Fógra déanta ag an Taoiseach ar Chearta Vótála i dToghcháin Uachtaránachta do Shaoránaigh na hÉireann atá ina gcónaí taobh amuigh den Stát
- Foilsithe: 12 Márta 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'fhógair an Taoiseach inniu go bhfuil sé socraithe ag an Rialtas reifreann a reáchtáil chun an Bunreacht a leasú d'fhonn cead a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh den Stát, Tuaisceart Éireann san áireamh, vóta a chaitheamh i dtoghcháin uachtaránachta.
Tá cinneadh an Rialtais ag teacht le moltaí an Choinbhinsiún ar an mBunreacht, a rinne siad ina Chúigiú Tuarascáil.
Is ionann an fógra seo agus aitheantas stairiúil ar na naisc láidre fhadbhunaithe atá idir Éirinn agus ár gcuid saoránach, cibé áit ar domhan a bhfuil siad.
Ag labhairt dó ag Leacht Cuimhneacháin an Ghorta in Philadelphia inniu, dúirt an Taoiseach:
"Le fógra an lae inniu, tugtar aitheantas domhain don tábhacht atá lenár saoránaigh go léir, cibé áit ar domhan a bhfuil siad. Is deis dúinn é ár dtír a dhéanamh níos láidre trí chead a thabhairt dár saoránaigh uile a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Stát, ár gcuid imirceach san áireamh, vótáil i dtoghcháin uachtaránachta a bheidh ann amach anseo.
"Tá an-áthas orm an fógra seo a dhéanamh agus sinn ár n-ullmhú féin do cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig agus do cheiliúradh an Éireannachais trí chéile."
Sa chás go leathnaítear an ceart vótála i dtoghcháin uachtaránachta d'Éireannaigh a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Stát, beidh ceisteanna dlí agus polasaí ann, mar aon le ceisteanna praiticiúla, a eascróidh as an leathnú.
D'fhonn díospóireacht phoiblí atá bunaithe ar eolas a dhéanamh ar an gceist seo, foilseoidh an Rialtas Páipéar mionsonraithe maidir le Roghanna níos deireanaí an mhí seo ina leagfar amach an réimse roghanna a bheidh ann chun éifeacht a thabhairt do mholadh an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht.
Beidh an páipéar ar cheann de na hábhair a phléifear ag Fóram Sibhialta Domhanda na hÉireann, a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath sa Bhealtaine.
Fágfaidh leathnú an chirt vótála go gcaithfear an próiseas clárúcháin vótálaithe a dhéanamh níos nua-aimseartha agus go gcaithfear socruithe a thabhairt isteach a chuirfidh ar chumas saoránach vóta a chaitheamh as áiteanna taobh amuigh den Stát. Tá sé toilithe ag an Rialtas tús a chur le nua-aoisiú an phróisis cláraithe vótálaithe chun clárú vótálaithe a fheabhsú.
Tá an fógra seo ag teacht le socruithe atá i bhfeidhm i bhformhór na dtíortha ar domhan a dhéanann socrú don chuid sin dá saoránaigh atá ina gcónaí taobh amuigh den Stát vóta a chaitheamh.
Cúlra
Mhol an Coinbhinsiún ar an mBunreacht ina Chúigiú Tuarascáil, a cuireadh faoi bhráid an Oireachtais i mí na Samhna 2012, go leasófaí an bunreacht chun socrú a dhéanamh le go mbeadh ceart vótála ag saoránaigh a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Stát, Tuaisceart Éireann san áireamh, i dtoghcháin uachtaránachta.
Tá fógra an lae inniu déanta i gcomhthéacs stair fhada na hÉireann ó thaobh na himirce chomh maith, mar aon leis an gcaidreamh láidir atá ag an tír leis an diaspóra ar fud an domhain. Faoi mar a leagadh amach in Global Irish: Ireland's Diaspora Policy, déanann an Rialtas an caidreamh uathúil, tábhachtach sin a chothú agus a fhorbairt trí réimse tionscnamh agus líonraí.
Ceann de na téamaí is mó a tháinig chun cinn sna haighneachtaí a fuarthas agus Polasaí Diaspóra na hÉireann á fhorbairt ná a thábhachtaí atá ceist na gceart vótála do go leor Éireannach thar sáile. Bhraith go leor daoine sa diaspóra go dtabharfadh a leithéid deis dóibh an caidreamh atá acu le hÉirinn a dhoimhniú agus ról níos gníomhaí a ghlacadh i sochaí na hÉireann.
Tráth a foilsíodh Global Irish: Ireland's Diaspora Policy in 2015, d'iarr an Rialtas ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus ar an Aire um Ghnóthaí Diaspóra anailís a dhéanamh ar an bpolasaí agus ar na ceisteanna dlí agus na ceisteanna praiticiúla a d'eascródh as moltaí an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht maidir le cearta vótála a leathnú do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Stát, Tuaisceart Éireann san áireamh, i dtoghcháin uachtaránachta.
Tá an anailís sin críochnaithe agus is í is bun leis an bPáipéar maidir le Roghanna a fhoilseofar an mhí seo.
Críoch