English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Éire curtha ar Leibhéal 3 den Phlean chun Maireachtáil le COVID-19 – le bearta breise le go mbeidh Nollaig shábháilte againn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 27 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an cur chuige maidir le srianta a mhaolú aontaithe inniu ag an rialtas, lena n-áirítear bogadh ar bhonn céimnithe go dtí Leibhéal 3 go náisiúnta, le roinnt eisceachtaí do thréimhse na Nollag.

Is é an bunús atá leis na heisceachtaí do thréimhse na Nollag ná cabhrú le daoine Nollaig fhiúntach a bheith acu, cé go mbeidh sé éagsúil le blianta eile. Is é an príomhchuspóir ná fanacht sábháilte agus uimhreacha COVID-19 a choinneáil síos ionas go mbeidh muid in ann na srianta is ísle agus is féidir a choimeád ag dul isteach sa Bhliain Nua. Beidh treoir agus comhairle ar fáil ar gov.ie, le tacaíocht ó fheachtais chumarsáide. Moltar do dhaoine a gcuid gníomhaíochtaí a phleanáil roimh ré, srian a chur leis an méid daoine a mbeidh teagmháil acu leo le linn na tréimhse, an líon daoine a bheidh ag ócáidí ceiliúrtha a choimeád beag, fios a bheith acu go bhfuil sé níos sábháilte a bheith taobh amuigh ná taobh istigh agus go gcinnteoidh siad go bhfuil aeráil mhaith ann má tá siad in éineacht le daoine taobh istigh.

Is iad seo a leanas na bearta:

Ón 1 Nollaig, faoi Leibhéal 3, mar atá leagtha amach sa Phlean chun Maireachtáil le COVID-19:

  • tá bainiseacha le suas le 25 aoi ceadaithe (mar a chéile leis na forálacha atá ann faoi láthair)
  • tá sochraidí le suas le 25 sochraideach ceadaithe (mar a chéile leis na forálacha atá ann faoi láthair)
  • níor chóir go mbeadh aon imeachtaí eagraithe ar siúl taobh istigh, cé is moite díobh sin a bhfuil foráil déanta dóibh thíos
  • is féidir le grúpaí de 15 duine bailiú le chéile taobh amuigh
  • is féidir le traenáil gan teagmháil dul ar aghaidh taobh amuigh i bpóid de 15 duine
  • níor chóir ach traenáil aonair a bheith ar siúl taobh istigh agus níl aon ranganna aclaíochta nó damhsa ceadaithe
  • ní féidir le haon chluichí/imeachtaí a bheith ar siúl ach amháin spóirt ghairmiúla agus scothspóirt, cluichí Gaelacha idirchontae atá ceadaithe, rásaíocht chapall agus imeachtaí eachaíochta atá ceadaithe, agus iad ar fad ag tarlú gan aon lucht tacaíochta
  • is féidir le hionaid aclaíochta, aonaid fóillíochta agus linnte snámha athoscailt do thraenáil aonair amháin
  • ba chóir do chlubanna oíche, dioscónna agus casaíní fanacht dúnta
  • is féidir le hóstáin, tithe aíochta, B&Banna oscailt le seirbhísí teoranta d’aíonna amháin
  • is féidir le seirbhísí pearsanta agus seirbhísí miondíola neamhriachtanacha athoscailt
  • ba chóir do dhaoine leanúint orthu a bheith ag obair ón mbaile mura bhfuil sé go hiomlán riachtanach dóibh a bheith i láthair go pearsanta
  • tá acmhainn iompair phoiblí teoranta go dtí 50%

Ón 1 Nollaig:

  • níor chóir do theaghlaigh casadh le haon teaghlaigh eile cé is moite díobh sin atá ina bpód féin
  • ba chóir do dhaoine fanacht taobh istigh dá gcontae féin ach amháin d-obair, d’oideachas agus do chuspóirí riachtanacha eile

Ón 4 Nollaig:

  • is féidir le bialanna agus tithe tábhairne a fheidhmíonn mar bhialanna (a chuireann béile substaintiúil ar fáil) athoscailt do bhéilí taobh istigh le srianta breise, (lena n-áirítear ceanglas go n-ullmhófaí na béilí ar an láthair, taobh istigh den áitreabh.) Tá rochtain ar bhialanna in óstáin do dhaoine nach bhfuil ag fanacht san áireamh anseo
  • ba chóir go bhfanfadh ardoideachas, breisoideachas agus oideachas d’aosaigh ar líne go príomha

Coigeartuithe le haghaidh Tréimhse na Nollag

Ón 1 Nollaig:

  • ionaid adhartha chun athoscailt do sheirbhísí le bearta sriantacha, faoi réir bearta athbhreithnithe i mí Eanáir
  • músaeim, dánlanna, agus leabharlanna le hathoscailt
  • pictiúrlanna le hathoscailt
  • tithe tábhairne ‘fliucha’ le fanacht dúnta ach amháin do dheochanna is féidir a thabhairt leat/a thabhairt chomh fada leat

Ón 18 Nollaig go dtí 6 Eanáir:

  • is féidir le teaghlaigh casadh le suas le dhá theaghlach eile
  • ceadófar taisteal taobh amuigh de do chontae féin

Ón 7 Eanáir, beidh na bearta a leagadh síos roimh an 18 Nollaig i bhfeidhm, faoi réir athbhreithniú leanúnach maidir le treocht an víris

Beidh na bearta maidir le taisteal trasteorann mar a chéile le taisteal idir gach contae eile, is é sin, ón 1 Nollaig, ba chóir do dhaoine fanacht taobh istigh dá gcontae féin ach amháin d’obair, d’oideachas agus do chuspóirí riachtanacha eile cé go gceadófar taisteal taobh amuigh den chontae ón 18 Nollaig go dtí an 6 Eanáir.

Chomh maith leis sin tá sé comhaontaithe go moltar anois go n-úsáidfí clúdaigh aghaidhe i láithreacha oibre, in ionaid adhartha agus in áiteanna gnóthacha nó plódaithe taobh amuigh áit a bhfuil slua suntasach bailithe.

Cuirfear tacaíocht shéasúrach bhreise ar fáil trí CRSS do ghnólachtaí cáilithe a fhanfaidh dúnta de bharr srianta sláinte poiblí a thug an rialtas isteach d’fhonn éifeachtaí phaindéim COVID-19 a chosc. Is aitheantas é sin ar an tionchar airgeadais breise a bhí ar na gnólachtaí sin de bharr a bheith dúnta le linn na Nollag, tréimhse trádála a bheadh thar a bheith gnóthach do go leor díobh.

Thug an rialtas faoi deara chomh maith dul chun cinn an HSE acmhainneacht a mhéadú maidir le leapacha cúraim chriticiúil agus seirbhísí géarchúraim, athchóiriú ar sheirbhísí tacaíochta pobail agus ailse agus na gníomhaíochtaí a tógadh chun na rioscaí láithreacha atá mar thoradh ar bhrúnna an Gheimhridh agus méadú ar chásanna COVID-19 a mhaolú.

Tá dianobair déanta ar fhorbairt an chumais Tástála agus Rianaithe. Bhí earcú foirne tástála agus rianaithe ina thosaíocht agus tá an fheidhmíocht maidir leis an am a thógann sé tástáil agus rianú a dhéanamh ag feabhsú leis. Tá acmhainn maidir le tástáil ag 140,000 in aghaidh na seachtaine anois.

Reáchtáladh an chéad chruinniú iomlán den Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le Vacsaíniú COVID-19 ar an 23 Samhain 2020. Oibreoidh an Tascfhórsa leis an Roinn Sláinte agus leis an HSE le go mbeidh Straitéis náisiúnta Vacsaíniú COVID-19 agus Plean Feidhmithe ullmhaithe don Rialtas ar an 11 Nollaig 2020.

Críoch


Nótaí

Beidh treoir d’earnálacha mar mhiondíol agus fáilteachas ar fáil sna laethanta atá amach romhainn ar gov.ie/nollaigshabhailte