Comhráiteas - An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas an Tríochadú Cruinniú Iomlánach Teach Farmleigh, Baile Átha Cliath 17 Deireadh Fómhair 2025
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2025
AN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH THEAS AN TRÍOCHADÚ CRUINNIÚ IOMLÁNACH TEACH FARMLEIGH, BAILE ÁTHA CLIATH 17 DEIREADH FÓMHAIR 2025 COMHRÁITEAS
1. Tionóladh an tríochadú cruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath, an 17 Deireadh Fómhair 2025.
2. Ba é an Taoiseach, Micheál Ó Máirtín TD a bhí i gceannas ar Rialtas na hÉireann agus a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Ba iad an Chéad-Aire, Michelle O’Neill CTR agus an Leas-Chéad-Aire, Emma Little-Pengelly CTR a bhí i gceannas ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Tá liosta iomlán de chomhaltaí an dá thoscaireacht i gceangal leis seo mar Iarscríbhinn.
CÚRSAÍ GNÓ AGUS TRÁDÁLA
3. Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le forbairtí gnó agus trádála idirnáisiúnta agus intíre ó bhí an cruinniú iomlánach deireanach ann, lena n-áirítear na comhaontuithe trádála idir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe agus idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.
4. Thug na hAirí chun cuimhne go leanfaidh leis an dá Rialtas de bheith i dteagmháil lena chéile, i dtimpeallacht trádála idirnáisiúnta atá ag athrú i gcónaí, i ndáil le cúrsaí gnó agus trádála.
5. Thug an Chomhairle chun cuimhne freisin gur cheart go leanfaidh earnálacha CATT le breithniú a dhéanamh, nuair is cuí, ar an gcaoi is féidir le cuir chuige comhoibríocha arna gcomhaontú tacú le cur chun cinn an fháis eacnamaíocht.
6. Thug na hAirí dá n-aire go léirítear luach iomlán £12.4/€14.3 billiún leis na figiúirí comhcheangailte is déanaí maidir le trádáil earraí agus seirbhísí idir an dá dhlínse.
7. Chuir an Chomhairle fáilte roimh óstáil an 28ú Comhdháil Dhomhanda TCI, an 14-16 Deireadh Fómhair, ag InterTradeIreland, i gcomhpháirtíocht le Invest Northern Ireland agus Fiontraíocht Éireann.
PLEANÁIL ÉIGEANDÁLA AGUS ULLMHACHT ÉIGEANDÁLA
8. Chuir CATT fáilte roimh an gcomhoibriú rialta agus leanúnach idir oifigigh sa dá dhlínse maidir le teagmhais shibhialta, athléimneacht agus ullmhacht éigeandála agus d’aontaigh sí go gcuirfear feabhas ar an gcomhoibriú straitéiseach idir an Oifig Pleanála Éigeandála sa Roinn Cosanta agus an Rannán Teagmhas Sibhialta in Oifig an Fheidhmeannais.
9. Chuir na hAirí fáilte roimh an gcomhar atá á fhorbairt idir Stiúrthóireacht Náisiúnta na hÉireann um Bainistiú Dóiteáin agus Éigeandála agus Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear comhar infheistíochta agus comhoibriú i dtaobh saoráidí oiliúna agus acmhainneacht an dá sheirbhís.
10. Chuir an Chomhairle fáilte roimh an rannpháirtíocht leanúnach idir oibreoirí córais chun maoluithe agus tacaíochtaí a chomhordú i gcás éigeandálaí sa chóras cumhachta sa Mhargadh Leictreachais Aonair Leictreachais (SEM).
11. D’aontaigh CATT go bhfanfaidh an dá Rialtas i ndlúth-theagmháil le linn shéasúr stoirmeacha an gheimhridh a bheidh ag teacht go luath, i bhfianaise na dtionchar suntasach a bhí sna dá dhlínse le linn Stoirm Éowyn agus an tacaíocht a cuireadh ar fáil ar bhonn trasdlínse.
TUAIRISC AR DHUL CHUN CINN NA gCOMHRÚNAÍOCHTAÍ
12. Thug CATT dá haire go bhfuil rannpháirtíocht maidir le raon leathan réimsí beartais fós ar siúl ar fud réimsí uile comhair CATT agus go bhfuil cruinnithe CATT ar fud na n-earnálacha uile á socrú do thréimhse an fhómhair/an gheimhridh.
13. Thug an Chomhairle dá haire freisin gur phléigh na hAirí an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta ag na cruinnithe earnála iomchuí.
COMHAR BONNEAGAIR AGUS INFHEISTÍOCHTA
14. Thug CATT dá aire an cinneadh a rinne an Roinn Bonneagair achomharc a dhéanamh i dtaobh an bhreithiúnais i gcoinne Chonair Iompair an Iarthair, arb í an A5, agus thug sé dá aire go bhfuil sé beartaithe an t-achomharc a éisteacht i mí na Nollag 2025.
15. Thug na hAirí dá n-aire go leanann Uiscebhealaí Éireann le Céim 3 (Caisleán Saunderson go Cluain Fada) de thionscadal athchóirithe Chanáil Uladh a chur ar aghaidh agus go bhfuil an príomhthionscadal tógála maidir le Droichead Chaol Uisce ag leanúint ar aghaidh de réir an sceidil.
16. Thug CATT dá aire an comhoibriú leanúnach chun moltaí an Athbhreithnithe Straitéisigh Iarnróid Uile-Oileáin a chur chun cinn agus chuir sé fáilte roimh an méadú atá tagtha ar líon na bpaisinéirí mar gheall ar an tseirbhís a théann gach uair an chloig a bhfuiltear tar éis í a thabhairt isteach ar chonair Bhéal Feirste-Baile Átha Cliath.
17. Thug na hAirí dá n-aire an dul chun cinn atá déanta i dtaobh Thionscadal Leathnaithe Magee, Ollscoil Uladh, agus chuir siad fáilte roimh an iarratas pleanála foirmiúil ar bhloc teagaisc nua a thógáil a bheith curtha isteach.
18. Chuir an Chomhairle fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta chun cláir chomhoibríocha Taighde agus Nuálaíochta a chur ar fáil.
19. Chuir CATT fáilte roimh oscailt oifigiúil Ghlasbhealach Loch Cairlinn, thug sé dá aire an dul chun cinn i gCéim 3 do Ghlasbhealach Shligigh go hInis Ceithleann agus d’aithin sé an comhoibriú leanúnach trasteorann atá á dhéanamh i dtaobh tionscadail ghlasbhealaigh eile, lena n-áirítear Glasbhealach Chanáil Uladh.
20. Chuir na hAirí fáilte roimh an rannpháirtíocht páirtithe leasmhara shuntasach a rinne Rialtas na hÉireann chun cabhrú lena thiomantas do Chlár an Rialtais a chur chun cinn i dtaobh nascacht aeir a bhunú idir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chathair Dhoire sa chaoi is go bhfoilseofar Cleachtadh Sondála Margaidh i mbliana, agus roimh an idirghníomhaíocht leanúnach le contrapháirtithe i bhFeidhmeannas TÉ maidir leis an gcur chuige.
21. Chuir an Chomhairle fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chlár PEACEPLUS agus an plé leis na geallsealbhóirí iomchuí maidir le comharba ar chlár reatha PEACEPLUS.
AG DUL I nGLEIC LEIS AN bhFORÉIGEAN INSCNEBHUNAITHE / DEIREADH A CHUR LEIS AN bhFOIRÉIGEAN IN AGHAIDH NA mBAN AGUS CAILÍNÍ
22. Chomhaontaigh an Chomhairle, ag aithint di na hardleibhéil do-ghlactha d’Fhoréigean Inscnebhunaithe/Foréigean in aghaidh na mBan agus Cailíní, atá forleathan sa dá dhlínse, go bhfuil deis ann comhoibriú a dhéanamh i ndáil le tionscnaimh lena ndírítear ar chosaint, lena n-áirítear an chosaint leanaí i gcomhthéacs an fhoréigin inscnebhunaithe.
23. Chomhaontaigh na hAirí freisin go bhfuil deis ann obair chomhpháirteach a dhéanamh ar idirghabhálacha atá dírithe ar chosc trí thionscnaimh mhúscailte feasachta uile-oileáin.
24. D’aithin an Chomhairle gur fhadhb shuntasach í an gháinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú gnéasach sa dá dhlínse, ar fadhb í a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi freisin, agus chomhaontaigh sí go bhfuil deis ann don chomhar sa réimse sin.
SCEIDEAL CRUINNITHE SA TODHCHAÍ
25. Cheadaigh na hAirí sceideal táscach de chruinnithe earnála CATT sa todhchaí, cruinniú i bhformáid institiúideach agus an chéad Chruinniú Iomlánach eile in Earrach 2026.
IARSCRÍBHINN
CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH/THEAS 17 Deireadh Fómhair 2025
Feidhmeannas Thuaisceart Éireann |
Rialtas na hÉireann |
Michelle O’Neill CTR An Chéad-Aire |
Micheál Ó Máirtín TD An Taoiseach |
Emma Little-Pengelly CTR An Leas-Chéad-Aire |
Síomón Ó hEarchaí TD An Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; agus an tAire Cosanta |
An Dr Caoimhe Archibald CTR An tAire Geilleagair |
Seán Mac Ambróis TD An tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin |
Paul Givan CTR An tAire Oideachais |
Eiléana Nic an tSaoi TD An tAire Oideachais agus Óige |
Liz Kimmins CTR An tAire Bonneagair |
Norma Ní Fhoghlú TD An tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais |
Mike Nesbitt CTR An tAire Sláinte |
Peadar de Búrca TD An tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta |
Andrew Muir CTR An tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe |
Jennifer Ní Chearbhaill-Mhic Néill TD An tAire Sláinte |
Aisling Reilly CTR Aire Sóisearach, Oifig an Fheidhmeannais |
James Browne TD An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta |
Joanne Bunting CTR Aire Sóisearach, Oifig an Fheidhmeannais |
Jim O'Callaghan TD An tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce |
Máirtín Ó hÉideáin TD An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara |
|
Séamas Laighléis TD An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta |
|
Máire de Buitléir TD Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh |
|
Hildegarde Ní Neachtáin TD Aire Stáit ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais |