Díospóireachtaí ar an nGaeilge ag barr chlár oibre an Rialtais do Sheachtain na Gaeilge

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Díospóireachtaí ar an nGaeilge ag barr chlár oibre an Rialtais do Sheachtain na Gaeilge

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 1 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

• An Taoiseach Micheál Martin chun ról stiúrtha a ghlacadh chun ceantair Ghaeltachta agus an Ghaeilge a cheiliúradh mar chuid de chomóradh coicíse.

• Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers ag tabhairt tús áite do ráitis trí Ghaeilge sa Dáil agus sa Seanad chun Seachtain na Gaeilge 2021 a chomóradh.

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin agus ag Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers go mbeidh an Ghaeilge lárnach i ngnó an Rialtais chun comóradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.

Bíonn Seachtain na Gaeilge, féile bhliantúil na Gaeilge, ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta agus tá sí ar cheann de na féilte idirnáisiúnta is mó a dhéanann teanga dúchais agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh.

Tabharfar tús áite don Ghaeilge sa Dáil agus sa Seanad le linn Sheachtain na Gaeilge agus eagrófar díospóireachtaí speisialta i dTithe an Oireachtais i ndiaidh do Choiste Gnó na Dála moltaí an Rialtais a aontú.

Tá sé fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt, don Ghaeltacht & don Chosaint Jack Chambers go reáchtálfar díospóireacht Dála ar an nGaeilge an 3 Márta agus go reáchtálfar díospóireacht eile sa Seanad an tseachtain dár gcionn, an 10 Márta.

Is é an Taoiseach Micheál Martin a threoróidh an díospóireacht sa Dáil agus a dhéanfaidh gealltanais an Rialtais i leith na Gaeilge agus i leith phobail Ghaeltachta na tíre a chosaint agus a chur chun cinn a leagan amach.

"Is iontach an ceiliúradh í Seachtain na Gaeilge ar theanga agus cultúr na hÉireann. Cé nach mbeidh ceiliúradh na bliana seo mar a chéile le blianta eile, táim ag súil go mór leis an ról ar leith agus an ról lárnach atá ag an nGaeilge i sochaí na tíre chomh maith le hobair an Rialtais sa réimse sin a phlé mar aon le díospóireacht a dhéanamh faoi le linn fhéile fhíorúil na bliana seo.

"Tá Clár an Rialtais fíoruaillmhianach maidir leis na gealltanais a thugtar ann ceantair Ghaeltachta a chaomhnú agus a chosaint, lena chinntiú gurb iadsan croílár na teanga beo.

"Tá an-dul chun cinn á dhéanamh againn i dtaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a thabhairt chun cinn chomh maith le spreagadh a thabhairt do phobail labhartha na Gaeilge taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta, mar aon le hardáin a fhorbairt chun rannpháirtíocht dhaoine óga leis an teanga a neartú tuilleadh. Tugtar deis iontach dúinn ar fad le linn Sheachtain na Gaeilge ár gcaidreamh leis an teanga a mheas agus táim cinnte go mbainfidh go leor daoine, anseo sa bhaile agus thar lear araon, sult as imeachtaí na bliana seo."

Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers gur tábhachtach an comóradh í Seachtain na Gaeilge ar an teanga do chainteoirí líofa agus dóibh sin atá ag déanamh a ndícheall a gcumas labhartha a fheabhsú, agus tugtar deis le linn na seachtaine cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain.

"Tá ríméad orm a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge i mo cháil mar Aire ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht. Tá sraith iontach d'imeachtaí ar líne pleanáilte do Sheachtain na Gaeilge 2021 agus tá súil agam go nglacfaidh daoine, idir shean agus óg agus ó gach uile cúlra páirt iomlán iontu.

"I mo Phríomh-Aoire, tá tús áite tugtha agam do ráitis ar an nGaeilge chun bheith ag teacht le Seachtain na Gaeilge agus bainfidh mé leas as an deis seo tosaíochtaí an Rialtais i dtaobh na Gaeltachta a phlé chomh maith leis an dul chun cinn ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atáim a chur ar aghaidh chuig Tithe an Oireachtais a phlé.

"Is píosa cinniúnach reachtaíochta í seo trína ndéanfar caidreamh an Stáit leis an teanga a athbhunú agus táim sásta go bhfuil Teachtaí Dála ar fud an tí chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge ag tabhairt a gcuid tacaíochta ina leith.

Dúirt an tAire freisin:

"Is léir go bhfuil meas ag an Rialtas ar an teanga agus go dtugann sé tosaíocht ina leith ó tharla an Taoiseach a bheith ag treorú na díospóireachta speisialta sa Dáil. I rith Sheachtain na Gaeilge, táim ag súil go mór a bheith i mbun rannpháirtíochta le réimse leathan éagsúil de ghrúpaí agus de pháirtithe leasmhara, pobail Ghaeltachta na tíre, cainteoirí líofa, daoine atá ag cur feabhas ar a gcumas teanga agus daoine nach bhfuil ach ag tosú ag foghlaim na teanga."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat