An Taoiseach le fáilte a chur roimh Phríomh-Aire na hÍsiltíre i mBaile Átha Cliath
- Foilsithe: 19 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuirfidh an Taoiseach Micheál Martin fáilte roimh Phríomh-Aire na hÍsiltíre Mark Rutte, i mBaile Átha Cliath Dé Luain an 23 Bealtaine le haghaidh dinnéar oibre i dTeach Farmleigh.
Táthar ag súil go bpléifidh an bheirt cheannaire saincheisteanna reatha AE agus idirnáisiúnta, an cogadh san Úcráin agus na hiarmhairtí a bhaineann leis san áireamh.
Tabharfaidh an Taoiseach achoimre don Phríomh-Aire chomh maith ar fhorbairtí i dTuaisceart Éireann agus ar an bPrótacal.
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá an tUasal Rutte ina Phríomh-Aire ar an Ísiltír ón mbliain 2010 agus chuir sé tús lena cheathrú théarma i mí Eanáir.