English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leibhéal 4 de Phlean na hÉireann chun Maireachtáil le COVID-19 curtha i bhfeidhm sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Shocraigh an rialtas inniu go gcuirfear Leibhéal 4 den Phlean chun Maireachtáil le COVID-19 i bhfeidhm i gcontaetha an Chabháin, Dhún na nGall agus Mhuineacháin ó mheán oíche amárach (Déardaoin 15 Deireadh Fómhair).

Socraíodh an gníomh sin i bhfianaise athbhreithniú a rinneadh ar an gcomhairle reatha maidir leis an tsláinte phoiblí agus is freagra é ar chúrsaí atá ag dul in olcas sna contaetha sin maidir leis an víreas.

Fágfar an chuid eile den tír ag Item was unpublished or removed. Shocraigh an rialtas leibhéal na srianta a mhéadú go náisiúnta in áiteanna áirithe mar atá leagtha amach i Leibhéal 3 mar gheall go bhfuil an scéal ag dul in olcas leis an víreas timpeall na tíre:

  • ní cheadaítear cuairteoirí ag d’áras cónaithe féin nó do gharraí féin, seachas cuairt ar chuspóirí riachtanacha (ar chúiseanna teaghlaigh ar nós aire a thabhairt do ghasúir, do sheandaoine no do dhaoine leochaileacha, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí leo féin).
  • ceadaítear suas le 6 duine ar a mhéid ó 2 theaghlach teacht le chéile amuigh faoin aer in áit eile seachas san áras cónaithe/sa gharraí, chomh fada is go bhfuil scaradh sóisialta dian i bhfeidhm – aclaíocht agus itheachán faoin aeir san áireamh.
  • ní féidir cluichí Chraobhchomórtas na gClubanna gan lucht féachana i láthair a imirt a thuilleadh

Beidh Leibhéal 4 i bhfeidhm sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán go dtí an 10 Samhain agus déanfaidh an Rialtas cúrsaí a athbhreithniú ag an bpointe sin.

Bainfidh na himpleachtaí a leanas le duine ar bith atá ina gcónaí nó atá ag obair sna contaetha sin de bharr go mbeidh na contaetha á gcur go dtí Leibhéal 4:

  • níor cheart go reáchtálfaí aon teacht le chéile sóisialta/teaghlaigh seachas bainiseacha (le suas le 6 aoi) agus sochraidí (suas le 25 shochraideach). Ní cheadaítear cuairteoirí chuig tithe cónaithe agus gairdíní príobháideacha, seachas chun críocha riachtanacha. Tá cuairteanna chuig saoráidí Cúraim Cónaitheachta Fadtéarmacha curtha ar fionraí, seachas cuairteanna atá de dhíth i gcásanna géarghá agus comhbhá.
  • ba cheart do dhaoine fanacht ina gcontae féin seachas iadsan a chaithfidh taisteal a dhéanamh de bharr a gcuid oibre, a gcuid oideachais agus chun críocha riachtanacha eile.
  • níor cheart ach d’oibrithe riachtanacha amháin taisteal chun na hoibre.
  • níor cheart ach d’ionaid miondíolacháin bhunriachtanacha amháin agus gnólachtaí atá amuigh faoin aer den chuid is mó fanacht oscailte. Ba chóir do gach ionad miondíolacháin agus seirbhísí pearsanta eile dúnadh.

Féach an liosta seirbhísí bunriachtanacha anseo.

Item was unpublished or removed

  • leanfar le gníomhaíochtaí tógála.
  • fanfaidh déantúsaíocht ar oscailt más gá chun a chinntiú go mbeidh na slabhraí soláthair náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fad slán i gcomhair earraí bunriachtanacha
  • beidh scoileanna, saoráidí cúraim leanaí rialáilte agus ionaid feighlíochta leanaí oscailte leis na bearta cosanta cuí i bhfeidhm
  • soláthar ar líne den chuid is mó a chuirfear ar fáil i bhforais breisoideachais, i bhforais ardoideachais agus i bhforais oideachais do dhaoine fásta agus beidh na bearta cosanta cuí i bhfeidhm sa chás go gcaitear teacht i láthair san ionad féin.
  • ba chóir do dhaoine an córas iompair phoiblí a sheachaint agus cuirfear teorainn 25% i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine ar an gcóras iompair phoiblí. [Seirbhísí Iompair dhaltaí scoile gan athrú]
  • tithe ósta, caiféanna agus bialanna ag soláthar bia le breith leat nó a thugtar chuig an doras chugat agus sin amháin agus 15 duine ar a mhéid i láthair itheacháin faoin aer. Ní bheidh aon láthair itheacháin taobh istigh ar oscailt.
  • tithe ósta nach gcuirtear bia ar fáil iontu oscailte le táirgí le breith leat nó a thugtar chuig an doras chugat agus suíocháin taobh amuigh amháin, uasteorainn 15 duine. Ní bheidh aon seirbhís le fáil taobh istigh.
  • óstáin agus ionaid lóistín oscailte ach d'aíonna reatha amháin agus dóibh siúd a bhfuil cúis riachtanach le lóistín acu nach mbaineann le cúrsaí sóisialta ná turasóireachta.
  • giomnáisiamaí, ionaid fóillíochta, linnte snámha, iarsmalanna, dánlanna agus ionaid eile cultúir dúnta.
  • eagrófar seirbhísí eaglasta ar líne amháin. Beidh ionaid adhartha oscailte maidir le paidreoireacht phríobháideach.
  • ionaid spraoi faoin aer, réimsí spraoi agus páirceanna oscailte
  • is féidir traenáil neamhtheagmhála a reáchtáil ach í a eagrú i ngrúpaí suas le 15 duine faoin aer, faoi dhíon ní cheadaítear ach traenáil aonair amháin gan ranganna
  • ní eagrófar cluichí ná imeachtaí spóirt ar bith seachas i gcás na n-eisceachtaí teoranta – féach thíos
  • níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon ach is féidir teacht le chéile suas le 15 duine a eagrú faoin aer

Tacaíochtaí Gnó

Beidh tacaíochtaí ar fáil do gnólachtaí faoin Scéim Fóirdheontais Shrianta COVID (CRSS) nua a fógraíodh sa Bhuiséad an tseachtain seo.


Nótaí

Bainiseacha

Is féidir le bainiseacha atá socruithe don 16, 17, 18 Deireadh Fómhair leanúint ar aghaidh mar a bhí pleanáilte ar dtús le suas go dtí 25 aoi ar an méid. Ó Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair Is féidir le bainiseacha leanúint ar aghaidh le 6 aoi ar an méid ag an searmanas agus ag an mbainis (beag beann ar an ionad). Ní cheadófar d’aíonna bainise taisteal taobh amuigh den chontae chun freastal ar bhainis.

Féach an liosta seirbhísí bunriachtanacha anseo.

Item was unpublished or removed

Eisceachtaí ó thaobh cluichí/imeachtaí

Is féidir spóirt ghairmiúla/scothspórt/ idirchontae/rásaíocht chapall a reáchtáil gan aon lucht féachana i láthair.