Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas ón Taoiseach maidir leis na heachtraí lámhaigh sna moscanna sa Nua-Shéalainn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 15 Márta 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

“Thar ceann Rialtas agus mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le muintir na Nua-Shéalainne i ndiaidh na n-ionsaithe uafásacha in Christchurch.

Is mór an dáimh atá idir muintir na hÉireann agus muintir na Nua-Shéalainne, bíodh é sin trí chúrsaí rugbaí, cúrsaí taistil nó tríd an mórtas céanna atá orainn as ár gcultúr mar oileáin bheaga.

Tá an oscailteacht, an chaoinfhulaingt agus an fháilte go mór i gcroí na Nua-Shéalainne agus a muintire. Seasaimid le muintir na Nua-Shéalainne inniu, comhaontaithe inár gcáineadh ar an ionsaí millteanach seo, gach duine againn diongbháilte nach bhfuil an fuath chun an lámh in uachtar a fháil.

Scríobhfaidh mé chuig an bPríomh-Aire, Jacinda Ardern chun ár gcomhbhrón ó chroí agus ár tacaíocht a chur in iúl di. Ba mhaith liom freisin obair chróga sheirbhísí éigeandála Christchurch a mholadh go hard.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat