English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuirfidh an Taoiseach fáilte roimh Phríomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez, i mBaile Átha Cliath inniu

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 2 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuirfidh an Taoiseach fáilte roimh Uachtarán Rialtas na Spáinne, Pedro Sánchez chuig Tithe an Rialtais (Déardaoin 2 Márta), agus an Spáinn ag ullmhú dá hUachtaránacht AE sa dara leath den bhliain.

Cuirfidh an Taoiseach an Príomh-Aire Sánchez ar an eolas faoin gcomhaontú a rinneadh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo, agus maidir le forbairtí polaitiúla i dTuaisceart Éireann.

Pléifidh siad freisin ceisteanna reatha ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh lena n-áirítear ionradh na hÚcráine, fuinneamh, agus conas leas a bhaint as lánacmhainneacht an Mhargaidh Aonair, agus comóradh 30 bliain ar an bhfód á cheiliúradh i mbliana. Pléifidh siad tosaíochtaí freisin do thréimhse in oifig na Spáinne.

Agus é i mbun cainte roimh an gcuairt, dúirt an Taoiseach:

"Is mór an pléisiúr é fáilte a chur roimh an bPríomh-Aire Sánchez ar ais go Baile Átha Cliath le linn tréimhse thábhachtach d'Éirinn agus don Aontas Eorpach, go díreach cúpla lá tar éis Chreat Windsor a aontú. Tá 50 bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach á chomóradh ag Éirinn, agus tabharfaidh an Spáinn faoi Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh níos deireanaí i mbliana. Pléifimid dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus í ag troid in aghaidh ionradh mímhorálta, an t-aistriú práinneach go fuinneamh inbhuanaithe ar fud an AE, agus neart gheilleagar na hEorpa."