Polasaí maidir leis na Meáin Shóisialta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Polasaí maidir leis na Meáin Shóisialta


Polasaí maidir leis na Meáin Shóisialta
Amharc amharc

Forléargas

Cuireann na cuntais meán sóisialta atá á mbainistiú ag Roinn an Taoisigh nuacht, an t-eolas is déanaí agus faisnéis ar fáil don phobal maidir le hobair Rialtas na hÉireann.

Is baill foirne atá mar chuid de Sheirbhís Faisnéise an Rialtais (GIS) i Roinn an Taoisigh a bhainistíonn na cuntais meán sóisialta.

Déanann ranna aonair cuntais meán sóisialta a bhainistiú freisin; tá na sonraí ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/departments/.

Cuntais na Roinne

Déanaimidne na cuntais seo a leanas a bhainistiú faoi láthair:

Platform
Display name
Handle
URL
Instagram
Government of Ireland
@GovIE
Threads
Government of Ireland
@GovIE
X
Government of Ireland
@GovIE
Bluesky
Government of Ireland
@Gov.IE
LinkedIn
Government of Ireland
@governmentofireland
Facebook
Government of Ireland
@governmentofireland
YouTube
Government of Ireland
@governmentofireland
TikTok
Government of Ireland
@governmentofireland
Flickr
Government of Ireland
 
Linktree
Government of Ireland
 

A fhéadfaidh tú a bheith ag súil leis

Clúdaíonn ár gcuntais meán sóisialta cumarsáid ón Rialtas, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta dóibh seo a leanas:

  • Nuacht agus eolas a bhaineann leis an méid atá ar bun ag an Taoiseach, ag Airí, ag Airí Stáit, ag Ranna Rialtais, agus ag gníomhaireachtaí/comhlachtaí san earnáil phoiblí.
  • Cumarsáid maidir le feachtais faisnéise an Rialtais.
  • Eolas faoi imeachtaí, beoshruthú agus postáil bheo ó imeachtaí agus ó phreasagallaimh.

Infhaighteacht agus idirghníomhaíocht

Déanaimid nuashonrú agus monatóireacht ar ár gcuntais meán sóisialta le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. Féadfaimid na cuntais a nuashonrú agus monatóireacht a dhéanamh orthu freisin lasmuigh de na huaireanta seo dár rogha féin.

Nuair is féidir, freagróimid iarratais ar fhaisnéis. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeimis in ann freagra ar leith a thabhairt ar gach teachtaireacht a fhaighimid ar na cuntais meán sóisialta atá againn. Ná bíodh faisnéis phearsanta/phríobháideach in aon teachtaireacht a sheoltar chugainn.

Postálacha maslacha/turscair

Is tuairimí daoine aonair iad na tuairimí a fhoilsítear ar ár bpostálacha agus ní hionann iad agus tuairimí Roinn an Taoisigh ná an Rialtais. D’fhéadfaí leantóirí a bhlocáil agus a thuairisciú go díreach chuig rannóg gearán ábhartha an ardáin mar thoradh ar phostálacha nó tráchtanna maslacha nó turscair.

Cé go bhfáiltímid roimh thuairimí agus roimh rannpháirtíocht trínár n-ardáin, ní ghlacaimid aon fhreagracht as ábhar aon tuairime agus forchoimeádaimid an ceart tuairimí a bhaint anuas:

  • Ina bhfuil teanga mhaslach, gháirsiúil, mhígheanasach nó ghránna, nó nasc chuig ábhar gáirsiúil nó gránna.
  • Nach bhfuil ábhartha i dtaobh na míre a postáladh.
  • Ar turscar iad nó a bhfuil táirgí á gcur chun cinn nó á bhfógairt iontu.
  • A bhfuil sé i gceist leo a bheith ina gcrá croí ag riarthóir an leathanaigh nó ag úsáideoirí eile.

Níor cheart a mheas go bhfuiltear ag tacú le hábhar nuair a dhéantar is maith liom ar phostálacha ná nuair a dhéantar iad a athphostáil, a roinnt (etc) ar ár gcuid ardán.

Cóipcheart

D'fhéadfadh ábhar atá le feiceáil ar ár gcainéil meán sóisialta a bheith faoi réir cóipchirt, de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 (arna leasú). Sa chás go bhfuil an t-ábhar seo á eisiúint do dhaoine eile, ní mór aitheantas a thabhairt don fhoinse (URL san áireamh) agus don stádas cóipchirt.

Eolas teagmhála

Níl ár n-ardáin meán sóisialta beartaithe a bheith ina mbealach chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Taoiseach nó chun ceisteanna preasa nó ceisteanna ginearálta faoi obair na Roinne nó an rialtais a chur faoi bhráid.

Tá eolas teagmhála don Taoiseach, do phreasoifig an Rialtais agus do cheisteanna ginearálta le fáil ar https://www.gov.ie/taoiseach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat