Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Simon Harris ag labhairt le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe Donald Trump

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 11 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2024

Labhair an Taoiseach Simon Harris tráthnóna inniu le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump.

Rinne an Taoiseach comhghairdeas le hUachtarán Trump as a bhua cuimsitheach i dtoghchán na Stát Aontaithe.

Rinne siad machnamh ar na naisc láidre leanúnacha idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe agus dúirt siad go raibh súil acu go mbuailfidís le chéile gan mhoill.

Phléigh an Taoiseach agus an tUachtarán Trump na dúshláin mhóra iomadúla atá roimh an domhan, na cogaí san Úcráin agus sa Mheánoirthear san áireamh.

Ghuigh an tUachtarán tofa Trump a dhea-mhéin do mhuintir na hÉireann agus d’aontaigh sé agus an Taoiseach go bhfanfaidís i dteagmháil.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat