Labhair an Taoiseach Enda Kenny agus an Príomhaire May ar an nguthán

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Labhair an Taoiseach Enda Kenny agus an Príomhaire May ar an nguthán

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 12 Meitheamh 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Phléigh siad toradh olltoghchán na Breataine agus leag an Príomhaire amach an socrú soláthair agus muiníne atá beartaithe idir a páirtí agus an DUP. Chuir an Taoiseach in iúl an imní a bhí air faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus nach dtarlódh aon ní a chuirfeadh an Comhaontú i mbaol. Léirigh sé imní freisin faoin dúshlán a bhainfeadh leis an socrú.

Thug sé ar aird freisin nach raibh aon ghuth ag náisiúnaigh i Westminster i ndiaidh an toghcháin.

D'aontaigh an bheirt cheannairí go gcaithfí féachaint láithreach le feidhmeannas a bhunú i dTuaisceart Éireann a luaithe agus is féidir agus go mbeadh réamhphlé ar bun amárach le páirtithe Thuaisceart Éireann. Phléigh siad cruinniú atá le bheith idir an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann James Brokenshire amárach.

Maidir le hImeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, tugadh ar aird go raibh an idirbheartaíocht le bheith ar bun níos déanaí an mhí seo, mar a bhí beartaithe roimhe seo. Chuir an Taoiseach in iúl arís an imní a bhí air ó thaobh na hÉireann.

Thug an Taoiseach le fios gur cheart cruinniú a bheith luath go maith ag an bPríomhaire lena chomharba Leo Varadkar agus ghuigh sé gach rath uirthi amach anseo sna dúshláin atá roimpi.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat