Cruinniú faisnéise ag an Taoiseach le hAirí Rialtais ar Thionscadal Éireann 2040 in OÉ Gaillimh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cruinniú faisnéise ag an Taoiseach le hAirí Rialtais ar Thionscadal Éireann 2040 in OÉ Gaillimh

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 12 Aibreán 2018
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2018

Is éard atá i dTionscadal Éireann 2040 ná plean an Rialtais de luach €116bn chun Éire a athshamhlú agus a ullmhú le haghaidh sochaí do thodhchaí ina mbeidh milliún duine breise inti agus 660,000 duine breise amuigh ag obair. I dTionscadal Éireann 2040 déantar pleanáil agus infheistíocht a nascadh don chéad uair, agus, le 50% den fhás daonra réamh-mheasta atá beartaithe do bhailte, do shráidbhailte agus do cheantair thuaithe, agus déantar infheistíocht tuaithe agus uirbeach a chothromú.

Ag labhairt ag OÉ Gaillimh, dúirt an Taoiseach:

“Tá an-áthas orm a bheith anseo in OÉ Gaillimh inniu chun labhairt leat faoin Tionscadal Éireann 2040 agus an méid a bheidh ann duitse sa phlean seo. Is plean é Tionscadal Éireann 2040 a dhéanfaidh difear dár saoránaigh go léir sna blianta amach romhainn, is plean é don tír uile, ceann d’infheistíocht tuaithe agus uirbeach chothromaithe, agus ceann atá beartaithe chun muid a ullmhú i gcomhair na ndúshlán, ar nós an Bhreatimeachta, agus go deimhin na deiseanna a chuirfidh iad féin i láthair sna blianta atá le teacht. “

I dTionscadal Éireann 2040, aithnítear an tábhacht atá ag baint le Gaillimh agus le hiarthar na hÉireann maidir le pleanáil le haghaidh todhchaí na tíre agus maidir le fás réigiúnach cothrom a chinntiú. Beidh ról ríthábhachtach fós ag Cathair na Gaillimhe sa réigiún, le béim níos mó ar chur chuige níos dlúithe maidir le forbairt, cur chuige a bheidh dírithe ar iompar poiblí chomh maith.

Príomhbhearta i dTionscadal Éireann 2040 don réigiún

I measc na bpríomhbhearta i dTionscadal Éireann 2040 don réigiún tá:

Tacaíocht do thionscadail cosúil leis na pleananna d'Athghiniúint Chathair na Gaillimhe.

Tá tionscadail iompair beartaithe chun ár gcathracha agus ár réigiúin a nascadh, tionscadail cosúil leis an gcuarbhóthar atá beartaithe do Ghaillimh, seachbhóthar Mhaigh Cuilinn agus infheistíocht de €200 milliún sa chlár BusConnects i nGaillimh.

Is tosaíocht i dTionscadal Éireann 2040 í infheistíocht san ardoideachas, ag tacú le tionscadail in Iarthar na hÉireann, lena n-áirítear árais chónaithe nua do mhic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, foirgneamh STEM nua in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, agus an bunú de Chomhaontas Chonnacht Ulaidh lena gcuimseofar Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Institiúid Teicneolaíochta Shligigh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Áirítear leis an infheistíocht i gcúram sláinte don réigiún áiseanna nua ospidéil tiomanta a bheidh siúlach agus roghnach amháin do Ghaillimh agus forbairt de Rannóg Éigeandála na Gaillimhe agus bloc barda.

I dTionscadal Éireann 2040, aithnítear an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh inár gcultúr agus san oidhreacht, le tacaíocht de €15m tiomanta go teoiriciúil do Ghaillimh Chathair Chultúr na hEorpa 2020 agus infheistíocht i bPáirc na Cúile agus i bPáirc Náisiúnta Chonamara.

Cistí chun Athnuachan agus Infheistíocht a spreagadh

Ceithre chiste nua chun athnuachan agus infheistíocht a spreagadh i gceantair thuaithe agus uirbeacha, sa timpeallacht agus sa nuálaíocht ó chuid de Thionscadal Éireann 2040:

  • Ciste um Athghiniúint Uirbeach agus Forbartha de €2bn.
  • Ciste Forbartha Tuaithe de €1bn
  • Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide de €500m
  • Ciste um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha de €500m

Le haghaidh mionsonraí a fháil maidir leis an méid a bheidh ann duitse le Tionscadal Éireann, féach: http://www.gov.ie/2040

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat