Gach contae eile curtha le Dún na nGall agus Baile Átha Cliath ar Leibhéal 3 faoi Phlean na hÉireann maidir le Maireachtáil le COVID-19
- Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chinn an Rialtas inniu go gcuirfí gach contae eile ar Leibhéal 3 ó mheán oíche amárach, an 6 Meán Fómhair faoin bPlean maidir le Maireachtáil le COVID-19.
Tá an cinneadh seo bunaithe ar athbhreithniú a deineadh ar an gcomhairle reatha maidir leis an tsláinte phoiblí agus de bharr an scéal ó thaobh an víris a bheith imithe in olcas ar fud na tíre.
Beidh gach contae ag Leibhéal 3 ar feadh 3 seachtaine, go dtí meán oíche ar an 27 Meán Fómhair 2020, tráth a ndéanfaidh an Rialtas athbhreithniú ar an scéal, bunaithe ar staid an víris ag an am agus ar an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí.
Anuas air sin, ó tharla go bhfuil síneadh níos faide ná an 3 seachtaine a bhí beartaithe curtha le Leibhéal 3 i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall, beidh gnóthaí sa dá chontae sin i dteideal breisiú 20% agus 10% faoi seach.
Is iad seo na himpleachtaí a bhaineann le gach contae a bheith ar Leibhéal 3:
- níor cheart go dtiocfadh níos mó ná 6 as aon teaghlach amháin eile ar cuairt chuig tithe agus gairdíní príobháideacha
- níor cheart go mbuailfeadh daoine / teaghlaigh le chéile go sóisialta, cé go ndéanfar eisceacht i gcás bainiseacha agus sochraidí (féach thíos)
- níor cheart go n-eagrófaí aon imeachtaí taobh istigh. Ceadaítear imeachtaí faoin aer ach iad a bheith teoranta do 15.
- ba cheart do dhaoine fanacht ina gcontaetha féin (níor chóir dóibh an contae a fhágáil chun taisteal taobh istigh den tír nó go hidirnáisiúnta) cé go ndéanfar eisceacht i gcás daoine a chaithfidh taisteal ar mhaithe le hobair, oideachas nó ar údair riachtanacha eile.
- iarrtar ar dhaoine oibriú ón mbaile, más féidir é ar chor ar bith
- ba chóir go bhfanfadh scoileanna agus seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí oscailte. Ba cheart go bhfanfadh institiúidí oideachais daoine fásta agus institiúidí ardoideachais oscailte ach iarrtar orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcórais cosanta agus plódú a sheachaint a oiread agus is féidir.
- iarrtar ort siúl nó rothaíocht nuair is féidir, le go mbeidh córas iompair phoiblí ar fáil d’oibrithe riachtanacha agus le haghaidh obair atá riachtanach.
Spóirt
- níor cheart go mbeadh aon chluichí ná aon imeachtaí spóirt eile ar siúl, cé go ndéanfar eisceacht i gcás spórt gairmiúil, scothspóirt, craobhchomórtais idirchontae agus craobhchomórtais sinsear na gclubanna - caithfear iad seo ar fad a imirt gan aon lucht tacaíochta a bheith i láthair
- féadfaidh rásaíocht chapall leanúint ar aghaidh chomh fada is nach bhfuil aon lucht tacaíochta i láthair
- féadfar leanúint den traenáil neamhtheagmhála faoin aer i ngrúpaí nach mbeidh níos mó ná 15 iontu, ach tá eisceachtaí áirithe i gceist (féach thíos)
- ba cheart gur daoine aonair amháin a bheadh ag traenáil faoi dhíon agus níor chóir aon ranganna a bheith ar siúl
Gnóthaí agus Seirbhísí
- féadfaidh siopaí miondíolacháin agus ionaid siopadóireachta fanacht oscailte. Féadfaidh seirbhísí ar nós gruagairí, bearbóirí agus radharceolaithe fanacht oscailte ach cloí go docht le treoirlínte na hearnála maidir le bearta cosanta
- fanfaidh páirceanna spraoi, ionaid spraoi agus páirceanna atá faoin aer, oscailte
- fanfaidh ionaid aclaíochta/ionaid fóillíochta agus linnte snámha oscailte do dhaoine aonair amháin agus le bearta cosanta i bhfeidhm
- féadfaidh óstáin, tithe lóistín agus tithe leaba agus bricfeasta fanacht oscailte ar mhaithe le seirbhís a chur ar fáil dá gcuid aíonna féin amháin
- féadfaidh bialanna agus caiféanna (tithe tábhairne / pubanna a mbíonn bia ar fáil iontu / tithe óil, san áireamh) fanacht oscailte le haghaidh seirbhís bia le tabhairt leat, bia chuig an doras agus le haghaidh seirbhís bia taobh amuigh ach gan dul thar 15. Fanfaidh tithe óil Bhaile Átha Cliath dúnta
- cuirfidh leabharlanna ríomh-sheirbhís agus seirbhís ‘glaoigh agus bailigh’ ar fáil
- ba cheart go ndúnfadh gach músaem, gailearaí agus pictiúrlann agus aon ionaid chultúir atá faoi dhíon
- ar líne a bheidh fáil ar sheirbhísí reiligiúnacha, cé go bhféadfaidh ionaid adhartha fanacht oscailte le haghaidh urnaí phríobháideach amháin
Daoine os cionn 70 agus Daoine atá Leochaileach ó thaobh Sláinte
- moltar do dhaoine os cionn 70 agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh sláinte coinneáil orthu ag tabhairt a mbreithiúnas féin ar chúrsaí
- moltar dóibh fanacht ag baile a oiread agus is féidir, gan bualadh ach le líon an-bheag daoine ar feadh tréimhsí gearra agus an scaradh sóisialta a chleachtadh
- nuair a bhíonn siad i mbun aclaíochta faoin aer tá sé tábhachtach go bhfanfaidís dhá mhéadar ó dhaoine eile agus go nífidís a lámha ar fhilleadh abhaile dóibh.
- moltar gur le linn na n-uaireanta atá leagtha amach dóibh amháin a dhéanfaidís siopadóireacht, go gcaithfidís clúdach aghaidhe agus nach mbainfidís úsáid as córais iompair phoiblí
Tacaíochtaí Gnó
Tuigimid go gcuirfidh na srianta seo isteach go mór ar ghnóthaí agus ar chúrsaí fostaíochta ar fud na tíre. Chun aitheantas a thabhairt don tionchar a bheidh ag na srianta ar ghnóthaí déanfar breisiú 30% ar an Deontas Atosú mar chabhair dóibh siúd a gcuirfear as dóibh le linn na dtrí seachtaine.
Beidh gnóthaí a bhain tairbhe cheana féin as an Deontas Atosú i dteideal cur isteach ar an mbreisiú seo.
Tá sé seo sa bhreis ar an réimse leathan scéimeanna iasachta agus dearbháin atá ann cheana féin chun cuidiú le gnóthaí ar chuir COVID-19 isteach orthu agus atá á soláthar faoi Scéim Spreagtha Fostaíochta mhí Iúil agus faoi thionscnaimh eile de chuid an Rialtais.
Beidh fáil fós ar thacaíochtaí fostaíochta agus ioncaim lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime agus an Fóirdheontas Sealadach Pá, chomh maith leis na seirbhísí fostaíochta, oiliúna agus tacaíochta ar fad atá ann d’oibrithe ar cuireadh as dóibh. Braithfidh an costas deiridh ar líon na n-éilitheoirí breise.
Críoch
Nótaí
- féadfar leanúint ar aghaidh le bainiseacha ach amháin nach gceadófar níos mó ná 25 aoi ag seirbhís nó ag fáiltiú (beag beann ar an ionad). Ní bheidh cead freastal ar bhainis i gcontae eile. Má bhí socrú déanta ag lánúin cheana féin pósadh i gcontae taobh amuigh den chontae ina bhfuil cónaí orthu, beidh cead acu taisteal taobh amuigh dá gcontae ar mhaith le pósadh.
- ní fhéadfaidh níos mó ná 25 caointeoir freastal ar shochraid
- tá cosc ar chuairteanna chuig tithe altranais fadtéarmacha ach amháin nuair is cuairteanna riachtanacha iad a bhaineann le comhbhá.
- ní cheadófar ar an gcóras iompair phoiblí ach 50% den ghnáthuimhir
- féadfar traenáil neamhtheagmhála a dhéanamh faoin aer i ngrúpaí nach mbeidh níos mó ná 15 iontu, agus daoine ag cloí go docht leis na treoirlíne cosanta cuí. Déanfar eisceacht i gcás lúthchleasaithe gairimiúla nó scothspóirt, craobhchomórtais idirchontae agus craobhchomórtais sinsear na gclubanna.
- níor cheart go mbeadh aon chluichí ná imeachtaí eile spóirt ar siúl, ach amháin spóirt ghairmiúil, scothspóirt, craobhchomórtais idirchontae agus craobhchomórtais sinsear na gclubanna agus ba cheart iad seo a imirt gan aon lucht tacaíocht i láthair. Féadfaidh rásaíocht chapall leanúint ar aghaidh gan aon lucht tacaíochta a bheith i láthair.
- fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus casaíní dúnta
Taisteal ar mhaithe le hobair nó ar chúiseanna ríthábhachtacha
- taisteal chuig agus ón obair nó ar mhaithe le hobair, i gcás nach féidir an obair sin a dhéanamh ón mbaile
- freastal ar choinní leighis agus le cógais leighis agus táirgí eile leighis a bhailiú
- ar mhaithe le gnóthaí teaghlaigh a bheadh ríthábhachtach, ar nós aire a thabhairt do leanaí nó do dhaoine atá aosta nó leochaileach, ach ní ar mhaithe le cuairt shóisialta a thabhairt ar theaghlach
- ar mhaithe le feirmeoireacht, is é sin chun bia a tháirgeadh nó chun aire a thabhairt d’ainmhithe