English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas Náisiúnta ag an Taoiseach, COP 27, Sharm el-Sheikh, 8 Samhain 2022

A dhaoine uaisle,

Ar fud an domhain mhóir, táimid ag feiceáil an tionchair atá ag athrú aeráide - teocht níos airde ná riamh, loscadh sléibhe, tuilte agus triomach.

B’annamh a bhíodh imeachtaí mar sin ann tráth ach anois táthar ag titim amach níos minice agus táthar níos fíochmhaire ná riamh.

Tá daoine sna háiteanna is boichte ar domhan á ndíbirt amach ó réigiúin mar nach bhfuiltear in ann slí mhaireachtála a bhaint amach sna réigiúin sin níos mó.

Tá iarmhairtí an athraithe aeráide ag cothú coimhlint, míshocracht domhanda, iomaíocht d’acmhainní agus droch-chruatan daonna.

Mura seasfaidh an ghlúin seo suas go práinneach, ní mhaithfidh na glúine atá le teacht dúinn é.

Mar cheannairí, táimid freagrach as an athrú atá riachtanach a thiomáint.

In Éirinn, tá spriocanna laghdaithe astaíochtaí atá ina cheangal de réir dlí de 51% a bhaint amach faoi 2030, agus táimid tiomanta go mbeidh Éirinn neodrach ó thaobh na haeráide faoi 2050.

Tá Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnálacha seasta socraithe a chuireann teorainn ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa do gach earnáil eacnamaíoch.

Beidh sé thar a bheith dúshlánach na spriocanna sin a bhaint amach, agus mar sin tá creat dlíthiúil curtha i bhfeidhm againn chun bonn a chur faoinár n-iarrachtaí agus chun muid a threorú.

Tá an t-ualach den athrú aeráide ag luí den chuid is mó ar an dream is lú atá freagrach as an sáinn ina bhfuilimid ann.

Tá Plean Airgeadais Aeráide Idirnáisiúnta foilsithe ag Éirinn chuige sin, ina n-athdhearbhaítear ár dtiomantas tacú leis na daoine is leochailí ar domhan.

Táimid ag cur níos mó ná dhá oiread airgid ar fáil go dtí €225 milliún ar a laghad faoin mbliain 2025.

Ní fheicimid an t-athrú atá ag teastáil uainn gan ceartas aeráide.

Tá mé thar a bheith sásta mar sin a fhógairt go gcuirfidh Éire €10 milliún ar fáil don tionscnamh Sciath Dhomhanda do 2023 chun cosaint a thabhairt do na daoine is leochailí ó chailliúint agus damáiste mar thoradh ar athrú aeráide.

Mar Cheannairí, caithfimid ceannasaíocht a léiriú.

Éireoidh ár saoránaigh níos amhrasaí, níos tuirsí agus éireoidh siad tinn don chaint amháin mura mbeidh gníomh éigin le feiceáil comhlíonta; mura gcinnteofar go gcomhlíonfar na tiomantais atá geallta. Feicimid agus mothaímid an domhan atá thart timpeall orainn ag athrú.

Bhí an teocht in Éirinn chomh bog an fómhar seo go raibh crainn fós ag fás sular thit a gcuid duilleoga fiú.

Tá an scéala práinneach ach tá dóchas ann.

Mar a léiríonn tuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe, tá an cuar astaíochtaí á gcasadh an treo ceart.

Léirigh réamh-mheastacháin na Náisiún Aontaithe ón mbliain seo caite go bhfuil astaíochtaí ag dul in airde thar 2030. I mbliana, áfach, léiríonn anailís nach bhfuiltear ag dul in airde tar éis an dáta sin.

Tá dul chun cinn á dhéanamh, agus níl ann ach sop in áit na scuaibe.

Leis na tiomantais go léir le chéile, mar atá tugtha le fios, d’ardódh an teocht 2.5 céim fós faoi dheireadh an chéid, agus bheadh iarmhairtí millteanacha aige sin d’inbhuanaitheacht an domhain.

Ní mór dúinn gníomhú ar bhonn práinne.

Nuair a labhair mé ag COP26 anuraidh, dúirt mé nár chreid mé go raibh sé ródhéanach; go mbeadh an t-athrú róchostasach; go bhfuil sé dosheachanta ach go bhfágfar daoine ar gcúl.

Creidim é sin go fóill.

Is féidir linn domhan inbhuanaithe a fhágáil mar oidhreacht inár ndiaidh; domhan beo lán le plandaí agus ainmhithe; le huisce níos glaine agus aer níos úire; áit a mbeidh cathracha a bhféadfar cónaí iontu agus pobail tuaithe inbhuanaithe.

Déanfaimid in Éirinn gach aon rud is féidir linn chun é sin a chinntiú.

Ní féidir leis an nglúin Ceannairí seo a rá nach raibh a fhios acu cad a bhí ag tarlú.

Tá an eolaíocht an-soiléir.

Téann gach tona carbóin an domhan.

Cuireann gach moill a dhéantar leis an tasc atá romhainn.

Ná cuirfeadh muid fiú soicind amháin eile amú.