English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Micheál Martin ag bualadh le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag Caisleán Chromghlinne

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 13 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

Buailfidh an Taoiseach, Micheál Martin TD, leis an bPríomh-Aire Boris Johnson ag Caisleán Chromghlinne i dTuaisceart Éireann inniu (Déardaoin an 13 Lúnasa).

Is é seo an chéad chruinniú idir an bheirt ó ceapadh Micheál Martin ina Thaoiseach.

Deis a bheidh i gcruinniú an lae inniu roinnt ceisteanna atá ag déanamh imní don dá thaobh a phlé.

Beidh COVID-19 ar bharr an cháir oibre agus táthar ag súil go ndéanfaidh an bheirt cheannairí a dtaithí ar leithligh maidir leis an víreas a bhainistiú agus maidir le déileáil leis an tionchar atá aige sin ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de a phlé.

Déanfaidh siad an Breatimeacht a phlé chomh maith, lena n-áirítear na hidirbheartaíochtaí leanúnacha idir an RA agus an AE, agus níos lú ná sé mhí fanta go dtí deireadh na hidirthréimhse.

Déanfar Tuaisceart Éireann agus caidrimh dhéthaobhacha idir Baile Átha Cliath agus Londain a phlé chomh maith.