77% de bhearta Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021 curtha i bhfeidhm go dtí seo, ainneoin dianbhriseadh síos aeráide
- Foilsithe: 22 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá 77% de na bearta go léir i bPlean Gníomhaíochta Aeráide 2021 (CAP) curtha i bhfeidhm ag ranna agus ag gníomhaireachtaí rialtais go dtí seo, de réir na tuarascála is déanaí ar dhul chun cinn a foilsíodh inniu.
Sonraítear i dTuarascáil C3 an dul chun cinn ó thaobh bearta a chur i bhfeidhm faoin CBT 2021, lena n-áirítear príomhthreochtaí astaíochtaí i ngach earnáil agus bearta ardtionchair a bhí curtha i gcrích agus ar cuireadh moill orthu sa ráithe seo.
Tuairiscítear ráta seachadta 60% do R3 2022, agus 74 den 124 beart a bhí le cur i gcrích sa tréimhse seo curtha i gcrích in am. Seasann ráta forfheidhmithe foriomlán CBT 2021 go dtí seo (an seachadadh ó R4 2021 go dtí R3 2022 á nascach) ag 77%, agus 542 as 708 beart curtha i gcrích.
Tá sé soiléir gur gá dul i ngleic leis moill atá ar chur i bhfeidhm an ghníomhaithe ar son na haeráide, go háirithe mar gheall ar dhrochthionchar an athraithe aeráide a bhí le tabhairt faoi deara i Ráithe 3 2022. Tharla roinnt teagmhais aimsire i samhradh na bliana 2022 lena n-áirítear tonnta teasa agus triomach nach bhfacthas riamh cheana, tuilte tubaisteacha, stoirmeacha contúirteacha, agus falscaí a rinne an-dochar. Tá na himeachtaí aeráide suaiteacha seo tar éis léirscrios a dhéanamh ar phobail go háitiúil agus go hidirnáisiúnta, agus daoine á marú agus á gcur as seilbh acu ar fud an domhain, agus iad ag cur as go mór do go leor earnálacha den gheilleagar.
Ina ráiteas náisiúnta ag COP27 san Éigipt, tharraing an Taoiseach Micheál Martin aird ar an ngéarghá atá le cur i bhfeidhm tráthúil na mbearta aeráide. Agus é ag tagairt don Tuarascáil is déanaí maidir le Dul Chun Cinn an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, dúirt an Taoiseach:
"Agus ár ráiteas náisiúnta á chur i láthair agam ag COP27 san Éigipt, leag mé béim ar an ngá atá le práinn. Déanann gach moill ár gcúram níos mó, agus ní mór dúinn ár n-uaillmhian a aistriú go tapa isteach ina ghníomh. Cheana féin is féidir linn an domhan mórthimpeall orainn a fheiceáil agus a mhothú ag athrú. Ná cuirimis soicind eile amú."
Chuir an Tánaiste agus an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Dul Chun Cinn R3, agus dúirt:
“Is léir go bhfuil tionchar tubaisteach sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch ag an athrú aeráide orainn. Is é an dúshlán domhanda fadtéarmach is práinní lenár linne é. Caithfimid aire níos fearr a thabhairt dár bpláinéad. Tá a cuid féin le déanamh ag gach earnáil lena chinntiú go bhfágfaimid é i riocht níos fearr do na glúnta atá le teacht. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn sa ráithe seo, ach is léir go gcaithfimid dlús a chur leis an ngníomhíocht d'fhonn ár spriocanna uaillmhianacha i leith na haeráide a bhaint amach. Bhí muid ag streachailt tráth ach tá muid anois i lar báire. Ba chóir go mbeadh sé mar aidhm againn anois a bheith inár gceann feadhna.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Éamon Ryan:
“Bhí ról ollmhór ag Éirinn maidir le dul i ngleic leis an gceartas aeráide ag Comhdháil COP27 le déanaí. Anseo sa bhaile caithfimid díriú ar réitigh aeráide a mbeidh an-tionchar acu agus a thugann aghaidh ar bhonn práinne ar an maolú. Léiríonn na Tuarascálacha seo ar Dhul Chun Cinn seo go soiléir go bhfuil go leor oibre fós le déanamh againn. Cuireann an clár buiséid charbóin a ceadaíodh le déanaí agus na huasteorainn astaíochta do na hearnálacha creat láidir agus bealach ar fáil chun ár mbeartais agus ár bpolasaithe a threorú agus a chur ar an eolas ionas gur féidir ár spriocanna le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach.”
Tá Plean Gníomhaíochta Aeráide nuashonraithe á réiteach faoi láthair agus táthar ag súil go bhfoilseofar é roimh dheireadh na bliana, nuair a bheidh sé ceadaithe ag an Rialtas.