English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas an Taoisigh maidir leis an ndréacht-Chomhaontú Breatimeachta um Tharraingt Siar, Dáil Éireann, 21 Samhain 2018

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 21 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 23 Samhain 2018

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

Thar ceann an Rialtais, molaim an rún seo agus iarraim ar Dháil Éireann tacaíocht a thabhairt don dréacht-chomhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Thángthas ar an gcomhaontú seo ag léibhéal idirbheartaithe ar 14 Samhain 2018, agus clúdaítear dréachtphrótacal maidir le hÉire agus le Tuaisceart Éireann, ar bunchuid de í.

Tar éis beagnach fiche mí d’idirbheartaíocht dhian agus dheacair, iarraim ar an Teach a bheith liom agus fáilte a chur roimh an gcomhaontú seo agus freisin roimh an imlíne ar an gComhdhearbhú Polaitiúil maidir leis an ngaolmhaireacht idir an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach sa todhchaí.

Is comhaontú é ina chuirtear na cuspóirí idirbheartaithe a leagamar amach ag an tús go hiomlán faoi urrús. Níos tábhachtaí ná aon rud eile, tugtar cosaint iomlán do Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus áirithítear nach mbeadh teorainn chrua ar oileán na hÉireann.

Táím sásta go bhfuil formheas a Caibinéid maidir leis an dréachtchomhaontú daingnithe ag Príomh-Aire May.

Dé Domhnaigh, déanfaidh an tUachtarán Tusk cruinniú den Chomhairle Eorpach a chomóradh d’fhonn tacú leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus leis an gComhdhearbhú Polaitiúil go foirmiúil.

Is fiú a rá arís go ndúramar i gcónaí gur chúis áiféala dúinn é cinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach.

Is í an Ríocht Aontaithe ár gcomharsa is gaire dúinn agus ár gcara. Táimid faoi cheangal ag an tíreolaíocht agus ag na céadta bliain de stair choiteann, de chultúr, de ghaol agus de thrádáil coiteann. Mar sin, is oth linn gur bheartaigh an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach - Aontas a bhí feidhm againn air le 45 bhliain anuas.

Tá meas againn ar vóta na Breataine, áfach. Is oth linn freisin go bhfuil ballraíocht leanúnach d’aontas custaim an Aontais Eorpaigh, de mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh agus de limistéar eacnamaíochta na hEorpa curtha as an áireamh ag Rialtas na Breataine. De réir sin tá an seans teacht ar réiteach teorannaithe.

Ina ainneoin sin, tá meas againn ar a gcinneadh é sin a dhéanamh.

Ar dtús, chomhaontaíomar ár gcúraimí leithleacha agus d’aithníomar ár dtosaíochtaí don idirbheartaíocht agus d’fhan siad mar thosaíochtaí seasmhacha ó thús deireadh.

Is iad sin ná:

  • An tSíocháin agus Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint;
  • An Comhlimistéar Taistil agus na buntáistí atá leis a chaomhnú;
  • An tionchar ar ár dtrádáil, ar ár bpoist agus ar ár ngeilleagar a íoslaghdú; agus
  • Ár áit i gcroílár Aontas Eorpach láidir agus saibhir a athdhearbhú.

Tá toradh sásúil bainte amach againn maidir le gach de na tosaíochtaí sin.

Ón tús, d’oibríomar chun cinntiú gur thuig ár gcomhpháirithe AE - na Ballstáit agus institiúidí an AE - ár gcúraimí leithleacha.

Mar Thaoiseach, bhí cruinnithe foirmeálta déthaobhacha agam leis na ceannairí ó na tíortha seo a leanas - An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn, an Ostair, an Ungáir, an Ghréig, an Fhionlainn, an Eastóin, an an Bheilg, an Ísiltír, an Lucsamburg, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit - i mBaile Átha Cliath nó ina bpríomhchathracha.

Bhuail mé freisin le hÚachtaráin na Comhairle Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa, agus an Choimisiúin Eorpaigh, chomh maith le príomhidirbheartaitheoir na hEorpa ar an mBreatimeacht, agus le Ceannasaí Ghrúpa Stiúrtha Pharlaimint na hEorpa ar an mBreatimeacht.

Bhain mé úsáid as an líonra EPP de chomhpháirithe Fhine Gael mar bhuntáiste d’Éirinn freisin. Beidh a fhios ag an Teach gur idirghabhálaithe agus comhghleacaithe páirtí araon iad na hÚachtaráin Juncker, Tusk agus Tajani, Michel Barnier, agus Seansailéir Merket.

D’fhreastail mé ar 11 chruinniú foirmeálta agus neamhfhoirmeálta den Chomhairle Eorpach, chomh maith le go leor cruinnithe idirnáisiúnta eile, ina raibh mé i dteagmháil le ceannairí Eorpacha. Mhínigh mé ár gcúraimí leithleacha dóibh agus chuir mé iad i gcomhthéacs dóibh chun cinntiú go gcuirfí ár dtosaíochtaí san áireamh.

Thaisteal an Tánaiste Simon Coveney, agus an tAire Gnóthaí Eorpacha, Helen McEntee - agus a réamhtheachtaithe - timpeall na hílchríche chun dul i ngleic leis na contrapháirtithe AE ábhartha.

Bhuail Airí eile leis a gcontrapháirtithe, agus ar leibhéal oifigiúil, eagraíodh comhairliúcháin fhorleathana agus mhionsonraithe.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach a bhí bainteach as a n-obair dhian agus as a dtiomantas pearsanta, go háirithe na feidhmeannaigh i mo Roinn, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an buanionadaíocht sa Bhruiséil agus ár Ambasadóirí agus ár dTaidhleoirí atá ag obair i bpríomhchathracha na mBallstát.

Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt do bhaill na Tí seo a thug cabhair i gcinntiú go raibh cúraimí na hÉireann curthu in iúl agus intuigthe trí úsáid a bhaint as a líonra páirtí agus idirpháirtí.

Tá na hiarrachtaí sin go léir le feiceáil i dTreoirlínte na Comhairle Eorpaigh, i dTeachtaireachtaí ón gCoimisiún agus i Rúin ó Pharlaimint na hEorpa - agus in óráidí agus i ráitis a thug ceannairí AE trasna na hEorpa. Tá cúraimí na hÉireann tógtha ar bord acu agus rinneadh cúraimí na hEorpa agus tosaíochtaí d’idirbheartaithe an AE dóibh.

Ag croílár na gcúram sin é ár dtuiscint ar an stair tragóideach, foréigeanach i dTuaisceart Éireann. Tar éis fiche bliain de shíocháin i dtaca le holc, táimid diongbháilte nach mbeidh aon dul ar ais go dtí an t-am atá thart.

Tá an Rialtas meáite ar Comhaontú Aoine an Chéasta - comhaontú idirnáisiúnta atá ina cheangal dlí - a chosaint i ngach cuid de.

Ní raibh teorainn chrua ann agus tá sé sin tar éis a bheith ríthábhachtach don mhéid atá bainte amach Thuaidh-Theas, d’fhorbairt an gheilleagair uile-oileáin agus do chomhoibriú praiticiúil i réimsí cosúil le hoideachas, sláinte agus turasóireacht.

Áitíomar nach féidir aon dul siar a bheith ann maidir leis seo, nach féidir aon bhacainní nua a chur ar ghluaiseacht daoine nó ar thráchtáil.

Déantar foráil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar do bhunú chomhchríoch chustaim idir an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach, má tá gá leis tar éis na hidirtréimhse. Cuirfear rialacha breise d’earraí i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann chun cinntiú nach mbeidh gá le teorainn chrua idir an an Tuaisceart agus an Deisceart.

Chun é sin a éascú - agus chun cinntiú nach mbeadh buntáiste iomaíoch míchothrom - déantar foráil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar do rialacha lena chinntítear machaire réidh i réimsí mar an comhshaol, cúnamh Stáit, agus caighdeáin saothair a chur i bhfeidhm, i gcás ina n-agraítear an chúlstop.

Beidh feidhm ag Cód Custaim an Aontais i dTuaisceart Éireann ionas nach mbeidh bacainní ann do gnólachtaí teacht ar an Margadh Aonair d’earraí, ó anseo sa Deisceart san áireamh. Beidh teacht neamhshrianta fós ag gnólachtaí i dTuaisceart na hÉireann ar mhargadh na Breataine, chomh maith le hiomlán an AE.

De réir an téacs bheadh feidhm ag an gcúlstop seo mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh socruithe eile aimsithe agus ansin ní bheadh gá leis. Tá sé beartaithe mar shocrú sealadach mar sin agus feidhmeoidh sé mar dhroichead go gaolmhaireacht sa todhchaí más gá.

Mar atá ráite agam go mion minic cheana, tá dóchas agam agus creidim go ndéanfar idirbheartaíocht ar na socruithe eile sin. Tá sé tábhachtach, áfach, go bhfuil an polasaí árachais atá ag teastáil againn má theipeann leis na hiarrachtaí go léir eile le teacht ar réiteach níos fearr.

Chomh maith leis sin déantar foráil leis an gComhaontú do chóras le hathbhreithniú ar an gcúlstad, a chiallaíonn nach mbeadh feidhm leis a thuilleadh - go hiomlán nó go páirteach - má nó nuair a thiocfar ar réiteach níos fearr.

Tá sé tábhachtach léiriú go mbeidh aon chinneadh den sórt sin mar chinneadh comhpháirteach - don AE agus don Ríocht Aontaithe a thógáil le chéile. Tá an Comhaontú soiléir nach féidir é a thógáil go haontaobhach.

Tá ceangaltais thábhachtacha agus dearbhuithe tábhachtacha eile maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta, comhar níos dlúithe idir an Tuaisceart agus an Deisceart agus an geilleagar uile-oileáin sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar.

Ní aon aidhm folaigh nó spreagadh againn agus ar pár sa Chomhaontú um Tharraingt Siar go molann Éirinn agus an AE stádas bunreachtúil Thuaisceart na hÉireann mar chuid den Ríocht Aontaithe go hiomlán, agus nach mbeadh athrú ar sin ach amháin má tá sé á iarraidh ag an tromlach i dTuaisceart na hÉireann.

Áirithítear nach mbeidh laghdú ar chearta, ar choimircí nó ar chomhionannas deise mar a leagtar amach i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Tugtar aitheantas do cheart na ndaoine i dTuaisceart na hÉireann iad féin a aithin mar Éireannaigh, agus mar sin mar shaoránaigh Eorpacha.

Áirithítear freisin go mbeidh Éire agus an an Ríocht Aontaithe fós in ann an Comhlimistéar Taistil a fheidhmiú. Ciallaíonn sé sin, leis na socruithe a chinntigh go rabhamar in ann, cónaí, obair agus teacht ar sheirbhísí i dtíortha a chéile go mbeidh leanúint leis sin sa todhchaí.

Cinntítear go mbeidh an Margadh Leictreachais Aonair fós ann ar oileán na hÉireann.

Cinntítear go mbeidh maoiniú PEACE agus INTERREG fós á leanúint. Tá sé sin an-tábhachtach do Thuaisceart na hÉireann agus do na contaetha teorann.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aire go n-aontaíonn an Ríocht Aontaithe le hidirthuras earraí a éascú go agus ag teacht ó Éire. Tá sé sin suntasach, toisc gurb é droichead talún na Ríochta Aontaithe an bealach is tábhachtaí ó Éire go mórthír na hEorpa.

Déantar foráil leis an gComhaontú seo do bhonn gur féidir linn ‘Breatimeacht crua’ a sheacaint, ina fheictear an an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas gan Comhaontú.

Má aimsítear an tacú atá ag teastáil in Westminster, agus comhthoil Pharlaimint na hEorpa, beidh idirthréimhse ann go dtí deireadh Mhí na Nollag 2020.

Agus muid ag teacht le deireadh na hidirtréimhse seo, beidh an Ríocht Aontaithe in ann méadú ar an idirthréimhse seo a iarraidh - fad is nach bhfuil comhaontú ar ghaolmhaireacht sa todhchaí i bhfeidhm go fóill lena chinntítear nach mbeadh teorainn chrua.

Tá aitheantas tugtha agam do ionracas an Phríomh-Aire May maidir leis a gealltanas Próiseas na Síochána agus an Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint, agus maidir leis a tiomantas - in ainneoin na deacrachtaí go léir a bhí ann ar an mbealach - teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheacaint.

Ónar dtaobhna, thaispeánamar go bhfuilimid tiomanta go hiomlán d’obair i dtaca leis an bPríomh-Aire agus leis an Rialtas chun gaolmhaireacht dhomhain, chuimsitheach agus uaillmhianach sa todhchaí idir an an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach a dhaingniú, ionas nach mbeidh gá leis an gcúlstop a ghair go hiomlán nó go páirteach.

Ba mhaith liom an deis seo sa Teach a thógáil chun m’fhíor-bhuíochas a ghabháil lenár bpáirtnéirí Eorpacha go léir - mo chomhbhaill de Chomhairle na hEorpa, de Pharlaimint na hEorpa agus den Choimisiún.

Thuig siad go léir ár gcúraimí leithleacha agus ghlac siad leo mar a gcúraimí féin, agus léirigh siad dlúthpháirtíocht sheasmhach le cinntiú go cuireadh na cúraimí sin san áireamh sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar.

Go háirithe, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do ghairmiúlacht Michel Barnier, agus a fhoireann eisceachtúil, d’oibríomar go dlúth leo le 20 mí anuas.

Ní féidir léiriú níos fearr ar na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an AE do thíortha beaga.

Is cuma cad a tharlaíonn aon áit eile, fanfaidh Éire mar Bhall atá tiomanta go hiomlán don Aontas Eorpach.

Is é ár mbaile - ceann a thógamar le chéile - agus is é an áit go bhfanfaimid.

Ceann Comhairle,

Léirítear sa dréacht-chomhaontú seo comhréiteach ina rinneadh gach rud a chur san áireamh, cúraimí agus tosaíochtaí na 28 dtír a bhí bainteach leis. An tslí is fearr chun tarraing siar ordúil a chinntiú ná é a thabhairt chun críche agus é a fhormheas.

Freastalóidh mé ar an gcruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil Dé Domhnaigh, 25 Samhain. Tá súil agam go mbeidh ceannairí an AE in ann a n-ainmneacha a chur leis an dréacht-Chaomhaontú agus leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil.

Is é mo mian mo chroí go bhfaighidh an Comhaontú um Tharraingt Siar an formheas riachtanach ó Westminster agus ó Pharlaimint na hEorpa.

Léirítear toradh maith d’Éire, don AE ina iomlán agus don Ríocht Aontaithe í féin.