An Taoiseach Micheál Martin ag bualadh le Michelle O’Neill
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Mar chuid dá rannpháirtíocht leanúnach le ceannairí polaitíochta i dTuaisceart Éireann, bhuail an Taoiseach le Michelle O’Neill ar maidin.
D’aontaigh an bheirt acu faoin tábhacht atá le Tionól agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann a bheith i bhfeidhm a luaithe agus is féidir.
Is é seo an rud ar chaith muintir Thuaisceart Éireann vóta lena haghaidh níos lú ná coicís ó shin. Ní hé leas aon duine é go bhfuil bac á chur ar an Tionól a toghadh go daonlathach a bheith ag suí agus a gcuid gnó a dhéanamh.
Léirigh siad imní mhór faoi bhearta aontaobhacha a d’fhéadfadh Rialtas na Breataine a dhéanamh ar an bPrótacal, a mbeadh tionchar díchobhsaitheach acu ar Thuaisceart Éireann.
D’aithin siad go bhfuil fíorfhadhbanna maidir le gnéithe de chur i bhfeidhm an Phrótacail ach is féidir iad sin a thabhairt chun cinn i gcomhthéacs pléití AE-RA.
Ní chuirfidh ach torthaí comhaontaithe an tseasmhacht agus an chinnteacht atá ag teastáil i dTuaisceart Éireann ar fáil.