Maoiniú €20m d’ospís nua i lár na tíre fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin
- Foilsithe: 6 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an Taoiseach, Micheál Martin, maoiniú caipitil €20m inniu do shainaonad nua um chúram maolaitheach d’othair chónaitheacha do lár na tíre.
Tá an t-aonad nua ina mbeidh 20 leaba, le forbairt ar shuíomh an Ospidéil Réigiúnaigh Lár Tíre, Tulach Mhór, agus leis an aonad sin sásaítear tiomantas Chlár an Rialtais ionas go mbeadh ospís ann le freastal ar gach réigiún sa tír.
Nuair atá an ospís curtha i gcrích, cuirfear rochtain riachtanach ar shainseirbhísí um chúram maolaitheach maidir le hothair chónaitheacha ar fáil d’othair agus dá dteaghlaigh ar fud Lár na Tíre.
Dúirt an Taoiseach agus é ag fógairt mhaoiniú caipitil €20m don tionscadal:
“Tá ríméad orm an sprioc shuntasach seo do chúram maolaitheach i lár na tíre a fhógairt.
Tá muid tiomanta i gClár an Rialtais d’ospís a fhorbairt chun rochtain riachtanach ar shainchúram maolaitheach d’othair chónaitheacha a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil tinneas a chiorraíonn saol duine acu agus a dteaghlaigh.
Tá mé ar an eolas faoin obair agus tiomantas ollmhór a chuir grúpaí deonacha ospíse agus comhghleacaithe san FSS ar fáil, agus a bhí ag obair gan stad gan staonadh leis an Aire Stephen Donnelly chun an tseirbhís a bhfuil géarghá léi a chur chun cinn le 15 bliana anuas, agus tá mé ar an eolas faoin maoiniú a cuireadh ar fáil go dtí seo.
Cuirtear fáilte ollmhór roimh mhaoiniú caipitil €20m sa bhreis lena gcuirfear forbairt na hospíse chun cinn sna blianta beaga amach romhainn.
Táthar ag súil le forbairt Ospís an Láir Tíre a bheith curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana 2025, agus le hOspís an Láir Tíre beidh Tulach Mhór mar mhol chun sainseirbhísí um chúram maolaitheach a chur ar fáil ar fud an Láir Tíre, lena n-áirítear seirbhísí cúraim lae, agus seirbhísí d’othair sheachtracha, d’othair chónaitheacha agus don phobal.
Beidh an fhorbairt nua comhshuite ar shuíomh a chuir an FSS ag an Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre ar fáil.
CRÍOCH