Ráiteas an Taoisigh maidir le toradh an vóta i dTeach na dTeachtaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas an Taoisigh maidir le toradh an vóta i dTeach na dTeachtaí

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 14 Márta 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Chuir mé fáilte roimh vóta Theach na dTeachtaí maidir le síneadh ama a fháil ós rud é go laghdaíonn sé an dóchúlacht go dtarlóidh Brexit gan mhargadh ar an 29 Márta. Ach anois caithfidh Londain a chur in iúl dúinn cad chuige a n-úsáidfí an síneadh ama agus cé chomh fada a bheadh i gceist.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha ag teacht chun cinn: daingniú an chomhaontaithe um tharraingt siar agus síneadh ama gearr ina dhiaidh sin go dtí an samhradh, nó síneadh ama i bhfad níos faide a thabharfadh am agus spás don Ríocht Aontaithe cinneadh a dhéanamh maidir le cad ba mhaith leo a dhéanamh, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar roghanna atá bainte den bhord cheana féin, amhail a bheith páirteach san aontas custaim agus sa mhargadh aonair.

Táim den tuairim go gcaithfimid a bheith oscailte d’iarraidh ar bith a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe, caithfimid éisteacht leo agus caithfimid a bheith mórchroíoch in aon fhreagra a thabharfaimid orthu.

Pléifear an t-ábhar seo tuilleadh ag cruinniú na Comhairle Eorpaí a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn agus tá súil againn go dtiocfaidh níos mó soiléireachta chugainn ó Londain idir an dá linn maidir lena bhfuil ar intinn acu. Beidh gá le haontoilíocht ón 27 ballstát chun síneadh ama a cheadú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat