
  • inrochtaineacht níos fearr ar gach cuid den tír;
  • geilleagar láidir;
  • aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe;
  • pobail láidre tuaithe - 200,000 duine níos mó ina gcónaí faoin tuath in Éirinn faoi 2040;
  • rochtain ar sheirbhísí cúraim leanaí, oideachais agus sláinte d’ardchaighdeán; agus
  • áiseanna agus oidhreacht feabhsaithe.

I mí na Bealtaine, in éineacht le mo chomhAirí, sheol mé ceithre chiste nua - infheistíocht iomlán de €4 billiún. Le chéile is ionann iad agus cur chuige nua agus nuálaíoch maidir le hinfheistíocht agus caiteachas caipitil in Éirinn.

Cuirfidh an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ar fiú €1 billiún é ar chumas bailte, sráidbhailte agus ceantair tuaithe fás go hinbhuanaithe. Is éard atá i gceist leis ná áit níos tarraingtí a dhéanamh den taobh tíre in Éirinn mar áit chun cónaí inti, bogadh isteach inti, nó chun gnó a oscailt nó a reáchtáil inti.

Cuirfidh an Ciste um Theicneolaíocht agus Nuálaíocht Shuaiteach ar fiú €500 milliún é tús le comhoibriú idir na hearnálacha taighde, oideachais agus fiontraíochta, agus cabhróidh sé le poist agus saibhreas na todhchaí a chruthú.

Díreoidh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fiú €500 milliún é ar thionscadail nuálacha a bhfuil béim láidir acu ar idirghabhálacha laghdaithe

astaíochtaí san earnáil iompair, ag úsáid dul chun cinn teicneolaíochta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Tá sé mar aidhm ag an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach ar fiú €2 billiún é – an fáth go bhfuilimid anseo inniu - fás inbhuanaithe a bhaint amach i gcathracha na hÉireann agus in ionaid uirbeacha móra, ag spreagadh cur chuige comhoibríoch maidir le forbairt ag earnálacha poiblí agus príobháideacha. Cumas na láithreán athfhorbraíochta maidir le cónaí sa chathair a fheabhsú seachas sraoilleáil sna bruachbhailte. Ag fás suas, ní amach.

Ceann de na gnéithe is réabhlóidí de na Cistí seo ná go bhfuil siad iomaíoch agus oscailte do réimse leathan comhpháirtithe. Má tá smaoineamh agat faoi conas feabhas a chur ar do cheantar, teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, gníomhú ar son na haeráide a spreagadh, tá an deis agat difríocht mhór a dhéanamh.

Is infheistíochtaí straitéiseacha spriocdhírithe iad seo i dtionscadail a chabhróidh le hÉirinn níos fearr a thógáil.

Ciste Uirbeach

Inniu tá an chéad bhabhta maoinithe faoin gCiste Uirbeach á fhógairt againn agus tá níos mó fógraí le teacht.

Chuaigh fuinneamh na smaointe a cuireadh isteach i bhfeidhm go mór orainn.

Tá sé de chumas ag na tionscadail atá á bhfógairt inniu fíor-athrú a dhéanamh dár gceantair uirbeacha. Is tionscadail iontacha iad seo a spreagfaidh tionchar agus fás inár gcathracha agus inár mbailte.

Beidh sé níos éasca do chónaitheoirí maireachtáil sna bailte agus sna cathracha, agus cabhróidh siad le forbairt eacnamaíoch ár n-ionad uirbeach ar fud na tíre.

Déanfaidh siad, trí thionscadail cosúil leis na cinn a fógraíodh anseo i dtuaisceart na cathrach i mBaile Átha Cliath, athghiniúint ar ár n-ionaid uirbeacha agus cabhróidh siad lenár n-uaillmhianta maidir le dlúthfhás a bhaint amach seachas sraoilleáil leanúnach.

As beagnach 90 iarratas ar éirigh leo, is díol suntais é go bhfuil 80% de na tionscadail agus 85% den bhuiséad lasmuigh de Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá raon éagsúil tionscadal againn ar fud ár gcathracha go léir chomh maith le hionaid uirbeacha cosúil le Cluain Meala, Baile Ros Comáin agus Cathair Chill Chainnigh.

Tá forbairt réigiúnach chothrom ag croílár Thionscadal Éireann 2040, agus tiocfaidh fás dhá oiread ráta Bhaile Átha Cliath ar Chorcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh sna fiche bliain amach romhainn. Cabhróidh an clár infheistíochta atá á fhógairt againn inniu mar aon leis an méid a tharlóidh sna trí bhabhta amach anseo linn an uaillmhian sin a bhaint amach.

Bealach eile is ea ceannaireacht láidir a chur i bhfeidhm dár gcathracha. Mar sin, tionólfar pobalbhreitheanna maidir le méaraí dírthofa do Chorcaí, Gaillimh, Port Láirge agus Luimneach - rud a sholáthróidh pointe fócasach agus tiománaí chun na spriocanna fáis uaillmhianacha sin a bhaint amach.

I mí Iúil seo caite sheol mé plean Choláiste na Tríonóide maidir le Dúiche Nuálaíochta i mBaile Átha Cliath.

Tógfaidh sé seo ar dhlús na gcomhlachtaí ilnáisiúnta ardteicneolaíochta i gceantar Ché na Canálach Móire chun muid a chur chun cinn mar Chaipiteal na hEorpa -comhlachtaí ilnáisiúnta, d’fhonn gnólachtaí nuathionscanta tosaithe agus taighdeoirí a nascadh.

Thacaíonn Grúpa Stiúrtha faoi stiúir mo Roinnse leis an tionscadal agus tá an-áthas orm gur deonaíodh €1.5 milliún do Choláiste na Tríonóide do 2019, rud a chabhródh leis an bplean uaillmhianach seo a chur ar aghaidh do Bhaile Átha Cliath.

Gheobhaidh formhór mór na dtionscadal a fógraíodh inniu tús maith. Tá a fhios againn chomh maith go bhfuil go leor smaointe maithe amuigh ansin nach raibh réidh go fóill chun maoiniú a fháil – teastaíonn níos mó ama a uathu chun pleananna a fhorbairt, chun maoiniú meaitseála a dhaingniú agus mar sin de. Mar sin, beidh tuilleadh babhtaí sna blianta amach romhainn, agus tabharfar cúnamh d’iarrthóirí ionas gur féidir na smaointe is fearr a thabhairt chun cinn agus gur féidir linn féidir linn foghlaim ón méid a oibríonn go maith leis agus ón méid nach n-oibríonn chomh maith sin leis.

Ba mhaith an deis seo a thapú buíochas a ghlacadh le gach duine a rinne iarratas ar seo agus ar na Cistí eile.

Is é Tionscadal Éireann 2040 ár bplean.

Léirítear inniu conas a n-oibreoimid le chéile chun é a bhaint amach.

Níl anseo ach blaiseadh don mhéid atá le teacht.

Go raibh maith agaibh.