Beidh an Taoiseach Micheál Martin i gceannas ar thoscaireacht Éireannach láidir chuig COP27 san Éigipt
- Foilsithe: 6 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Beidh COP27, an Chomhdháil Páirtithe de chuid na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide ar siúl in Sharm El-Sheikh, san Éigipt ón 6-18 Samhain 2022. Déanfaidh an Taoiseach Micheál Martin; An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan; an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney; agus an tAire Stáit um Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy ionadaíocht ar Éirinn ann.
Freastalóidh an Taoiseach ar Chruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda ag tús na Comhdhála an 7 agus an 8 Samhain.
Ag an gCruinniú Mullaigh, beidh an Taoiseach rannpháirteach i roinnt imeachtaí agus comhchainteanna ardleibhéil, lena n-áirítear ar shlándáil bia agus ar inbhuanaitheacht pobail leochaileacha. Freastalóidh sé in éineacht le hUachtarán Ghána, Nana Akufo-Addo, agus le Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz, ar bhricfeasta oibre maidir leis ‘An Sciath Dhomhanda in aghaidh Baol Aeráide’, tionscnamh nua arna mhaoiniú ag an G7 agus ag an ngrúpa V20 de thíortha leochaileacha atá dírithe ar níos mó airgeadais a chur ar fáil chun cosaint a thabhairt in aghaidh baol aeráide sna tíortha bochta.
Tráthnóna Dé Máirt seachadfaidh sé Ráiteas Náisiúnta na hÉireann, ina leagfar amach uaillmhian na hÉireann ó thaobh na haeráide, agus tiomantas an rialtais tacú le tíortha leochaileacha, agus cé gurb iad na tíortha sin is lú a chuireann le hathrú aeráide gurb iad is mó atá thíos le tionchar athrú aeráide.
Beidh roinnt cruinnithe déthaobhacha aige freisin le Ceannairí eile ar an imeall.
Díreoidh COP27 ar dhian-dúshláin a bhaineann leis an aeráid atá le sárú ag tíortha na hAfraice agus ar fheidhmiú tiomantas a rinneadh ag cruinnithe COP roimhe seo. Lorgóidh toscairí dul chun cinn a dhéanamh ar aghaidh a thabhairt ar chailliúint agus ar dhamáiste mar thoradh ar athrú aeráide, agus ar chur le maoiniú d’acmhainneacht aeráide.
Deir an Taoiseach an méid seo sular labhair sé ag an gCruinniú Mullaigh:
“Tá athrú aeráide ar an dúshlán aonair is mó atá le sárú ag an domhan mór. Tá na tionchair atá ag athrú aeráide le brath cheana féin ó thaobh imeachtaí aimsire as cuimse, agus tá iarmhairtí an athraithe aeráide ag cothú coimhlinte, míshocracht domhanda, iomaíocht d’acmhainní agus droch-chruatan daonna i roinnt de na tíortha is boichte ar domhan.
“Tá freagracht speisialta ar cheannairí polaitíochta a bheidh ag bailiú le chéile ag COP27 an t-aistriú atá riachtanach a stiúradh chun todhchaí inbhuanaithe dár bpláinéad agus do mhuintir an domhain a chinntiú.
“Is léir anois gurb iad cuid de na tíortha is lú a chur le hathrú aeráide is mó a bheidh thíos leis an tionchar a bheidh ag athrú aeráide orthu. Tá easpa acmhainní ag go leor de na tíortha leochaileacha sin chun déileáil leis na dúshláin atá amach rompu. Measaim go mbeidh maoiniú aeráide ina saincheist mhór sna cainteanna a bheidh againn ag an gCruinniú Mullaigh, agus tá súil agam go dtabharfaidh tíortha forbartha lámh chuidithe chun a chinntiú go gcomhlíonfar tiomantais a comhaontaíodh ag cruinnithe roimhe seo.”
Deir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan an méid seo a leanas:
“Tá an drochthionchar atá mar thoradh ar athrú aeráide le feiceáil ag cách anois, agus imeachtaí aimsire níos measa agus níos minice ar fud an domhain mhóir ná mar a bhí riamh. Is eol dúinn go gcaithfidh muid gníomhú anois chun daoine agus an domhan a chosaint, agus tá sé ríthábhachtach go ngníomhóimid le chéile.
“Caithfimid bogadh chomh láidir agus chomh tapa agus is féidir chun ár gcuid astaíochtaí a laghdú. Tá tábhacht ag an staid seo le gach kg d’astaíochtaí a shábháiltear. Is deis é COP27 oibriú le chéile chun tiomantais atá déanta cheana féin a choimeád agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar mhianta chun nach mbeadh aon astaíochtaí ann.
“Tá Éirinn tiomanta ár gcuid astaíochtaí a laghdú 51% faoi 2030 agus iad a chur ar neamhní ar fad faoi 2050, mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021. Cuirfear béim i bplean na bliana seo a fhoilseofar i mí na Nollag ar an ngá atá ann luas a chur faoi bhearta chun ár ngeilleagar a dhícharbónú agus aistriú i dtreo ábhar in-athnuaite. Tá an scála athrú atá le cur i gcrích i bhfad níos mó ná mar is féidir comparáid a dhéanamh ach táim dóchasach go ndéanfaimid ár gcuid chun go n-éireoidh linn sin a dhéanamh agus go gcinnteoimid go mbeidh domhan níos glaise, níos folláine, níos saibhre againn le fágáil mar oidhreacht ag ár gclann agus ag clann ár gclainne.”
Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney an méid seo:
“Rinne an aimsir agus athrú aeráide dochar millteanach in 2022. Tá na tuilte marfacha sa Phacastáin ar cheann de na cúiseanna le déanaí a bhfuil an oiread sin tábhachta leis na cinntí a bheidh le déanamh ag COP27. Tá mé ag súil go mór cuairt a thabhairt ar an gComhdháil Dé Céadaoin chun comhráite a bheith agam le tíortha atá i mbaol ón aeráid agus le comhpháirtithe na hÉireann chun a fháil amach cad eile is féidir le hÉirinn a dhéanamh chun gníomh aeráide láidir agus tapa a chur chun cinn.
Deir an tAire Stáit um Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy an méid seo:
“Tá athrú aeráide ag tarlú anois agus tá scrios millteanach á dhéanamh ag an athrú aeráide sin. I gCorn na hAfraice, tá na milliúin daoine ag fáil ocrais mar thoradh díreach ar athrú aeráide. Mura dtiocfaidh an domhan le chéile agus gníomhú le chéile, tá muid ag fágáil na ndaoine sin i dtuilleamaí gorta as a leanfaidh na mílte míle bás ar scála chomh mór sin nach bhféadfaí é a shamhlú.
“Seo é COP na hAfraice agus is é an toradh a chaithfidh a bheith air ná gníomh praiticiúil agus cinnte. Níl sé d’acmhainn againn leanúint leis an gcaint amháin. Is oscailt súl é an méid atá ag titim amach i gCorn na hAfraice faoi láthair don todhchaí atá i ndán dúinn mura ngníomhóimid.
Nótaí
Faisnéis Thábhachtach
- Beidh COP27 ar siúl in Sharm El-Sheikh, san Éigipt ón 6-18 Samhain 2022.
- Is iad na Náisiúin Aontaithe a eagraíonn an chomhdháil bhliantúil seo ar athrú aeráide agus tugtar le chéile gach tír sa domhan in iarracht teacht ar chomhaontú faoi conas is féidir dul i ngleic le hathrú aeráide
- Déanfaidh an Taoiseach ionadaíocht ar Éirinn freisin ag cruinniú na gceannairí domhanda
- Rachaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney; agus an tAire Stáit um Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy chuig an Éigipt go luath an tseachtain seo chugainn.
- Is é an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan a bheidh i gceannas ar thoscaireacht náisiúnta na hÉireann le linn an dara seachtain den chomhdháil
- Díreoidh comhdháil na bliana seo ar dhian-dhúshláin a bhaineann leis an aeráid atá le sárú ag tíortha na hAfraice
- Tá níos mó airgid a chur ar fáil don teacht aniar aeráide agus aghaidh a thabhairt ar chailliúint agus ar dhamáiste mar thoradh ar an aeráid ar dhá phríomhshaincheist a phléifear ag COP27.
- Tá sé tugtha le fios ag Uachtaránacht na hÉigipte freisin gur chóir do COP27 díriú ar fheidhmiú na dtiomantas agus na ngníomhartha a rinneadh ag cruinnithe COP roimhe seo chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn agus gníomh i dtaobh an athraithe aeráide domhanda
Tosaíochtaí na hÉireann
1. Tá Éire tiomanta do chur lenár maoiniú aeráide idirnáisiúnta chun tacú leis na pobail is leochailí ar domhan agus le daoine atá ag troid in aghaidh thionchair an athraithe aeráide.
2. Léirítear i bPlean Airgeadais Aeráide Idirnáisiúnta na hÉireann i mí Iúil 2022 mar atá sé beartaithe againn an sprioc a bhaint amach de €225 milliún ar a laghad a chur ar fáil faoi 2025.
3. Díreofar ár maoiniú ar chuíchóiriú agus ar theacht aniar maidir le tionchair an athraithe aeráide, agus déanfar téamaí nua a iniúchadh mar bhithéagsúlacht, agus cailliúint agus damáiste.
4. Tá Éirinn diongbháilte dul chun cinn i ndáiríre a dhéanamh ar chailliúint agus ar dhamáiste a bhíonn mar thoradh ar athrú aeráide. Aithnímid gur tosaíocht shuntasach í an fhadhb seo do thíortha atá i mbéal forbartha.
5. Mar bhall den Chomhghuaillíocht - rogha eile ar Ola agus Gás, tá Éire tiomanta luas a chur faoin aistriú ó bheith ag brath ar bhreosla iontaise agus tá deireadh anois le heisiúint ceadúnais nua do thaiscéalaíocht ola agus gáis.
6. Tá an-imní ar Éirinn faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar shíocháin agus ar sheasmhacht. Creidimid trí aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide go bhféadfaimid an poitéinseal don mhíshocracht a laghdú agus cur le síocháin.
7. Leanann Éire ag labhairt amach ar son rannpháirtíocht ghníomhach na mban agus dhaoine óga i gcainteanna, lena n-áirítear toscaire óige aeráide a cheapadh i dtoscaireacht na hÉireann agus a bheith ag éascú le tinreamh agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ag na cruinnithe.
8. Tá Éire tiomanta oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear ag COP27, chun tacú le cur chuige eolaíochtbhunaithe maidir leis na cainteanna agus lorgóimid go dtabharfar cainteanna tábhachtacha chun críche, go háirithe maidir le maoiniú aeráide (lena chinntiú go mbeidh tacaíochtaí cuí in áit do na tíortha is mó atá i mbaol).