Ráiteas an Taoisigh, Nuashonrú ar Éigeandáil COVID-19
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2021
Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais
Tráthnóna maith daoibh. Is gá dom labhairt libh arís faoin gcoróinvíreas.
Tá ar mbeatha athraithe, claochlaithe ar go leor bealaí éagsúla le cúpla seachtain anuas.
Tuigim go raibh sé deacair - uaireanta chuirfeadh sé beaguchtach ort.
An frustrachas a bhaineann lenár saoil a bheith srianta. An éiginnteacht faoi cén uair a bheidh cúrsaí ar ais mar a bhí. An eagla roimh an víreas féin.
Mar náisiún, rinneadh ionsaí ar ár sláinte fhisiciúil, ídíodh ár sláinte mheabhrach, bascadh ár ngeilleagar agus cuireadh an scrúdú is déine ar ár sochaí.
Tá cuid mhaith daoine go huaigneach agus ag fulaingt na scoiteachta. Tá go leor daoine ag déanamh méala ciúin.
Is iomaí duine a bhfuil a bpost caillte acu. Tá eagla ar a lán go gcaillfidh siad a ngnó agus chaill a lán eile a mbeatha.
Maidir liom féin, is é an chuid is measa, an téacs laethúil timpeall 5.30 gach tráthnóna leis an líon is déanaí de bhásanna fógartha agus cásanna nua-dhiagnóisithe. Tá mé ag tnúth go mór leis an lá a mbeidh deireadh leis.
Tráthnóna, is mian liom a mhíniú daoibh cén fáth a bhfuilimid ag leanúint de na srianta reatha go dtí an 18ú Bealtaine agus an plean atá againn a roinnt libh chun ár ngeilleagar agus sochaí a athoscailt ar bhonn céimneach ón lá sin.
A bhuíochas daoibhse táimid ag déanamh difear mór sa troid i gcoinne COVID-19. Rinneadh an cuar a chothromú agus tá an chuid is measa thart. Sábháladh beatha na mílte duine. Bhí ár n-ospidéil agus foireann cúram sláinte in ann chuige.
Ach níl an troid seo buaite againn go fóill. Gach lá, bíonn an iomarca cásanna nua againn fós. Go fóill féin, tá barraíocht daoine sna hospidéil agus inár n-aonaid dianchúraim. Gach lá, ar an drochuair, tá an iomarca daoine ag fáil bháis.
Deir ár n-eolaithe agus dochtúirí linn, má scaoilimid na srianta go róluath, bheadh ár ICUnna, taobh istigh de lá nó dhó, róphlódaithe, ár dtithe cúraim faoi bhrú arís agus ní bheidh ár bhfoireann cúram sláinte in ann chuige.
Chaillfí gach rud atá gnóthaithe go dtí seo. Chuirfí deireadh leis an seans is fearr atá againn an cath seo a bhuachan agus bheimis ar ais san áit ar thosaíomar.
Caithfimid leanúint orainn go ceann tamaill eile.
Tá plean againn srianta a scaoileadh beagán ón 18ú Bealtaine. Ach roimhe sin, tá coicís eile de dhíth ina mbeidh srianta teanna chun an víreas a lagú a thuilleadh, ionas nach mbeidh sé ábalta filleadh nuair a rachaimid i dteagmháil lena chéile arís.
Le linn na tréimhse seo, beimid ag déanamh roinnt athruithe - cuirfimid leis an bhfad is féidir dul ó bhaile agus ón Máirt seo chugainn, is féidir dul chomh fada le 5km ar chúiseanna aclaíochta.
Maidir le daoine atá ag féinleithlisiú, is í an chomhairle sláinte poiblí go leanfar de. Is féidir fós, áfach, dul a shiúl nó a thiomáint faoi 5km de d'áit chónaithe má sheachnaíonn tú an uile theagmháil le daoine eile.
Is é an plean againn an tír a athoscailt ar bhonn mall, céimnithe.
Cúig chéim, trí seachtaine eatarthu, ag tosú ar an 18ú Bealtaine agus, má théann gach rud i gceart, an 5ú céim ag tosú ar an 10ú Lúnasa.
Ar an drochuair, tá baol an dara ráig den víreas ann i gcónaí. Mar sin, ní féidir bogadh ó chéim go chéile ach amháin má choinnítear an víreas faoi smacht idir gach céim. Agus is baolach go rachfar siar céim amháin má tharlaíonn sé sin.
In aon chás, ar a laghad go dtí go mbeidh vacsaín nó cóireáil éifeachtach againn, beidh gá fadtéarmach le scaradh fisiciúil, sláinteachas maith leis na lámha, sláinteachas análaithe, glanadh rialta agus le daoine fanacht sa bhaile agus a bheith scartha má tá siad tinn.
Tógfaidh sé roinnt ama go dtí go mbeidh an saol ar ais mar a bhí. Gnáthshaol nua. Ach tarlóidh sé.
Mar sin, ar an 18ú Bealtaine, tosóidh Éire ag athoscailt agus cuirfear tús leis an turas chuig an ngnáthshaol nua.
Ón lá sin amach, cuirfear tús arís le hobair faoin spéir amhail tógáil agus tírdhreachú. Athosclófar roinnt asraonta miondíola amhail ionaid gharraíodóireachta, siopaí crua-earraí, siopaí deisiúcháin agus, lena chois, ceadófar roinnt gníomhaíochtaí spóirt agus aclaíochta faoin spéir inár ngrúpaí beaga.
Tosóidh a lán seirbhísí rialta sláinte ag feidhmiú arís. Agus féadfaidh grúpaí beaga teaghlaigh agus cairde teacht le chéile faoin spéir.
Roimh i bhfad, oíche shamhraidh éigin, feicfimid ár gcairde arís.
I gcéimeanna níos déanaí, athosclófar ionaid oibre eile, gnólachtaí, cúram leanaí, réamhscoileanna, bialanna, caiféanna agus beáir, pictiúrlanna agus giomnáisiaim.
Athosclófar scoileanna agus coláistí i Meán/Deireadh Fómhair ag tús na bliana acadúla nua.
Ní bheidh sé furasta daoine agus gnólachtaí a chur i mbun oibre arís. Tuigim sin. Ní bheidh daoine in ann tosú arís ón áit ar stop siad. Beidh cabhair de dhíth ar ghnólachtaí le dul i gceann a gcuid oibre arís.
Amárach, mar sin, tiocfaidh na hairí rialtais le chéile arís chun bearta eile a chomhaontú le cabhrú lenár ngnólachtaí atosú, athnascadh agus foireann a ligeadh chun bealaigh nó a bhí ar scor a athfhostú.
Chomh maith leis sin, tá Prótacal Náisiúnta á fhorbairt ag an Rialtas, fostóirí agus ceardchumainn, le cúnamh ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus an FSS.
Leis seo, cuirfear ar ár gcumas gníomhaíocht eacnamaíochta a atosú de réir a chéile, srianta a scaoileadh agus sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint agus iad ag filleadh ar a gcuid oibre.
Déanfaimid gach rud is féidir chun fiontair a chur ag obair arís, ionas gur féidir leat do phost a fháil ar ais.
Cé go dtógfaidh sé roinnt ama sular féidir sult a bhaint as na rudaí a bhraithimid uainn - ón sólás a bhaineann lenár muintir go dtí oíche shóisialta le cairde - tiocfaidh na laethanta sin arís.
Le cúpla seachtain anuas, fuair mé 10,000 píosa chomhfhreagrais agus déanaim iarracht gach lá beagán ama a chur i leataobh le cuid acu a léamh. Daoine ag roinnt a n-ábhair dhóchais agus a gcúiseanna eagla.
Litir ó Jessica, a úsáideann cathaoir rothaí, a airíonn néal ollmhór uaignis timpeall uirthi.
Litir ó Anne Marie, oibrí cúram sláinte ar tháinig coróinvíreas uirthi ag a cuid oibre agus a d'fhreagair a ceist féin faoi cén fáth a gcuireann sí í féin i mbaol.
Dúirt sí go raibh a hothair cosúil le teaghlach: ar sise. 'dlúthchairde a thugann siad orainn'.
Litir ó Phil, pinsinéir a chónaíonn leis féin agus a admhaíonn go bhfuil sé ag streachailt le huaigneas agus easpa teagmhála le daoine agus a bhfuil a mheabhairshláinte thíos leis. Deir Phil gur fada an bóthar atá romhainn ach gur fiú é a shiúl má táimid uile le teacht slán.
Rachel, 13 bliana, a bhfuil imní uirthi faoina garthuismitheoirí agus ar mian léi fios a bheith aici cén uair is féidir léi filleadh ar an scoil. Duine atá buartha faoin am atá le teacht ach a iarrann ormsa a bheith sábháilte.
Táimid á dhéanamh seo ar son Jessica, Anne Marie, Phil, Rachel agus do gach duine eile atá ag streachailt agus iad ar a ndícheall teacht tríd an ngéarchéim seo.
Táimid á dhéanamh seo dá chéile.
Tá an coróinvíreas cruálach, míthrócaireach.
Ach na scéalta a chluinim gach lá, tá siad lán de chineáltas an duine.
Cineáltas baill foirne cúram sláinte, tithe altranais, ospíse agus ospidéil a thugann sólas agus cúram dóibh sin atá breoite agus ag fáil bháis go díniteach ag am ciaptha, cráite.
Dá olcas gach bás, baineadh sé le Covid-19 nó ná baineadh, is amhlaidh is measa an scéal nuair nach féidir linn teacht le chéile chun ár muintir agus cairde a chaoineadh nó barróg agus sólás a thabhairt dá chéile mar theaghlaigh.
Cé nach dtig linn teacht le chéile táimid ag déanamh bróin fós.
Agus nuair a thiocfaimid slán as seo, tiocfaimid i gceann a chéile mar náisiún chun brón a dhéanamh le chéile - do gach duine a cailleadh le linn na héigeandála seo.
I ngach cathair, baile mór, i ngach sráidbhaile, thug daoine faoi na héilimh a bhain leis an ngéarchéim seo go han-chróga agus i ndlúthpháirtíocht.
Tá aithne againn uile ar dhuine atá ag fulaingt mar gheall ar na srianta seo, go díreach mar atá aithne againn ar dhuine atá sa líne thosaigh nó ag soláthar seirbhís riachtanach.
Is é an bealach is fearr chun cabhrú leo leanúint den aistear agus den troid.
Anocht, mar sin de, tá mé ag smaoineamh ar thuismitheoirí atá ag iarraidh plé le hobair agus le scolaíocht sa bhaile araon. Na daoine óga ar baineadh comrádaíocht a gcairde díobh agus deis a bheith páirteach i spórt. Na lánúineacha arbh éigean dóibh a mbainis a chur ar ceal. Na garthuismitheoirí atá ag tnúth leis an deis garpháiste nua a bheith ina mbaclainn. Tá ár scéalta féin againn uile agus tagann siad uile le chéile chun scéal na streachailte, na híobartha agus an bhróin a insint.
Is fiú é. Tá sé ag feidhmiú. Críochnaímis an obair a thosaíomar.
Sábháladh beatha na mílte duine.
Tá na céadta míle folláin agus saor ó choróinvíreas de thairbhe na n-íobairtí a rinneadh.
70% de na daoine a raibh COVID-19 orthu tá siad lánbhisithe mar gheall ar an gcúram agus an aire a thug ár seirbhís sláinte dóibh.
Bheadh an figiúr sin i bhfad níos ísle dá gclisfeadh ar ár gcóras sláinte.
Tá go leor, mar sin, nach eol dúinn go fóill ach tá dóchas ann.
Sna seachtainí atá romhainn, is é an dóchas sin a thabharfaidh sinn chun tosaigh agus muid ag beartú teacht slán ón ngéarchéim seo.
Go raibh maith agaibh.