English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalóidh an Taoiseach Micheál Martin ar chruinniú mullaigh AE-ASEAN agus ar chruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 14 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 23 Nollaig 2022

Rachaidh an Taoiseach Micheál Martin go dtí an Bhruiséil inniu (Dé Céadaoin) áit a mbeidh Cruinniú Mullaigh de Cheannairí Chumann Náisiún Oirdheisceart na hÁise (ASEAN) ar siúl lena gcomhghleacaithe san Aontas Eorpach.

Beidh sé i láthair freisin ag cruinniú den Chomhairle Eorpach a thosóidh Déardaoin.

Agus é ag labhairt roimh na cruinnithe, dúirt an Taoiseach:

“Léirigh ar tharla le blianta beaga anuas go soiléir an tábhacht a bhaineann le comhoibriú domhanda má táimid chun bainistiú a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh an domhan, dúshláin atá ag éirí níos casta. Is comhpháirtí tábhachtach ó thaobh an gheilleagair agus na geopholaitíochta é Oirdheisceart na hÁise don AE, go háirithe i gcás ceisteanna amhail an t-athrú aeráide agus timpeallacht slándála atá ag éirí níos éiginnte. Táim ag súil go mór leis na ceisteanna seo agus ceisteanna eile a phlé le Ceannairí ón réigiún.

“Táim ag tnúth freisin le cruinniú na Comhairle Eorpaí, ag a gcuirfear ár dtacaíocht don Úcráin in iúl arís, pé fad a thógfaidh sé; agus ag a mbeimid ag déileáil le hiarmhairtí an chogaidh i réimsí dála cúrsaí fuinnimh agus an gheilleagair.

“Leanfaimid orainn ag cur brú ar an Rúis – lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise – agus pléifimid an bealach lena chinntiú go gcoinneofar iad siúd atá freagrach as an gcogadh cuntasach as an méid a thionscain siad agus a chothaigh siad. Beidh plé straitéiseach againn freisin ar ár gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe, ceann de chomhpháirtithe domhanda is tábhachtaí an AE.

“Caithfidh an Eoraip a chinntiú go bhfanfaidh ár ngeilleagar solúbtha agus iomaíoch i gcomhthéacs idirnáisiúnta atá dúshlánach. Táimid ag pointe infhillte inár n-aistriú digiteach agus ár n-aistriú aeráide, ach má théimid an treo straitéiseach ceart, is féidir leis an AE leanúint ar aghaidh ag tabhairt eiseamláir mar a bhaineann le réitigh atá acmhainneach agus inbhuanaithe a chruthú, a mbainfidh ár saoránaigh tairbhe astu."