Gabhann an Rialtas leithscéal le marthanóirí na drochúsáide institiúide

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gabhann an Rialtas leithscéal le marthanóirí na drochúsáide institiúide

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 25 Feabhra 2026
  • An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026

Ghabh an Taoiseach leithscéal le marthanóirí na drochúsáide institiúide inniu i nDáil Éireann thar ceann an Rialtais.

Tagann an leithscéal i ndiaidh na dtiomantas a tugadh an 10 Samhain anuraidh, nuair a bhuail an Taoiseach agus an tAire Oideachais le ceathrar marthanóirí a chuaigh ar stailc ocrais chun aird a tharraingt ar an méid a tharla dóibh mar pháistí.

I ndiaidh comhairliúchán leis an Ard-Aighne, cuireann an leithscéal inniu leis an leithscéal a gabhadh in 1999 le híospartaigh na drochúsáide institiúide.

Cuirtear san áireamh ann freisin codanna de leithscéal 2021 le marthanóirí na n-áras máithreacha agus leanaí a bhaineann le ceist na ndaoine a cuireadh ar lóistín.

Ar iarratas na marthanóirí, tugann an leithscéal soiléiriú chomh maith nach bhfuil taifead coiriúil ag aon duine díreach de bharr a gcurtha i scoil thionsclaíoch, nó i scoil cheartúcháin mar gheall ar aistriú ó scoil thionsclaíoch.

Ag labhairt dó sa Dáil inniu, dúirt an Taoiseach:

“I mí na Bealtaine 1999, thar ceann an Stáit agus na saoránach uile sa Stát, ghabh an Rialtas leithscéal ó chroí le híospartaigh na drochúsáide a tharla le linn na hóige as an teip chomhchoiteann chun idirghabháil a dhéanamh, a bpian a bhrath ná teacht i dtarrtháil orthu.

“Ó shin i leith, tá cur chuige cuimsitheach curtha ar bun againn chun déileáil le hiarmhairtí na drochúsáide roimhe seo, ar mhaithe le páistí a chosaint agus chun struchtúir agus cuntasacht a neartú do chosaint leanaí sa tír seo.

“Ach aithním go hiomlán go leanann na hiarmhairtí ar aghaidh dóibh siúd a d’fhulaing drochúsáid institiúide. Chuaigh scéalta pearsanta na marthanóirí ar bhuail mé leo i bhfeidhm orm, marthanóirí atá anseo i nDáil Éireann inniu, agus tá fíorbhrón orm as an dochar a fulaingíodh mar thoradh ar an drochúsáid a tharla in institiúidí stáit.

“Tuigim chomh maith gur fhulaing roinnt marthanóirí díobh siúd drochúsáid nuair a chuirtí iad ar lóistín ó scoileanna tionsclaíocha agus ceartúcháin. In 2021, mar chuid de leithscéal an Rialtais le marthanóirí na n-áras máithreacha agus naíonán, d’aithin mé freisin go ndearnadh dúshaothrú, faillí agus drochúsáid choscrach ar roinnt páistí a cuireadh ar lóistín sna teaghlaigh agus pobail inar cuireadh iad ina dhiaidh sin. Mar a dúirt mé ag an am, agus ba mhaith liom a rá arís inniu, beag beann ar an gconair ónar cuireadh na daoine aonair ar lóistín, bhí sé sin do-mhaite.

“Chuir mé fáilte roimh an deis inniu chomh maith chun soiléiriú a thabhairt ar an seasamh maidir le taifid choiriúla do dhaoine aonair a bhí i scoileanna tionsclaíocha agus ceartúcháin agus eiseofar ráiteas ar leith maidir leis an scéal sin inniu ag an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.”

Nótaí don Eagarthóir

  • I mí na Samhna, d’aontaigh grúpa marthanóirí go gcuirfidís deireadh lena n-agóid taobh amuigh de Theach Laighean i ndiaidh do chruinniú a bheith acu leis an Taoiseach agus leis an Aire Oideachais agus Óige a bhí ann ag an am.
  • Ceapadh eadránaí agus rinne an Taoiseach líon tiomantas chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid údair imní, lena n-áirítear an tiomantas do leithscéal a ghabháil leo.
  • Anuas ar an leithscéal, aontaíodh pacáiste tacaíochtaí breise do mharthanóirí na drochúsáide institiúide i ndiaidh phróiseas eadrána rathúil.
  • Cuireann siad sin le tacaíochtaí a ndearnadh foráil maidir leo cheana féin faoin Acht um Thacaí do Mharthanóirí Drochúsáide i bhForais Chónaithe, 2025 agus beidh tacaíochtaí san áireamh leis do chostais sláinte; oideachais; tithíochta agus sochraidí

Ceisteanna agus Freagraí maidir le Leithscéal le Marthanóirí na Drochúsáide Institiúide agus Tacaíochtaí dóibh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat