English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comóradh Stáit a cheiliúrann cothrom 109ú bliain Éirí Amach na Cásca 1916 ar Domhnach Cásca 20ú Aibreán 2025

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 17 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2025

Beidh Searmanas chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 109ú bliain Éirí Amach na Cásca 1916 ar siúl lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath ar Dhomhnach Cásca 20ú Aibreán 2025, ag tosú ag 12 meán lae.

Is iad an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, an Taoiseach, Micheál Ó Máirtín, T.D., agus an Tánaiste agus Aire Cosanta, Simon Harris, T.D. a bheidh i gceannas ar an searmanas.

Glacfaidh Pearsanra d’Óglaigh na hÉireann, lena n-áirítear banna píob agus ionadaithe an Airm, an Aerchóir agus na Seirbhíse Cabhlaigh páirt sa Searmanas, a chríochnóidh le heitilt lasnairde an Aerchóir (má cheadaíonn an aimsir).

Ag meán lae ísleofar an Bhratach Náisiúnta ar Ard-Oifig an Phoist, agus léifidh Oifigeach ó Óglaigh na hÉireann Forógra 1916.

Leagfaidh an tUachtarán fleasc ansin i gcuimhne dóibh siúd a fuair bás in Éirí Amach 1916. Beidh nóiméad ciúnais ann.

Cuirtear fáilte roimh bhaill den phobal chun freastal ar an searmanas agus ba chóir go mbeidís ina n-áit sna limistéir amhairc poiblí lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist faoi 11.30 a.m. Tá na limistéir amhairc ar thaobh Uí Chléirigh de Shráid Uí Chonaill agus ag an deireadh theas d’Ard-Oifig an Phoist. Tá limistéar curtha in áirithe d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Cuirfear scáileáin mhóra físe suas freisin ar an dá thaobh d’Ard-Oifig an Phoist chun an searmanas a thaispeáint don phobal. Scaipfear Clár Comórtha ar an lá.


Plean Bainistíochta Tráchta

  • Éascófar rochtain coisithe i gconaí
  • Éascófar rochtain áitiúil, nuair is féidir, ó na póintí dúnta go léir
  • Beidh maoir tráchta ag bainistiú póintí dúnta le linn na hoibreacha
  • Atreorófar trácht a thagann ó Shráid Uí Chonaill chuig Sráid Chathail Brugha – Sráid Mhaoilbhríde – Sráid Ghairdinéir Íochtarach – Plás Beresford – Bóthar an Chuimhneacháin
  • Atreorofar trácht a thagann ó Ché Éidin chuig Plás Beresford – Sráid Ghairdinéir Íochtarach – Sráid Parnell

Chun teacht ar leabhrán comórtha chothrom an 109ú Domhnach Cásca, teigh, le do thoil, chuig Ócáid Chomórtha na Cásca ag Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath.