An Coimisiún do Thodhchaí na Meán Bunaithe ag an Rialtas
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2020
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
D’aontaigh an Rialtas inniu téarmaí tagartha agus ballraíocht an Choimisiúin Do Thodhchaí na Meán. Beidh an tOllamh Brian Mac Craith, iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún, ar a mbeidh saineolaithe ar na meáin seirbhíse poiblí, an iriseoireacht neamhspleách, na meáin shóisialta, cláir oibre na nua-teicneolaíochta, eacnamaíocht na meán, an cultúr, an teanga, an t-ábhar cruthaitheach, an rialachas agus dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Agus é ag fáiltiú roimh bhunú an Choimisiúin dúirt an Taoiseach Micheál Martin TD:
“Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh struchtúr láidir neamhspleách againn do na meáin ar mhaithe le saol cultúir, spóirt, cruthaitheach agus polaitíochta na hÉireann. Braitheann daoine ar na nuachtáin, an teilifís, an raidió agus na cláir oibre ar líne chun iad féin a chur ar an eolas i dtaobh cúrsaí reatha áitiúil agus náisiúnta, chun léargas a thabhairt ar ár gcultúr, dul i dteagmháil leis an diaspóra, agus an náisiún a thabhairt le chéile le linn tréimhsí ina mbíonn ceiliúradh nó machnamh náisiúnta ar bun againn. Riamh anall léirigh meáin na hÉireann bunphrionsabail na neamhchlaontachta agus na neodrachta, agus anois tráth a bhfuil méadú ag teacht ar an mbréagaisnéis tá iriseoireacht inmharthana, neamhchlaonta níos tábhachtaí ná mar a bhí sí riamh cheana.
“Déanfaidh an Coimisiún Do Thodhchaí na Meán an bealach chun cinn a rianú don chraoltóireacht seirbhíse poiblí agus do na meáin neamhspleácha. Cúis áthais dom go háirithe gur ceapadh an tOllamh Brian Mac Craith, fear atá ina cheannródaí i gcúrsaí oideachais agus atá aitheanta mar intleachtóir oirirc i saol poiblí na hÉireann, ina Chathaoirleach. Is gá dúinn staidéar a dhéanamh ar mhodhanna maoinithe chun cuspóirí i leith na seirbhísí poiblí a bhaint amach, maoiniú a bheadh inmharthanach, a chinnteodh maoirseacht eagarthóireachta neamhspleách agus a thabharfadh luach ar airgead don phobal. Táim ag tnúth le moltaí an Choimisiúin a fháil ina leith seo agus i leith na ngnéithe eile dá dtéarmaí tagartha.’’
D’fháiltigh an tAire Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta, Catherine Martin TD, roimh bhunú an Choimisiúin freisin, agus dúirt sí:
“Tá athrú suntasach tagtha ar chúrsaí na meán le blianta beaga anuas. Is gá do na craoltóirí agus do na nuachtáin thraidisiúnta aghaidh a thabhairt ar bhrúnna nua, atá ag dul i méid. Tá rún daingean ag an Rialtas an bealach chun cinn a rianú chun go mbeidh craoltóir seirbhíse poiblí bríomhar againn i gcónaí, a chuirfidh eolas agus siamsaíocht ar fáil dúinn, a thabharfaidh léargas orainn mar phobal agus a bhfaighfear luach ar airgead uirthi. De bharr cúlra iontach a bheith ag Baill an Choimisiúin san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, sna healaíona cruthaitheacha agus sa saol acadúil táim dóchasach go bhfuil an meascán ceart scileanna, taithí agus fuinneamh acu don obair seo. Táim ag dúil lena gcuid moltaí maidir le bealaí a bhféadfaimis an iriseoireacht neamhspleách a chosaint agus a fheabhsú, agus a chinntiú go dtugtar gach deis dár n-ealaíontóirí cruthaitheacha ár gcultúr a chur ar ardán don tír agus don domhan mór.
Dúirt an tOllamh Brian Mac Craith:
“Cúis áthais dom a bheith ceaptha i mo Chathaoirleach ar an gCoimisiún do Thodhchaí na Meán agus táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe ar an gCoimisiún ar an ngné rí –thábhachtach, dhúshlánach seo ó thaobh an pholasaí phoiblí de, gné atá chomh tábhachtach sin do chaighdeán saoil agus do shláinte ár sochaí i gcoitinne.’’
Baill an Choimisiúin do Thodhchaí na Meán
Cathaoirleach an Choimisiúin: An tOllamh Brian Mac Craith, iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Baile Átha Cliath.
Sinéad Burke, Stiúrthóir ar Tilting the Lens, scríbhneoir agus bean léinn atá gníomhach sna meáin shóisialta, agus ina ball den Chomhairle Stáit
Alan Rusbridger, Cathaoirleach ar Choiste Stiúrtha The Reuters Institute for the Study of Journalism ag Ollscoil Oxford, agus iarphríomheagarthóir ar Guardian News and Media
Lynette Fay, saorchraoltóir (a chraolann i nGaeilge agus i mBéarla ar BBC Raidió Ulaidh ) agus a bhfuil cúlra acadúil aici sa chumarsáid fheidhmeach
Nuala O’Connor, comhbhunaitheoir South Wind Blows, scríbhneoir agus déantóir cláir faisnéise i réimsí an cheoil agus na nEalaíon
Gillian Doyle, Ollamh in Eacnamaíocht na Meán (An Staidéar ar Amharclannaíocht, Scannánaíocht agus Teilifís), Ollscoil Ghlascú
Mark Little, P O F agus comhbhunaitheoir Kinzen. Bunaitheoir na háisíneachta nuachta Storyful
Stephen McNamara, Stiúrthóir Cumarsáide, Cumann Rugbaí na hÉireann
Dr Finola Doyle-O’Neill, Staraí Craolacháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
[Fógrófar beirt bhall mholta eile faoi réir dheimhniú agus infhaighteacht]
Téarmaí Tagartha
Cuireann córais meáin a fheidhmíonn go maith, an chraoltóireacht seirbhíse poiblí go háirithe, ceithre sheirbhís thábhachtach ar fáil do phobal na hÉireann trí:
- Eolas, oiliúint agus siamsaíocht a chur ar fáil do phobal na hÉireann i réimsí a bhaineann le cultúr, féiniúlacht, spórt agus teanga na hÉireann agus i réimsí eile atá dúchasach d’Éirinn agus do phobal na hÉireann;
- A chinntiú go mbíonn fáil ag an bpobal ar iriseoireacht d’ardchaighdeán, atá neamhchlaonta agus neamhspleách agus tuairisceoireacht á dhéanamh go tomhaiste ar chúrsaí a bhfuil tábhacht leo don phobal áitiúil, don réigiún, don tír, don Eoraip agus go hidirnáisiúnta, iriseoireacht a spreagann dioscúrsa daonlathach;
- An náisiún agus an diaspóra a thabhairt le chéile i rith tréimhsí cinniúnacha ó thaobh an náisiúin de;
- A chinntiú go dtugtar deis d’ealaíontoirí cruthaitheacha na hÉireann a gcuid oibre a chur i láthair an phobail in Éirinn, agus más féidir é, níos faide ó bhaile;
Ó bunaíodh an Stát bhí agus bíonn i gcónaí na haidhmeanna seo á gcur i bhfeidhm ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta ag lear mór eagraíochtaí meán, lena n-áirítear RTÉ agus TG4, ag feidhmiú mar chraoltóirí seirbhíse poiblí, chomh maith le craoltóirí, léiritheoirí agus nuachtáin neamhspleácha. Le déanaí tá ról tábhachtach ag na meáin ar líne, ról atá ag méadú i gcónaí. Thug an Scéim Fís agus Fuaim, arb ionann é agus 7% den teacht isteach iomlán ó na ceadúnais teilifíse, tacaíocht d’ábhar ó gach craoltóir a bhí tairbheach don tseirbhís phoiblí, i bpáirt leis an earnáil neamhspleách, ach de réir reachta tá sé seo teoranta don chraoltóireacht amháin.
Is iad spriocanna an Choimisiúin ná:
- a fháil amach cén cineál taithí a bhí againn in Éirinn go dtí seo ar chur i bhfeidhm na n-aidhmeanna thuasluaite agus úsáid á bhaint againn as an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí chomh maith le craoltóirí, léiritheoirí, nuachtáin agus meáin ar líne neamhspleácha, ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, agus céard iad na dúshláin atá tagtha chun cinn do na meáin sin de bharr na gclár nua domhanda agus an t-athrú atá ag teacht ar rogha phobal na meán maidir leis an tslí a gcuirtear ábhar ar fáil dóibh;
- measúnú a dhéanamh ar chomh hoiriúnach agus a bheidh na múnlaí seachadta atá againn faoi láthair don 10 mbliana atá amach romhainn;
- athbhreithniú a dhéanamh ar an dea-chleachtas atá i ndlínsí eile a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid linn, go háirithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ar mhaithe le múnlaí oiriúnacha a sholáthar don todhchaí, d’fhonn na ceithre sheirbhís phoiblí thuasluaite a chur i bhfeidhm, i bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht ar a mbíonn pobal na meán ag súil leis agus go háirithe i bhfianaise iompraíocht an dreama óig agus gach a mbíonn siadsan ag súil leis.
Ag eascairt as an obair sin leagtar mar thasc ar an gCoimisiún:
- Moltaí a dhéanamh maidir leis na bealaí ar cheart aidhmeanna seo na seirbhíse poiblí a sheachadadh in Éirinn sna 10 mbliana amach romhainn;
- an bealach a dtacódh sé seo le hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha na hÉireann a léiriú;
- Moltaí a dhéanamh maidir le maoiniú don obair seo, maoiniú a bheadh inbhuanaithe, a mbeadh níos mó cinnteacht ag baint leis, a chinnteodh maoirseacht eagarthóireachta neamhspleách agus a sholáthródh luach ar airgead don phobal;
- moltaí a dhéanamh maidir le ról, maoiniú agus struchtúr RTE laistigh den mhúnla seo;
- mar a dhéanfar maoirseacht agus rialú air seo a léiriú agus aird á tabhairt ar ár n-oibleagáidí i leith an AE, lena n-áirítear na riachtanais a thagann faoin Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, leasaithe.
Nótaí do na hEagarthóirí
I mí na Nollag ceapadh iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Brian Mac Craith, ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún.
Rinne an Clár nua Rialtais Our Shared Future, leathnú ar théarmaí tagartha an Choimisiúin um Chraoltóireacht Seirbhíse Poiblí agus déanadh an Coimisiún do Thodhchaí na Meán de, ar cuireadh mar chúram air breathnú, ar bhealach clár-agnóiseach, ar thodhchaí na meán clóite, craoltóireachta agus ar líne.
Iarrann an Clár nua Rialtais ar an gCoimisiún tuairisc a scríobh taobh istigh de naoi mí le moltaí maidir leis na bearta a theastódh chun seirbhís meáin fhuinniúil, neamhspleách a chinntiú don chéad ghlúin eile, ag cur san áireamh go bhfuil an múnla maoinithe atá ann faoi láthair don tseirbhís neamhéifeachtúil. Cuirfidh Roinn an Taoisigh rúnaíocht ar fáil don Choimisiún i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Críoch