English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas an Taoisigh i ndiaidh Chruinnithe na Comhairle Eorpaí, an Bhruiséil

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 4 Iúil 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

Tá áthas orm labhairt os comhair an Dáil inniu faoi chruinniú Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bhí ar siúl sa Bhruiséil Déardaoin agus Dé hAoine.

D’fhreastail mé ar an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil Déardaoin 28 Meitheamh agus Dé hAoine 29 Meitheamh. Ar an Déardaoin, bhuaileamar le chéile i bhformáid rialta chun an imirce a phlé mar aon le cúrsaí slándála agus cosanta, an geilleagar Eorpach agus trádáil, caidrimh leis an Rúis, mar aon le roinnt ceisteanna geilleagracha.

Maidin Dé hAoine, bhuaileamar le chéile i bhformáid Airteagal 50 chun caibidlíocht Brexit a phlé. Agus níos déanaí ar an Aoine, bhuaileamar le chéile ag an gCruinniú Mullaigh Euro, chun tuairimí a mhalairt maidir le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

Dar ndóigh tá tús áite ag Brexit dúinn anseo in Éirinn, ach is cúis imní í an imirce do mhórán comhpháirtithe agus díríodh go príomha ar ag gceist sin.

Chomh maith leis an gComhairle Eorpach féin, bhí cruinniú déthaobhach agam le Príomh Aire Theresa May ar Déardaoin 28 Meitheamh, chun Brexit agus cúrsaí i dTuaisceart Éireann a phlé. Faoi dheireadh, d’aontaíomar go dtionólfaí an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach arís: buailfidh an institiúid seo le chéile, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ar an 25 Iúil.

Bhuail mé freisin go neamhfhoirmiúil, le contrapháirteanna AE eile le linn an dá lá, Príomh- Aire nua na hIodáile Giuseppe Conte agus Príomh-Aire nua na Spáinne Pedro Sanchez san áireamh.

An Chomhairle Eorpach

Thosaigh an Chomhairle Eorpach ar an Déardaoin le malairt ghairid tuairimí le hUachtarán Pharlaimint ha hEorpa, Antonio Tajani, agus fuarthas an t-eolas is déanaí ó Phríomh-Aire Borisov ón mBulgáir. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bPríomh-Aire agus leis an mBulgáir tar éis Uachtaránacht AE an-rathúil a chur isteach: tá an Bhulgáir tar éis freagracht don Uachtaránacht a fhágáil faoin Ostair agus beidh an tír sin i bhfeighil na hUachtaránachta don chéad sé mhí eile.

Ag an bpríomhchruinniú, bhí malairt tuairimí ann ar chúrsaí slándála agus cosanta. Rinneamar athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta i réimsí éagsúla, lena n-áirítear PESCO – a sholáthraíonn meicníocht trínar féidir le Ballstáit acmhainní bainistíochta géarchéime a fhorbairt chun tacú le Comhbheartas Slándála agus Cosanta – chomh maith le soghluaiseacht mhíleata, agus maoiniú le haghaidh forbartha acmhainní. Is ball bunaidh í Éire de PESCO agus tá sí ag glacadh páirte in dhá thionscadal.

Chualamar freisin cur i láthair ó Ard-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg, a chuir béim ar an tábhachtacht a bhaineann le comhlántacht idir an AE agus ECAT agus an gá atá ann le comhoibriú láidir maidir leis an gcosaint san Eoraip. Tá Éire ar cheann de sé Bhallstát den AE nach bhfuil ina mbaill d’ECAT, agus is neart é seo sa bheartas eachtrach mar aon lenár neodracht mhíleata. Dar ndóigh, támid i bhfábhar an chomhoibrithe le ECAT, áfach: tá an comhoibriú sin leagtha amach i Straitéis Dhomhanda an AE.

Ag tabhairt aghaidhe ar phoist, ar an bhfás agus ar an iomaíochas, bhí plé ann faoi Mholtaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, faoin trádáil agus faoin gcánachas.


Tá áthas orm gur glacadh lenár dtuairimí i leith an chánachais agus go n-aithníonn cinntí na Comhairle Eorpaí an tábhacht fhadtéarmach a bhaineann leis an obair atá déanta ag an ECFE air seo, agus ag an am céanna tá ordaithe ag an gComhairle do na hAirí Airgeadais dul i mbun oibre ar mholtaí an Choimisiúin.

Maidir leis an trádáil, bhí tacaíocht láidir ann don fhreagairt chomhréireach a thug an Coimisiún ar tharaifí éagothrama na SA ar chruach agus ar alúmanam, agus comhaontaíodh go bhfuil gá ann cur chuige iltaobhach, bunaithe ar rialacha a choinneáil. Dheimhnigh an tUachtarán Tusk go mbeidh sé ag tabhairt cuairte ar na SA ar 21 agus 22 Iúil. Cosúil le daoine eile, creidim go bhfuil sé tábhachtach leanúint ar aghaidh le clár trádála dearfach a chur chun cinn, agus d’fhógraíomar go bhfuilimid tiomanta idirbheartaíocht maidir le trádáil a dhéanamh le tríú páirtithe, cosúil le Meicsiceo, an tSeapáin, Mercosur agus an Astráil/ an Nua-Shéalainn.

Faoin gceannteideal digiteach agus nuálaíocht – dearbhthosaíocht d’Éirinn – thugamar treoir d’iarrachtaí an AE an teicneolaíocht bunaithraitheach a spreagadh agus a chúitiú chun borradh a chur faoi iarrachtaí na hEorpa an taighde den scoth atá ar siúl aici a chur ar bhonn tráchtála.

Inár gcainteanna tráthnóna Déardaoin bhí malairt tuairimí ar an Rúis agus an Úcráin. Thug Seansailéir Merkel agus Uachtarán Macron an t-eolas is deireanaí dúinn ar na cruinnithe formáid Normainne, agus i bhfianaise nach bhfuil Comhaontuithe Minsk curtha i bhfeidhm ag an Rúis, d’aontaíomar leanúint le smachtbhannaí an AE ar feadh sé mhí eile.


Tá an-áthas orm freisin go bhfuil na cinntí maidir le méadú agus leis an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais formhuinithe againn, cinntí a aontaíodh ag an gComhairle um Ghnóthaí Ginearálta ar an Mháirt, 26 Meitheamh; mar aon leis an gcomhaontú ar athdháileadh suíochán i bParliamint na hEorpa. Beidh dhá shuíochán sa bhreis ag Éirinn.

Chaitheamar an chuid is mó den am, áfach, an tráthnóna sin ag plé na himirce neamhdhleathaí. Is ceist chonspóideach í seo agus cainteanna deacair agus fada a bhí againn.

I mo thuairim, is géarchéim pholaitiúil í seo níos mó ná géarchéim imirce. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag taisteal do dtí an Eoraip go neamhdhleathach i gcomparáid le 2015, rud a chruthaíonn go bhfuil na gníomhartha atá tógtha cheana féin ag an AE ag obair. É sin ráite, is léir go bhfuil eagla ar mhórán Eorpach go rachaimid ar ais go dtí na leibhéil imirce a bhí ann roimhe seo agus is fíor gur toghadh roinnt polaiteoirí pobalacha agus frith-inimirce ar an mbonn sin.

Inár gcainteanna, d’aontaíomar roinnt céimeanna nua, lena n-áirítear -

  • an gá atá ann níos mó maoinithe a chur ar fáil do Chiste Iontaobhais na hAfraice agus don tSaoráid le haghaidh Teifigh sa Tuirc,
  • maoiniú tiomnaithe a bhunú don imirce trí bhuiséad an AE,
  • scrúdú a dhéanamh ar an gcoincheap d’ardáin réigiúnacha díbhordála, agus
  • ionaid rialaithe a bhunú go deonach laistigh de Bhallstáit an AE.

Leis seo, cuirfear neart lenár gcur chuige tríthaobhach, mar a thugaim air:

  • ár dteorainneacha seachtracha a dhéanamh sábháilte;
  • comhoibriú a threisiú le tíortha idirthurais agus dúchais; agus
  • déileáil le bainistiú imirceach laistigh den AE – áit a bhfuil gá le dlúthpháirtíocht agus freagracht.

Ó thaobh na hÉireann de, chuir me béim ar an ngá dlúthpháirtíocht a fhorbairt leis an Afraic. Ní mór dúinn tacú le hinstitiúidí a thógáil, cúrsaí slandála a fheabhsú agus deiseanna eacnamaíocha a chur ar fáil san Afraic ionas go mbeidh ar chumas daoine bheith ag súil le saol níos fearr ina dtír féin. Dá bharr sin, tá sé glactha ag Éirinn an tseachtain seo go mbeidh méadú ar ár gceangaltas airgeadais do Chiste Iontaobhais an AE um Bonneagar na hAfraice go dtí 15 milliún euro.

Ó thaobh ranníocaíochta in aghaidh an duine de, tá an tír seo sa tríú háit.

Ní mór dúinn cuimhneamh i gcónaí ar na cúiseanna a chuireann daoine a saol i mbaol, coigilteas an teaghlach go léir caite chun an turas go dtí an Eoraip a dhéanamh. Tarlaíonn sé mar tagann siad as tíortha ina bhfuil easpa saoirse, slándála agus deiseanna eacnamaíocha. Is í sin an fhíorchúis leis an imirce agus go dtí go ndeisfimid í, ní bheidh réiteach ar an gceist seo.

Tá an coincheap maidir le hardáin réigiúnacha díbhordála fós ina thús agus coimeádfaimid súil ghéar ar fhorbairtí anseo.


Mar a dúirt mé ag an gcruinniú, bheadh sé tábhachtach go mbainisteofaí ardáin mar seo i gcomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus le tríú tíortha a bhaineann le hábhar, agus le meas iomlán ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chaighdeáin chearta daonna.

Mar is eol do Theachtaí, níl éifeacht dhíreach na himirce le brath in Éirinn mar atá sí i mBallstáit eile: mar sin féin, de réir mheon dlúthpháirtíochta, ta ról fiúntach againn trí ghlacadh le bearta athshocraithe agus athlonnaithe an AE, agus trínár gcabhlach a sheoladh chun tacú le hiarrachtaí daonnúla sa Mheánmhuir, agus trínár ranníocaíochtaí airgeadais a mhéadú go suntasach.

An tseachtain seo caite, ar iarratas ónár gcomhpháirtithe, d’aontaíomar roinnt imircigh a thógáil isteach ón MV Lifeline. Mar a luaigh mé, tá sé ráite againn freisin go mbeidh méadú suntasach ann inár ranníocaíocht do Chiste Iontaobhais an AE um Bonneagar na hAfraice

Tá sé i gceist agam go leanfaimid orainn ról gníomhach agus fiúntach a ghlacadh maidir leis an imirce.


A Cheann Comhairle,

Reáchtáladh ár gCruinniú Mullaigh Euro ar an Aoine i bhformáid ionchuimsitheach – is é sin le gach ceann de na 27 Ballstát – mar aon le hUachtarán an Ghrúpa Euro Mario Centeno agus Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpach Mario Draghi.

D’aontaíomar gur chóir don Sásra Cobhsaíochta Eorpach bheith ina chúlstop coiteann don Chiste Aonair Réitigh; agus gur chóir ulmhú don chaibidlíocht a bheidh ann ar an Scéim Ráthaithe Taisce Eorpach, rud a thabharfaidh ráthaíocht do thaiscí bainc ar fud an AE seachas go ndéanfadh gach ballstát aonair é seo dó féin. Tabharfaidh Airí Airgeadais an obair seo ar aghaidh, agus déanfaidh siad scrúdú freisin ar mholtaí eile roimh dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí na Nollag.

Ó thaobh Éire de, ba mhaith linn an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích a luaithe agus is féidir, leis an laghdú riosca agus an comhroinnt riosca a bheidh ann araon.

Airteagal 50 – Brexit

Ar an Aoine, bhuail an Chomhairle Eorpach le chéile don bhricfeasta i bhformáid Airteagal 50 – gan Príomh-Aire May – chun Brexit a phlé.

Bhí achoimre ar a tuairimí tugtha duinn ag an bPríomh-Aire an tráthnóna roimhe sin, ag an ngnáthchruinniú Chomhairle Eorpaí, agus chuir sí béim ar an tiomantas atá aici i leith na gceisteanna a bhaineann go sonrach le hÉirinn, agus dúirt sí go bhfuil sé i gceist Páipéar Bán i mí Iúil a fhoilsiú a leagfaidh amach fís na Breataine maidir leis an gcaidreamh nua fadtéarmach a bheidh ann leis an AE.

Ag an gcruinniú Airteagal 50, chualamar léirmheas ó Michel Barnier ar an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht ar an gComhaontú Aistarraingthe.

Dúirt sé go bhfuil éagsúlacht tuairime fós ann i leith ceisteanna a bhaineann le hÉirinn, an cúlstop san áireamh. Bhíomar go léir ar aon aigne gur cúis díomá í an méid dul chun cinn atá déanta do dtí seo agus go bhfuil gá práinneach le caibidlíocht ghéaraithe.

Thug an RA gealltanas agus deimhniú i mí na Nollag agus arís i mí an Mhárta, agus tá sé tábhachtach go bhfeicfimis moltaí uathu atá mionsonraithe agus inoibrithe chun go mbeidís ábalta na gealltanais seo a sheachadadh.

D’aontaigh an AE27, mura bhfaighimid comhaontú ar an gcúlstop nó ar ghnéithe eile atá fós le réiteach, nach mbeidh ar ár gcumas an Comhaontú Aistarraingthe ina iomláine a chur i gcrích, an idirthréimhse san áireamh.


Táim buíoch denár gcomhpháirtithe AE don tacaíocht leanúnach agus an dlúthpháirtíocht atá léirithe acu maidir leis an gceist seo. Is cúrsaí Éireannacha atá i gcroílár na caibidlíochta. Is í tuairim chomhchoiteann an AE nach bhfuil aon rud aontaithe go dtí go bhfuil gach rud aontaithe.

Tá sé ráite agam i gcónaí go bhfuil súil agam go mbeidh an caidreamh amach anseo idir an AE agus an RA chomh dlúth agus chomh cuimsitheach agus a bhí sé riamh, agus dá bharr sin nach mbeidh aon ghá le treoainn chrua.

Ach ní chuirfidh sé deireadh, ar chaoi ar bith, leis an ngá le haghaidh cúlstop dleathach, láidir go dtí go mbeidh socruithe níos fearr i bhfeidhm, chun a chinntiú nach mbeidh teorainn chrua ar an oileán seo go deo, is cuma cad iad na cúinsí atá i réim.

D’athdhearbhaigh mé na pointí seo do Phríomh-Aire May ag ár gcruinniú déthaobhach, agus chuir mé in iúl di nach raibh mórán ama fágtha má táimid chun Comhaontú Aistarraingthe a chur i gcrích agus é a dhaingniú roimh don RA imeacht léi.

Dúirt mé léi freisin go bhfuil mé ag súil go bhfoilseofaí Páipéar Bán de chuid a rialtas, agus go raibh dóchas agam go mbeadh sé ina bhonn caibidlíochta don chaidreamh amach anseo.

Buailfidh an Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta Airteagal 50 le chéile ar 20 Iúil agus beidh deis ag an AE27 Páipéar Bán na RA a phlé. Ba chóir go mbeidh sé foilsithe faoin am sin.


Cé go bhfuil dóchas agam go mbeidh dlúthchaidreamh againn amach anseo leis an RA atá cuimsitheach agus uaillmhianach, dar ndóigh leanfaidh an Rialtas air ag pleanáil chun bheith ullamh le déileáil le cás ar bith a d'fhéadfadh tarlú. Tá dul chun cinn maith déanta ar an obair seo agus beidh ar ár gcumas na cinntí riachtanacha a thógáil más gá agus nuair is gá.

In éineacht le ceannairí AE eile ar an Aoine, d’aontaíomar nach mór dúinn dlús a chur lenár n-obair maidir leis seo.

Ba mhaith liom a dhearbhú do Theachtaí Dála go leanfaidh an Rialtas air ag cosaint agus ag cur leas na tíre chun cinn sa chaibidlíocht mar gheall ar Brexit, agus i gclár an AE ar fad.

Labhróidh an tAire Gnóthaí Eorpacha anois, Helen McEntee, faoi chuid de na ceisteanna eile a pléadh ag an gComhairle Eorpach.

Go raibh maith agaibh.