Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Rialtas Bonneagar a Luathú - Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 3 Nollaig 2025
  • An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2025

D’fhoilsigh an Rialtas inniu Bonneagar a Luathú - Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta chun cabhrú le seachadadh éifeachtach bonneagair ar fud na hÉireann a chur chun cinn.

Tugann an Plean Gníomhaíochta aghaidh ar an 12 bhacainn roimh fhorbairt bonneagair ar tarraingíodh aird orthu sa Tuarascáil ar Chomhairliúchán le Páirtithe Leasmhara agus ar Rannpháirtíocht le Téamaí atá ag Teacht Chun Cinn maidir le Bonneagar, a foilsíodh i mí Iúil.

Dearadh 30 beart faoi leith a bhfuil srian ama leo chun fáil réidh le bacainní. Léiriú is ea na gníomhartha seo ar chur chuige claochlaitheach i leith cuíchóiriú a dhéanamh ar phróisis forbartha agus amlínte seachadta a laghdú go suntasach.

Tugtar achoimre sa Tuarascáil seo ar cheithre cholún a mbaineann na gníomhartha athchóirithe seo leo:

  • Athchóiriú ar an Dlí;
  • Athchóiriú Rialála agus Simpliú;
  • Athchóiriú Comhordaithe agus Seachadta; agus
  • Glacadh an Phobail

Ag labhairt dó inniu, dúirt an Taoiseach Mícheál Máirtín:

“Baineann seoladh Phlean Gníomhaíochta an lae inniu le hinfheistíocht i mbonneagar nach bhfacthas riamh roimhe a thabhairt le chéile le gníomh agus seachadadh.

“Le fás ár ndaonra agus ár ngeilleagair, teastaíonn an fhreagairt seo uainn - treochlár cuimsitheach gníomhartha spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na príomhbhacainní roimh sheachadadh bonneagair tithíochta, fuinnimh, uisce, iompair phoiblí, agus bóithre.

“Tá níos mó i gceist leis seo ná plean, is conair phraiticiúil é chun seachadadh a fheabhsú, comhordú a neartú agus chun a cinntiú go seachadann gach aon euro d’infheistíocht phoiblí fíorthairbhí buana do phobail ar fud na tíre. Beidh ról againn ar fad i gcur chun cinn an athchóirithe seo más mian linn go n-éireoidh leis.”

Trí thacú le seachadadh an phríomhbhonneagair uisce, leictreachais, agus iompair, forbróidh an plean seo an bhunchloch do sheachadadh níos tráthúla tithíochta, fiontair agus forbartha sóisialta ar fud na tíre.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris:

“Baineann an plean seo le dlíthe ár dtíre a athchóiriú agus a chuíchóiriú, agus rialacháin throma a shimpliú ionas gur féidir linn seachadadh príomhthionscadal ar fud na tíre a chumasú agus a luathú.

“Bogfaimid go sciobtha maidir le hathchóirithe dlí agus pleanála. Déanfaimid cuíchóiriú ar chinnteoireacht. Cinnteoimid cuntasacht seachadta. Cuirfimid deireadh leis an gcás seo ina gcuirtear síormhoill ar thionscadail ríthábhachtacha náisiúnta nó ina mbíonn síorbhac rompu.

“Ní mar gheall ar easpa foighne a dhéanfaimid seo, ach de bharr freagrachta — mar tá costas ró-ard i gceist le heaspa gnímh, do theaghlaigh atá ag fanacht le tithe, do phobail ag fanacht le hiompar, do ghnólachtaí a bhraitheann ar bhonneagar nua-aimseartha chun poist a chruthú.”

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, Jack Chambers:

“Sa Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta seo leagtar amach fís mhisniúil maidir le seachadadh bonneagair a luathú, arb é an bonneagar sin atá mar bhonn le todhchaí na hÉireann.

“Ach fáil réidh le bacainní agus cuíchóiriú a dhéanamh ar chórais, táimid ag cruthú coinníollacha d’fhorbairt níos sciobtha agus níos éifeachtaí a thacaíonn le seachadadh tithíochta, fiontair agus dul chun cinn sóisialta.

“Ní hamháin go n-athróidh na bearta seo ó bhonn an chaoi a seachadtar tionscadail riachtanacha ach neartóidh siad na bunchlocha d’fhás inbhuanaithe agus rathúnas do na glúnta amach romhainn.”

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Marian Harkin:

“Beidh ról ríthábhachtach ag na spriocghníomhartha atá sa tuarascáil seo maidir le seachadadh an bhonneagair ar fud na hÉireann a luathú.

“Tá forbairt thráthúil agus éifeachtach bonneagair ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais ár ndaonra atá ag méadú, chun tacú le hiomaíocht eacnamaíoch, agus chun ár gcuid spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta a bhaint amach.”

Tarraingítear aird sa Tuarascáil agus sa Phlean Gníomhaíochta ar na próisis chasta agus idircheangailte ar gá do pháirtithe leasmhara dul i ngleic leo chun tionscadail bhonneagair a sheachadadh go rathúil.

Mar aitheantas ar an gcastacht seo, dearadh na bearta a leagtar amach sa phlean seo chun feidhmiú ar bhealach comhordaithe agus comhtháthaithe, ag cinntiú cur chuige cuíchóirithe agus éifeachtach i leith an tseachadta.

Dúirt an tAire Chambers freisin:

“Léirítear sa Phlean seo gealltanas soiléir agus comhaontaithe maidir le seachadadh bonneagair thar gach roinn, gníomhaireacht agus comhlacht leathstáit. Leagtar amach ann ní hamháin an méid is gá a bhaint amach ach bunaítear freisin an t-ionchas go ngníomhóidh an Rialtas seo go deimhneach chun é sin a chur i gcrích.

“Dearadh na bearta a ndéantar achoimre orthu chun bogadh ó uaillmhian go cur chun feidhme, lena chinntiú go dtagann fíorthorthaí do phobail agus don tír as an bhfís.”

Is féidir Bonneagar a Luathú - Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta a léamh anseo

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat