English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Údaráis Áitiúla in Éirinn ag iarraidh réadmhaoin nach bhfuil cónaí iontu a bhféadfadh daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin maireachtáil iontu

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 24 Samhain 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá tionscnamh nua seolta ag na hÚdaráis Áitiúla in Éirinn ag achainí ar dhaoine a bhfuil réadmhaoin acu nach bhfuil cónaí ann iad a thairiscint mar thithe sealadacha don dream atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.

Tógfaidh an tionscnamh nua seo de chuid an rialtais, atá faoi stiúir na nÚdarás Áitiúil, na tithe, na hárasáin nó na tithe saoire nach bhfuil cónaí iontu agus atá á dtairiscint agus déanfaidh sé iad a bhainistiú ionas go mbeidh daoine agus teaghlaigh ón Úcráin in ann maireachtáil iontu.

Tá os cionn 60,000 duine tagtha go hÉirinn ón Úcráin ar mhaithe lena sábhailteacht, tar éis don Rúis ionradh brúidiúil a dhéanamh ar an Úcráin i mí Feabhra na bliana seo agus tá lóistín ag teastáil óna bhformhór mór.

Faoin tionscnamh nua, tógfaidh na hÚdaráis Áitiúla na tithe, na hárasáin nó na tithe saoire atá á dtairiscint mar chóiríocht shealadach, rachaidh siad i gcomhairle leis na húinéirí chun a n-oiriúnacht a mheas, agus déanfaidh siad socrú le go mbainfidh daoine agus teaghlaigh as an Úcráin úsáid astu.

Tráth a mbeidh an socrú i bhfeidhm leanfaidh na hÚdaráis Áitiúla de bheith ag tabhairt tacaíochta d'úinéirí na réadmhaoine agus do na daoine ón Úcráin.

Is féidir le húinéirí réadmhaoine tithe a thairiscint ag gov.ie/offerahome nó trí theagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil san áit a bhfuil a bhfoirgneamh suite.

Agus cur síos á dhéanamh aige ar an bpróiseas a bhaineann le teach a thairiscint, mhínigh Frank Curran, Cathaoirleach Chumann Bainistíochta an Chontae agus na Cathrach (CCMA) é mar seo:

“Is féidir leo siúd atá ag tairiscint réadmhaoine a bheith ag súil go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil teagmháil leo laistigh de chúig lá oibre agus déanfar measúnú ar an bhfoirgneamh ansin. Beidh an measúnú seo á dhéanamh d’fhonn a chinntiú go bhfuil an foirgneamh i riocht a bhféadfaí cónaí ann agus le roinnt sonraí a fháil ionas gur féidir é a mheaitseáil leis an duine nó leis an teaghlach is oiriúnaí.

“Beidh duine ar bith a thairgeann réadmhaoin in ann stádas a thairiscint a sheiceáil ag céim ar bith tríd an suíomh gréasáin offerahome.ie. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur glaoch é seo a bhaineann le réadmhaoin neamhspleách nach bhfuil aon duine eile ina chónaí ann. Ba chóir go mbeadh na foirgnimh i riocht go bhféadfaí cónaí iontu agus b’fhearr dá mbeidís ar fáil ar feadh 6 mhí ar a laghad.

“Tuigimid gur scáfar an smaoineamh é réadmhaoin a thairiscint do dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu. D'aon duine amuigh ansin atá in ann réadmhaoin a thairiscint, ba mhaith liom béim a chur ar go mbeidh d'údarás áitiúil ag oibriú leat i rith an ama agus go mbeidh tacaíocht ar fáil duit fad is a bheidh do réadmhaoin á húsáid."

Cé nach mbeidh cíos á fháil acu siúd a thairgeann réadmhaoin, beidh íocaíocht aitheantais saor ó cháin €800 in aghaidh na míosa le fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí those who offer accommodation acu siúd a chuidíonn le daoine ón Úcráin. Tá feidhm ag an ráta íocaíochta seo ón 1 Nollaig 2022.

Agus é ag gabháil buíochais leis na hÚdaráis Áitiúla as an tionscnamh a sheoladh, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien:

“Ba mhaith liom na hÚdaráis Áitiúla a mholadh as bheith i gceannas ar an tionscnamh tábhachtach seo. Is dúshlán suntasach é freastal ar na riachtanais lóistín atá na daoine a tháinig anseo ón Úcráin ag iarraidh tearmainn, agus tá sé tábhachtach go gcabhródh gach rannóg stáit leis an bhfreagra daonnúil. Mholfainn do na daoine ar fad atá in ann cabhrú ó thaobh readmhaoin a chur ar fáil dul i dteagmháil lena n-údarás áitiúil más féidir leo."

Agus é ag cur síos ar an bhfeachtas agus ar an ngá atá le lóistín, leag an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, béim ar:

“Tá tacaíocht dhochreidte tugtha cheana féin ag muintir na hÉireann do mhuintir na hÚcráine. Tá a fhios againn go dteastaíonn ó dhaoine cabhrú aon bhealach gur féidir leo. Tríd an bhfeachtas seo, táimid ag achainí ar dhaoine a bhfuil teach, árasán, nó teach saoire acu nach bhfuil úsáid á bhaint as faoi láthair smaoineamh ar é a thairiscint dóibh siúd a dteastaíonn dídean uathu agus atá ag iarraidh a bheith slán sábháilte ón gcogadh. Dá bhrí sin, má tá réadmhaoin agat a bheidh folamh ar aon nós an geimhreadh seo, smaoinigh ar é a thairiscint dóibh siúd a dteastaíonn teach sábháilte go géar uathu ar feadh tamaill."

Chun teach a thairiscint nó le tuilleadh eolais a fháil faoin tionscnamh, tabhair cuairt ar gov.ie/offerahome.

Tagann an tionscnamh a fógraíodh inniu sna sála ar an tacaíocht shuntasach a thug na hÚdaráis Áitiúla cheana féin don rialtas náisiúnta chun freagairt do na riachtanais chóiríochta agus do riachtanais eile a bhíonn ag na daoine a thagann chugainn ón Úcráin.

Ar chuid den tacaíocht seo bhí:

  • ionaid scíthe agus ionaid chóiríochta shealadacha a bhunú
  • cóiríocht éigeandála a aimsiú in óstáin/Leaba is Bricfeasta
  • comhordú a dhéanamh ar thacaíochtaí eile do dhaoine ón Úcráin, lena n-áirítear fóraim Freagartha Pobail na hÚcráine a bhunú.

Nótaí

Faoin tionscnamh seo, tá na húdaráis áitiúla ag lorg tairiscintí i dtaca le réadmhaoin neamhspleách nach bhfuil daoine eile ina gcónaí iontu, a bhfuil bealach isteach dá gcuid féin acu agus ina bhfuil na príomháiseanna ar fad a theastaíonn le bheith in ann maireachtáil go neamhspleách.

Ní bhaineann an glaoch seo le réadmhaoin a bheadh á roinnt leis an úinéir nó le daoine eile.

Is féidir le baill den phobal réadmhaoin a thairiscint trí chuntas a bhunú ag gov.ie/offerahome. nó trí theagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil san áit a bhfuil an réadmhaoin suite. Tá sonraí teagmhála d'údaráis áitiúla ar shuíomh gréasáin Offer a Home.

Caithfidh do réadmhaoin a bheith i riocht go bhféadfaí maireachtáil ann agus is gá go mbeadh caighdeáin áirithe sláinte agus sábháilteachta, arna gcomhaontú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, comhlíonta.

Déanfaidh an t-údarás áitiúil socrú le go ndéanfar measúnú ar an réadmhaoin chun a chinntiú go bhfuil na caighdeáin seo á gcomhlíonadh.

B’fhearr dá mbeadh an réadmhaoin ar fáil ar feadh 6 mhí nó níos faide.

Ní dhéanfar socruithe cíosa mar thoradh ar thairiscintí, agus ní íocfar cíos. Moltar, áfach, go ndéanfadh an t-úinéir agus na tairbhithe comhaontú ceadúnais. Is féidir leis an údarás áitiúil teimpléad de chomhaontú ceadúnais a chur ar fáil.

Tá Scéim Íocaíochta Aitheantais tugtha isteach ag an rialtas dóibh siúd a chuireann lóistín ar fáil do dhaoine ón Úcráin. Faoin scéim seo, is féidir bunráta míosúil €800 in aghaidh na réadmhaoine a íoc leo siúd a chuireann lóistín ar fáil do thairbhithe cosanta sealadacha ón Úcráine. Ceangailte leis an íocaíocht tá gealltanas go gcuirfear lóistín ar fáil ar feadh 6 mhí ar a laghad.